Historical Irish Corpus
1600 - 1926

Cúrsaidhe an tSaoghail

Title
Cúrsaidhe an tSaoghail
Author(s)
Conán Maol,
Pen Name
Conán Maol
Composition Date
1900
Publisher
An Claidheamh Soluis

Search Texts

Poetry/Prose
1600 1926


Cúrsaidhe an tSaoghail



Tar Lear



Bualadh buille trom ar Phól an tseachtmhain seo ghabh
thart. Tógadh Cronghe fá dheireadh tar éis cómhraic
le Roberts ar feadh deich lá. Ní raibh aige acht cheithre
mhíle agus bhí páisdí agus mná imeasg an méid sin. Fuas-
gladh an Fuíteach leis agus tá na Sasanaigh ag dul as
a gcroiceann le h-atal agus áthas. Ní mheastar go bhfuil
aon fhear eile ar domhan do sheasamhóchadh ina leithéid
súd de pholl ifrinn chómh fada le Cronghe agus ní thuigim
cad é fáth an eirghe i n-áirde mar gur bhuadhaigh trí
fichid míle Sasanach ar cheithre mhíle Bórach. Deir na
páipéir ghallda go raibh cum na habhann úd lobhtha le
coirp damh agus capall agus ní gabhadh dhúinn puinn do
sgríobhadh air má mhachtnuigheann an leightheóir go bhfuil
teasbach an tsamhraidh ins an tír úd anois, go bhfuil
na laethannta brothallach agus go raibh cioth sleagán buile
ag pléasgadh gan stad ar gach duine agus ainmhidhe do bhí
annsúd ar feadh deich lá. Rinne na Bóraigh claiseacha
dhóibh féin chómh maith agus do b'fhéidir ist-oidhche, agus poill
ins an talamh dá mnáibh agus dá bpáisdí acht níor bhféidir
na h-ainmhidhthe bochta do chur i bhfolach agus bhí a rian air,
ba dheacair troid agus maireachtain 'na measg. Mar
sin féin do throid na Bóraigh, mar chuir Roberts
áireamh chugainn gur chaill sé dá mhíle, trí chéad agus sé
cinn déag. Ní bhfuair sé Cronghe iarainn gan
duadh, gidh gur phléasg na sleagáin furmhór a chuid
púdair agus piléar, do loisgeadar a chuid bídh agus 'na
theannta sain d'eirigh an tuile ins an abhainn do líon
sí na claiseacha agus bhí na fir ar feadh dhá lá go
crománaibh ins an uisge; acht ní ghéillfeadh Cronghe agus
bhí sgannradh ortha i Sasana go mbuaidhfeadh sé 'sa
deireadh ar Roberts. Acht níor chás dó siúd agus gur
Bóraigh iad sud aige is annamh do bhuadhann aon fhear
amháin acu ar chúig Shasanach déag. Bhíodh muinighin
níos feárr 'na sain ag na Sasanaigh asda féin uair agus
ní gábhadh dhóibh an eagla do bheith ortha roimh an mBórach,
ní fhuil ann acht fear agus ceapaim féin go mbiadh chúig
Shasanach maith a dhóthain d'aon Bhórach amháin. Ní dóich
le Riaghaltas Shasana go mbiadh mar táid siad ag cur
cosduis mhóir orainn indiu agus tá trí fichid mhíle saigh-
diúir 'gá seóladh ó Shasana an mhí seo. Beidh dhá chéad
míle go leith acu thall agus ceaptar go mbeidh móirsheisear
acu i gcoinnibh gach aon fheirmeoir annsain. Ba chóir


