Historical Irish Corpus
1600 - 1926
Historical Dictionary of Irish
Search the corpus
Browse the Text Archive 1600-1926
Cúrsaidhe an tSaoghail
Title
Cúrsaidhe an tSaoghail
Author(s)
Conán Maol,
Pen Name
Conán Maol
Composition Date
1900
Publisher
An Claidheamh Soluis
Téacs
Comhad TEI
Gnáth-Théacs
Comhad ePub
Search Texts
Enter word/phrase
Search Type
Headword
Standardised
Exact match
Phrase
Word Type
All
Adjective
Noun
Preposition
Pronoun
Verb
Verbal Noun
Poetry/Prose
Both
Prose
Poetry
Set Dates
1600
1926
Cúrsaidhe an tSaoghail Tar Lear Bualadh buille trom ar Phól an tseachtmhain seo ghabh thart. Tógadh Cronghe fá dheireadh tar éis cómhraic le Roberts ar feadh deich lá. Ní raibh aige acht cheithre mhíle agus bhí páisdí agus mná imeasg an méid sin. Fuas- gladh an Fuíteach leis agus tá na Sasanaigh ag dul as a gcroiceann le h-atal agus áthas. Ní mheastar go bhfuil aon fhear eile ar domhan do sheasamhóchadh ina leithéid súd de pholl ifrinn chómh fada le Cronghe agus ní thuigim cad é fáth an eirghe i n-áirde mar gur bhuadhaigh trí fichid míle Sasanach ar cheithre mhíle Bórach. Deir na páipéir ghallda go raibh cum na habhann úd lobhtha le coirp damh agus capall agus ní gabhadh dhúinn puinn do sgríobhadh air má mhachtnuigheann an leightheóir go bhfuil teasbach an tsamhraidh ins an tír úd anois, go bhfuil na laethannta brothallach agus go raibh cioth sleagán buile ag pléasgadh gan stad ar gach duine agus ainmhidhe do bhí annsúd ar feadh deich lá. Rinne na Bóraigh claiseacha dhóibh féin chómh maith agus do b'fhéidir ist-oidhche, agus poill ins an talamh dá mnáibh agus dá bpáisdí acht níor bhféidir na h-ainmhidhthe bochta do chur i bhfolach agus bhí a rian air, ba dheacair troid agus maireachtain 'na measg. Mar sin féin do throid na Bóraigh, mar chuir Roberts áireamh chugainn gur chaill sé dá mhíle, trí chéad agus sé cinn déag. Ní bhfuair sé Cronghe iarainn gan duadh, gidh gur phléasg na sleagáin furmhór a chuid púdair agus piléar, do loisgeadar a chuid bídh agus 'na theannta sain d'eirigh an tuile ins an abhainn do líon sí na claiseacha agus bhí na fir ar feadh dhá lá go crománaibh ins an uisge; acht ní ghéillfeadh Cronghe agus bhí sgannradh ortha i Sasana go mbuaidhfeadh sé 'sa deireadh ar Roberts. Acht níor chás dó siúd agus gur Bóraigh iad sud aige is annamh do bhuadhann aon fhear amháin acu ar chúig Shasanach déag. Bhíodh muinighin níos feárr 'na sain ag na Sasanaigh asda féin uair agus ní gábhadh dhóibh an eagla do bheith ortha roimh an mBórach, ní fhuil ann acht fear agus ceapaim féin go mbiadh chúig Shasanach maith a dhóthain d'aon Bhórach amháin. Ní dóich le Riaghaltas Shasana go mbiadh mar táid siad ag cur cosduis mhóir orainn indiu agus tá trí fichid mhíle saigh- diúir 'gá seóladh ó Shasana an mhí seo. Beidh dhá chéad míle go leith acu thall agus ceaptar go mbeidh móirsheisear acu i gcoinnibh gach aon fheirmeoir annsain. Ba chóir
go ndéanfadh an méid sin an gnó acht is ar éigin do dhéanfaid má tá na Bóraigh eile chomh dán leis an ndream úd do bhi i dteannta Chronghe. Níor ghéillea- dar súd go raibh claiseacha na Sasanacha i ngearracht trí fichid slat dóibh. Deir na páipéir gur bhailigh Cronghe a oifigeacha timcheall air ar uair an trí ar maidin an deichmhadh lae agus bhí comhairle chogaidh acu i gclais agus na sleagáin bhuile ag búithridh agus ag pléasgadh os a gcionn. Bhí cúig cinn deag acu i gcoinnibh Chronghe agus triúir eile, agus do b'éigean do'n leomhan aontúghadh leó fá dheireadh. Dubhradar leis go raibh sé riachtanach air géilleadh ar son