Historical Irish Corpus
1600 - 1926
Historical Dictionary of Irish
Search the corpus
Browse the Text Archive 1600-1926
Cúrsaidhe an tSaoghail
Title
Cúrsaidhe an tSaoghail
Author(s)
Taisdeal na Tíre,
Pen Name
Taisdeal na Tíre
Composition Date
1900
Publisher
An Claidheamh Soluis
Téacs
Comhad TEI
Gnáth-Théacs
Comhad ePub
Search Texts
Enter word/phrase
Search Type
Headword
Standardised
Exact match
Phrase
Word Type
All
Adjective
Noun
Preposition
Pronoun
Verb
Verbal Noun
Poetry/Prose
Both
Prose
Poetry
Set Dates
1600
1926
Cúrsaidhe an tSaoghail Éire Do bhí an feisire go bhfuil cúram cisde na bainríoghna air ag roinnt cuid de chostaidhe an chogaidh an tseacht- mhain so ghabh tharainn. Rinne sé óráid fhada agus do bhí sé ag cur airgid trí n-a chéile mar a bhíonn fear na méarachán ag imirt a chleas. Bud dhóigh leat gach aon nóimeat go raibh an sgéal socair aige. Dá mbeadh ort é leanamhaint do chaillfeá do mheabhair. B'é deireadh an sgéil gur chuir sé breis bheag ar an Income Tax réal sa ghalún ar uisge beathadh, tisdiún sa bpúnt ar tobac agus dhá phinginn ar gach aon phúnt té. Dún do bhéal a Phádruig is osgail do sparáinín. Ní thógfar aon leath-sgéal annso uait. Dtaobh rádh go dtugais saighdiúirí calma dhóibh caithfidh tú a dtuarasdal a dhíol 'na theannta sain. Pé aca 'bhfuil fonn rinnce ort nó nach bhfuil, caithfidh tú rud a thabhairt do'n phíobaire mar budh ghnáthach leat. Tá aon sólás amháin agat, ámh, go bhfaghair do leath ghlaine fuisgí ar dhá phinginne fós. Acht ní dócha gur ghábhadh dhuit aon uisge do chur ann. Tá mórán trácht le seachtmhain ar fud Conndae Corcaighe ar oifigeach do thuit i n-aice Ladysmith Ua Laoghaire do b'eadh a shloinneadh agus do mhair sé féin agus a athair roimhe i n-aice Sráid-a-Mhuilinn. Tighearna talmhan do b'eadh é agus fear an-shaidhbhir. Fá mar deir- tear fear maith do b'eadh é leis. Ua Conaill do b'eadh é ó n-a mháthair, inghin dearbhráthar do Dhomhnaill Ua Conaill a b'eadh í siúd. Bhí sé os cionn deich mbliadhna fichead 'san armáil. Bhí sé nach mór réidh leó nuair a thosnuigh an Cogadh acht ní raibh an t-ádh leis. Do marbhuigheadh oifigeac eile ó chathair Chorcaighe, Ua Dálaigh, ins an gcath chéadna. Ní'l aon amhras ná gur bh'é an Cogadh ceannuighthe ag a lán é. Tugadh cead a chos do Ó hÉigeartaigh an fear gur cuireadh dúnmharbhadh Uilliam Bird na leith. Tá fear eile darbh' ainm Ceadogán gabhtha mar gheall air, acht do réir deallraimh ní'l aon dearbhadh cruinn ar. Is greannmhar an sgéal é ó thúis go deireadh. Taisdeal na Tíre
19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services