L. 818


go ndéanfadh an méid sin an gnó acht is ar éigin do
dhéanfaid má tá na Bóraigh eile chomh dán leis an
ndream úd do bhi i dteannta Chronghe. Níor ghéillea-
dar súd go raibh claiseacha na Sasanacha i ngearracht
trí fichid slat dóibh. Deir na páipéir gur bhailigh
Cronghe a oifigeacha timcheall air ar uair an trí ar
maidin an deichmhadh lae agus bhí comhairle chogaidh acu i
gclais agus na sleagáin bhuile ag búithridh agus ag pléasgadh
os a gcionn. Bhí cúig cinn deag acu i gcoinnibh
Chronghe agus triúir eile, agus do b'éigean do'n leomhan
aontúghadh leó fá dheireadh. Dubhradar leis go raibh
sé riachtanach air géilleadh ar son na bhfear mar na
biadh aithid acu na mbeathaidh d'éis dhá lá eile catha.
Do hárduigheadh an brat geal annsain agus do b'árd
i liugh na saighdiúirí. Bhuail sé amach chum Roberts
agus is é Roberts do bhí go hathasach agus go mórdhálach. Do
chroth sé lámh le Cronghe, níor rug sé riamh fós ar a
leithéid. Deir tuarasgóir páipéir ná biadh fhios agad
le féachaint air go raibh buaidhirt aigne air. Ní
fheacuighis a chroidhe a thuarasgóir. Fear gairid is eadh é,
guailne leathana air agus ceann mór gruaig-chastach,
feasóg fhada, malaidhe troma, agus radharc géar. Slán
leat a Chronghe ní fheicfeam do leithéid go fóil arís.
Tá dream ins an Fhrainc ag bailiughadh airgid chum
claidhimh dorn-chúil óir do bhronnadh air. "Tá trí chéad
míle lír i gcisde agam i bPáris do thabharfainn é ar
fad ar Mhairiseal Néi anocht", arsa Bónapart Mór
oidhche cheoigh, seachtnaigh, ag gluaiseacht dó abhaile ó'n
Rúise, na Rúisínigh go bagarthach agus Mairiseal Néi ar
deire i gcontabhairt. "Mo chreach," adeir Pól, "go
bhfuil Cronghe an iarainn agus a thrí mhíle laoch fá chuibhreach
ag Seághan is mór do theastóchaduis uaim."



Deirthear go bhfuil Ioubert ins an Saor-Stát ag
faire ar Roberts. D'fhág sé an Fuíteach tá coicthígheas
ó shoin acht d'fhág sé dream beag ag tabhairt aire dhó
agus do bhíodar ag troid le Buller ar feadh dhá lá dhéag.
Is dócha go raibh deichneabhar aigesean i gcoinnibh gach
duine acu agus fad do bhí cuid acu ag breith a ngunnaí
móra leo agus a gcuid bídh, bhí a thuilleadh acu ag troid le
Buller agus do chaith sé dá lá déag ag triall ó'n Tugéla
go dtí an Fuíteach gidh ná raibh an fear bocht sain agus a
shluagh ocrach acht naoi míle uaidh. Bhí cúig déag agus
cheithre fichid ghunna mór ag Buller agus bhi sé ag réabadh
gach cnocáin 'na thimcheall ó mhaidean go hoidhche.
Chualamar gur chuir na Bóraigh ar gcúl é dhá uair agus
gur chaill sé na céadtha fear, acht do b'éigean do dul
ar aghaidh ar chuma éigin gidh go gcaillfeadh sé na
mílte agus meastar gur chaill. Bhí na capaill go léir
ithte ag sluagh an Fhuítigh agus ní raibh ag gach fear acu
le mí acht leath phúnt mine 'sa ló. Bhí cheithre mhíle dhéag
acu ann nuair do bhuadhaigh Ioubert ortha tá ceithre
mí ó shoin agus do thiomáin isteach go Ladysmith iad mar
a raibh siad go dtí so, an salachair, an ghorta, agus an
bhreoiteacht, ag gabháil dóibh. Cailleadh a lán acu agus ní
fhuil in san gcuid eile acht iarmhair ná beidh aon
maitheas ionnta ar feadh leath-bhliadhna. Idir so agus súd
do loit agus do mhill Ioubert suas le fiche míle fear
annsúd agus ní shágfadh an Fuíteach agus a shluagh an áit úd
go deo go ngéillfidís muna mbiadh gur bhris Roberts
go déidheanach isteach ins an Saor-Stát fá dhéin na
Trannsbhaala, agus do b'éigean do Ioubert triall 'na
choinnibh. Do chuir sé an rith ar Buller trí huaire agus ní
dócha go ndéanfadh an fear bocht iarracht eile muna
mbiadh gur chualaidh sé go raibh na Bóraigh ag glanadh
leó as a shlighe. Is beag an fonn do bhí air chum iad
do leanamhaint. Bhí trí chípe ó Éirinn aige agus do chuir
sé i dtosach iad mar ba ghnáthach agus deirtear nach bhfuil
díobh ann anois as trí míle acht amháin chúig chéad. Is
olc an cheárd saighdiúireacht. Deir daoine gur bhfearr
bheith ag cur chlas sa bhaile nó ag baint iotharach. Bíonn
an óige ar buile agus ní bhíonn ceann críonna ar ghualainn
óig. Tá daoine gá rádh gur mithid síothcháin do dhéanamh.
Bhiadh sé chomh maith acu a mbéal d'éisteacht. Fuil i
n-ionad na síothchána atá uainn.



Conán Maol

19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Royal Irish Academy
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services