na bhfear mar na biadh aithid acu na mbeathaidh d'éis dhá lá eile catha. Do hárduigheadh an brat geal annsain agus do b'árd i liugh na saighdiúirí. Bhuail sé amach chum Roberts agus is é Roberts do bhí go hathasach agus go mórdhálach. Do chroth sé lámh le Cronghe, níor rug sé riamh fós ar a leithéid. Deir tuarasgóir páipéir ná biadh fhios agad le féachaint air go raibh buaidhirt aigne air. Ní fheacuighis a chroidhe a thuarasgóir. Fear gairid is eadh é, guailne leathana air agus ceann mór gruaig-chastach, feasóg fhada, malaidhe troma, agus radharc géar. Slán leat a Chronghe ní fheicfeam do leithéid go fóil arís. Tá dream ins an Fhrainc ag bailiughadh airgid chum claidhimh dorn-chúil óir do bhronnadh air. "Tá trí chéad míle lír i gcisde agam i bPáris do thabharfainn é ar fad ar Mhairiseal Néi anocht", arsa Bónapart Mór oidhche cheoigh, seachtnaigh, ag gluaiseacht dó abhaile ó'n Rúise, na Rúisínigh go bagarthach agus Mairiseal Néi ar deire i gcontabhairt. "Mo chreach," adeir Pól, "go bhfuil Cronghe an iarainn agus a thrí mhíle laoch fá chuibhreach ag Seághan is mór do theastóchaduis uaim." Deirthear go bhfuil Ioubert ins an Saor-Stát ag faire ar Roberts. D'fhág sé an Fuíteach tá coicthígheas ó shoin acht d'fhág sé dream beag ag tabhairt aire dhó agus do bhíodar ag troid le Buller ar feadh dhá lá dhéag. Is dócha go raibh deichneabhar aigesean i gcoinnibh gach duine acu agus fad do bhí cuid acu ag breith a ngunnaí móra leo agus a gcuid bídh, bhí a thuilleadh acu ag troid le Buller agus do chaith sé dá lá déag ag triall ó'n Tugéla go dtí an Fuíteach gidh ná raibh an fear bocht sain agus a shluagh ocrach acht naoi míle uaidh. Bhí cúig déag agus cheithre fichid ghunna mór ag Buller agus bhi sé ag réabadh gach cnocáin 'na thimcheall ó mhaidean go hoidhche. Chualamar gur chuir na Bóraigh ar gcúl é dhá uair agus gur chaill sé na céadtha fear, acht do b'éigean do dul ar aghaidh ar chuma éigin gidh go gcaillfeadh sé na mílte agus meastar gur chaill. Bhí na capaill go léir ithte ag sluagh an Fhuítigh agus ní raibh ag gach fear acu le mí acht leath phúnt mine 'sa ló. Bhí cheithre mhíle dhéag acu ann nuair do bhuadhaigh Ioubert ortha tá ceithre mí ó shoin agus do thiomáin isteach go Ladysmith iad mar a raibh siad go dtí so, an salachair, an ghorta, agus an bhreoiteacht, ag gabháil dóibh. Cailleadh a lán acu agus ní fhuil in san gcuid eile acht iarmhair ná beidh aon maitheas ionnta ar feadh leath-bhliadhna. Idir so agus súd do loit agus do mhill Ioubert suas le fiche míle fear annsúd agus ní shágfadh an Fuíteach agus a shluagh an áit úd go deo go ngéillfidís muna mbiadh gur bhris Roberts go déidheanach isteach ins an Saor-Stát fá dhéin na Trannsbhaala, agus do b'éigean do Ioubert triall 'na choinnibh. Do chuir sé an rith ar Buller trí huaire agus ní dócha go ndéanfadh an fear bocht iarracht eile muna mbiadh gur chualaidh sé go raibh na Bóraigh ag glanadh leó as a shlighe. Is beag an fonn do bhí air chum iad do leanamhaint. Bhí trí chípe ó Éirinn aige agus do chuir sé i dtosach iad mar ba ghnáthach agus deirtear nach bhfuil díobh ann anois as trí míle acht amháin chúig chéad. Is olc an cheárd saighdiúireacht. Deir daoine gur bhfearr bheith ag cur chlas sa bhaile nó ag baint iotharach. Bíonn an óige ar buile agus ní bhíonn ceann críonna ar ghualainn óig. Tá daoine gá rádh gur mithid síothcháin do dhéanamh. Bhiadh sé chomh maith acu a mbéal d'éisteacht. Fuil i n-ionad na síothchána atá uainn. Conán Maol
19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services