Historical Irish Corpus
1600 - 1926

Cúrsaidhe an tSaoghail

Title
Cúrsaidhe an tSaoghail
Author(s)
Taisdeal na Tíre,
Pen Name
Taisdeal na Tíre
Composition Date
1900
Publisher
An Claidheamh Soluis

Search Texts

Poetry/Prose
1600 1926


Cúrsaidhe an tSaoghail



Éire



Do bhí an feisire go bhfuil cúram cisde na bainríoghna
air ag roinnt cuid de chostaidhe an chogaidh an tseacht-
mhain so ghabh tharainn. Rinne sé óráid fhada agus do bhí
sé ag cur airgid trí n-a chéile mar a bhíonn fear na
méarachán ag imirt a chleas. Bud dhóigh leat gach aon
nóimeat go raibh an sgéal socair aige. Dá mbeadh
ort é leanamhaint do chaillfeá do mheabhair. B'é
deireadh an sgéil gur chuir sé breis bheag ar an Income
Tax réal sa ghalún ar uisge beathadh, tisdiún sa bpúnt
ar tobac agus dhá phinginn ar gach aon phúnt té. Dún do
bhéal a Phádruig is osgail do sparáinín. Ní thógfar
aon leath-sgéal annso uait. Dtaobh rádh go dtugais
saighdiúirí calma dhóibh caithfidh tú a dtuarasdal a dhíol
'na theannta sain. Pé aca 'bhfuil fonn rinnce ort nó
nach bhfuil, caithfidh tú rud a thabhairt do'n phíobaire mar
budh ghnáthach leat. Tá aon sólás amháin agat, ámh, go
bhfaghair do leath ghlaine fuisgí ar dhá phinginne fós.
Acht ní dócha gur ghábhadh dhuit aon uisge do chur ann.



Tá mórán trácht le seachtmhain ar fud Conndae
Corcaighe ar oifigeach do thuit i n-aice Ladysmith
Ua Laoghaire do b'eadh a shloinneadh agus do mhair sé féin
agus a athair roimhe i n-aice Sráid-a-Mhuilinn. Tighearna
talmhan do b'eadh é agus fear an-shaidhbhir. Fá mar deir-
tear fear maith do b'eadh é leis. Ua Conaill do b'eadh
é ó n-a mháthair, inghin dearbhráthar do Dhomhnaill Ua
Conaill a b'eadh í siúd. Bhí sé os cionn deich mbliadhna
fichead 'san armáil. Bhí sé nach mór réidh leó nuair a
thosnuigh an Cogadh acht ní raibh an t-ádh leis. Do
marbhuigheadh oifigeac eile ó chathair Chorcaighe, Ua
Dálaigh, ins an gcath chéadna. Ní'l aon amhras ná gur
bh'é an Cogadh ceannuighthe ag a lán é.



Tugadh cead a chos do Ó hÉigeartaigh an fear gur
cuireadh dúnmharbhadh Uilliam Bird na leith. Tá fear
eile darbh' ainm Ceadogán gabhtha mar gheall air, acht
do réir deallraimh ní'l aon dearbhadh cruinn ar. Is
greannmhar an sgéal é ó thúis go deireadh.



Taisdeal na Tíre

19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Royal Irish Academy
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services