Historical Irish Corpus
1600 - 1926
Historical Dictionary of Irish
Search the corpus
Browse the Text Archive 1600-1926
Tuairisg ó'n Tuaisceart
Title
Tuairisg ó'n Tuaisceart
Author(s)
Cú Uladh,
Pen Name
Cú Uladh
Composition Date
1900
Publisher
An Claidheamh Soluis
Téacs
Comhad TEI
Gnáth-Théacs
Comhad ePub
Search Texts
Enter word/phrase
Search Type
Headword
Standardised
Exact match
Phrase
Word Type
All
Adjective
Noun
Preposition
Pronoun
Verb
Verbal Noun
Poetry/Prose
Both
Prose
Poetry
Set Dates
1600
1926
Tuairisg ó'n Tuaisceart Cuireadh craobh nuadh de 'n Chonnradh ar bun i mBéilfeirsde an tseachtmhain so chuaidh tharainn. Bhí ocht gcraobh i mBéilfeirsde cheana féin agus ba mhór an t-uchtach do bhí ag na daoinibh chuir ceann eile ar bun. Deirtear fós gur dóighthe go gcuirfear an bun craobh nó dhó eile sul thiocfas an Samhradh. Ní'l aon comhartha go bhfuil spiorad na nGaedheal ag dul ar gcúl in Árd-chathraigh Uladh. I sgoil Naoimh Muire atá an craobh nuadh úd suidhte agus ní'l áit níos oireamh- naighe i mBéalfeirsde mar atá an sgoil suidhte i gceart-lár na cathrach, díreach faoi Halla Naoimh Muire i aisdear dhá mhóiméint ó Bhothar Ríoghamhail. Atá súil agam go mbeidh saoghal fada, sonasach ag an ngein is deireannaighe do Chonnradh na Gaedhilge i mBéilfeirsde. Atá gluaiseacht tréan ag dul ar aghaidh inár measg fá dtaoibh de'n Ghaedhilg ins na sgoiltibh. Atá mórán daoine de gach uile chineál ag taobhughadh leis an nGaedhilg. Thugas ar an seachtmhain so chuaidh thart cúntas ar mar chuir tionól de lucht Cumainn Éireann Óige rún chomháirlí agus bhfeidhm fá dtaoibh de. Atá buidhne de'n Cumann Chatorliceach ag déanamh an oireid cheudna. Atá Cumann Poiliteach eile san gcathraigh ar a dtugtar Cumann Ceart na nDaoine" agus bhí dáil aca Dia Domhnaigh so chuaidh thart ag cur leis na rún-comhairlibh ceudna. Níor chualas iomrádh ar dhuine ar bith atá ag cur ina n-aghaidh, acht amadán amháin do sgríobh litir faoi bhréagh-ainm do'n Irish News agus atá lucht na Gaedhilge ag gabháil dó ó shoin agus geallaim duit go bhfuil sé ag fagháil súistear mhaith uatha. Chuir Comhairle Chonndae Dhúín-na-ngall nó rún- chomhairlí ceudna i bhfeidhm an lá fá dheireadh, agus bhíodar ar aon-intinn fá dtaoibh de. Ní adhbhar iongantais an méid so acht is iongantas liom-sa nár labhradar cheana ar an gceist so. Ní'l condae eile i nÉirinn a bhfuil níos mó d'fheidhm ann leis an múinteachas Gaedhilge oir atá beagnach trian an chondae ina labharthar Gae- dhilg de ghnáth. Atá súil agam nach mbeidh sé i bhfad
anois go mbeidh an Ghaedhilg dá múnadh in gach sgoil ins na dúithcibh úd. Atá cúis na Gaedhilge ag dul ar aghaidh go sár-mhaith san Iubhar i Sráid bhaile agus timcheall na dúithche sin. Is soiléir go bhfuil fir mhaithe den chineal cheart fá bhearna an dtuaiscirt agus ní'l ait ar bith i nÉirinn ina bhfuil a obair mhaith níos éigintighe agus níos tairbhighe. Atá an dúthaigh sin eidir Laigheanaibh agus Ultaibh agus is ionann Galldachas do ghach Coigeadh aca sin. Mar sin de atá go leor le déanamh ag Gaedhilgeoiribh na dúitche úd. Is cuma caidé 'n bealach tiontóchaidh siad a n-aighthe. Cú Uladh
19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services