Historical Irish Corpus
1600 - 1926

Tuairisg ó'n Tuaisceart

Title
Tuairisg ó'n Tuaisceart
Author(s)
Cú Uladh,
Pen Name
Cú Uladh
Composition Date
1900
Publisher
An Claidheamh Soluis

Search Texts

Poetry/Prose
1600 1926


Tuairisg ó'n Tuaisceart



Cuireadh craobh nuadh de 'n Chonnradh ar bun i
mBéilfeirsde an tseachtmhain so chuaidh tharainn. Bhí
ocht gcraobh i mBéilfeirsde cheana féin agus ba mhór
an t-uchtach do bhí ag na daoinibh chuir ceann eile ar
bun. Deirtear fós gur dóighthe go gcuirfear an bun
craobh nó dhó eile sul thiocfas an Samhradh. Ní'l aon
comhartha go bhfuil spiorad na nGaedheal ag dul ar
gcúl in Árd-chathraigh Uladh. I sgoil Naoimh Muire
atá an craobh nuadh úd suidhte agus ní'l áit níos oireamh-
naighe i mBéalfeirsde mar atá an sgoil suidhte i
gceart-lár na cathrach, díreach faoi Halla Naoimh
Muire i aisdear dhá mhóiméint ó Bhothar Ríoghamhail.
Atá súil agam go mbeidh saoghal fada, sonasach
ag an ngein is deireannaighe do Chonnradh na Gaedhilge
i mBéilfeirsde.



Atá gluaiseacht tréan ag dul ar aghaidh inár measg
fá dtaoibh de'n Ghaedhilg ins na sgoiltibh. Atá mórán
daoine de gach uile chineál ag taobhughadh leis an
nGaedhilg. Thugas ar an seachtmhain so chuaidh thart
cúntas ar mar chuir tionól de lucht Cumainn Éireann
Óige rún chomháirlí agus bhfeidhm fá dtaoibh de. Atá
buidhne de'n Cumann Chatorliceach ag déanamh an oireid
cheudna. Atá Cumann Poiliteach eile san gcathraigh
ar a dtugtar Cumann Ceart na nDaoine" agus bhí
dáil aca Dia Domhnaigh so chuaidh thart ag cur leis na
rún-comhairlibh ceudna. Níor chualas iomrádh ar dhuine
ar bith atá ag cur ina n-aghaidh, acht amadán amháin do
sgríobh litir faoi bhréagh-ainm do'n Irish News agus atá
lucht na Gaedhilge ag gabháil dó ó shoin agus geallaim
duit go bhfuil sé ag fagháil súistear mhaith uatha.



Chuir Comhairle Chonndae Dhúín-na-ngall nó rún-
chomhairlí ceudna i bhfeidhm an lá fá dheireadh, agus bhíodar
ar aon-intinn fá dtaoibh de. Ní adhbhar iongantais an
méid so acht is iongantas liom-sa nár labhradar cheana
ar an gceist so. Ní'l condae eile i nÉirinn a bhfuil
níos mó d'fheidhm ann leis an múinteachas Gaedhilge
oir atá beagnach trian an chondae ina labharthar Gae-
dhilg de ghnáth. Atá súil agam nach mbeidh sé i bhfad


L. 819


anois go mbeidh an Ghaedhilg dá múnadh in gach sgoil
ins na dúithcibh úd.



Atá cúis na Gaedhilge ag dul ar aghaidh go sár-mhaith
san Iubhar i Sráid bhaile agus timcheall na dúithche sin.
Is soiléir go bhfuil fir mhaithe den chineal cheart fá
bhearna an dtuaiscirt agus ní'l ait ar bith i nÉirinn ina
bhfuil a obair mhaith níos éigintighe agus níos tairbhighe.
Atá an dúthaigh sin eidir Laigheanaibh agus Ultaibh agus is
ionann Galldachas do ghach Coigeadh aca sin. Mar sin
de atá go leor le déanamh ag Gaedhilgeoiribh na dúitche
úd. Is cuma caidé 'n bealach tiontóchaidh siad a
n-aighthe.



Cú Uladh

19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Royal Irish Academy
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services