Historical Irish Corpus
1600 - 1926
Historical Dictionary of Irish
Search the corpus
Browse the Text Archive 1600-1926
Cúrsaidhe an tSaoghail
Title
Cúrsaidhe an tSaoghail
Author(s)
Taisdeal na Tíre,
Pen Name
Taisdeal na Tíre
Composition Date
1900
Publisher
An Claidheamh Soluis
Téacs
Comhad TEI
Gnáth-Théacs
Comhad ePub
Search Texts
Enter word/phrase
Search Type
Headword
Standardised
Exact match
Phrase
Word Type
All
Adjective
Noun
Preposition
Pronoun
Verb
Verbal Noun
Poetry/Prose
Both
Prose
Poetry
Set Dates
1600
1926
Cúrsaidhe an tSaoghail Éire Toghadh Seaghan Ua Domhnaill mar feisire do roinnt theas Chonndae Muigh Eó an tseachtmhain so ghabh tharainn. Bhí Captaon MacGiolla Bhrighde ag cur isteach do leis, fear atá ag troid fá bhratach glas na h-Éireann ins an Aifric theas. Fuair Ua Domhnaill cúig guthanna i n-aghaidh gach aon ghotha do fuair seisean. Do thuit rud an-thubaisteach amach i gConndae an Chláir an tseachtmhain so ghabh tharainn. Do chuir fear darab ainm Tomás Frost deireadh lena bheatha le crochadh. Dubhairt a mhuinntir gur mhothuigheadar na raibh sé ro- chruinn ann féin le tamall. Cómhairlidhe Chunntaetheach do b'eadh é agus do réir a thuairisg fear galánta macanta. Is mór an truagh a leitheid seo do mhí-fhortúin a chasasdh 'na threo, acht go bhfóiridh Dia orainn bíonn an tionóisg ann. Do rinneadh dún mharbhadh uathbhásach i mBeanntraighe i nÍarthar Chonndae Chorcaighe, tá roinnt laetheanna ó shoin. Bhí fear darbh ainm Uilliam Bird ag glacadh cíos istigh 'an oifig timcheall a dó dho chlog nuair a lámhadh é. Fuair sé piléar sa chroidhe agus ceann eile 'na cheann. Bhí na Connstáblaí go bruideamhail ag rith ó áit go h-áit ag iarraidh breith ar an bhfeallaire, acht níor éirigh leó ar feadh cúpla lá. Fa dheireadh do ghabhadar fear darab ainm Ó hÉigeartaigh acht ní'l aon dearbhadh cruinn aca chum cur 'na leith. Is éachdach an obair a rádh go bhfuil sé i gcumas duine bualadh isteach i lár bhaile mhóir, i lár a' lae, agus fear a mharbhadh agus slán beó d'fhághail ag Connstablaí is uile annsain. A mhuinntir na h-Éireann na n-árann, ná bídh a' smúráil ins an doircheacht. Ní'l acht aon bhealach amháin go saoirseachd agus níor bhuaileamar an chosán san fós. Tá cuid againn ag tabhairt aghaidh air, acht tá an furmhór ag tabhairt cúil air agus dá bhrígh sin támaoid a' tríall go mall. Ná cuireadh sin ceann-fé ná brón oraibh, cosg ná stad libh, acht tarraingidh bhúr gClaidheamh agus leanaidh an solus. Taisdeal na Tíre
19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services