Historical Irish Corpus
1600 - 1926

Cúrsaidhe an tSaoghail

Title
Cúrsaidhe an tSaoghail
Author(s)
Taisdeal na Tíre,
Pen Name
Taisdeal na Tíre
Composition Date
1900
Publisher
An Claidheamh Soluis

Search Texts

Poetry/Prose
1600 1926


Cúrsaidhe an tSaoghail



Éire



Toghadh Seaghan Ua Domhnaill mar feisire do roinnt
theas Chonndae Muigh Eó an tseachtmhain so ghabh
tharainn. Bhí Captaon MacGiolla Bhrighde ag cur
isteach do leis, fear atá ag troid fá bhratach glas na
h-Éireann ins an Aifric theas. Fuair Ua Domhnaill
cúig guthanna i n-aghaidh gach aon ghotha do fuair
seisean.



Do thuit rud an-thubaisteach amach i gConndae an Chláir
an tseachtmhain so ghabh tharainn. Do chuir fear darab
ainm Tomás Frost deireadh lena bheatha le crochadh.
Dubhairt a mhuinntir gur mhothuigheadar na raibh sé ro-
chruinn ann féin le tamall. Cómhairlidhe Chunntaetheach
do b'eadh é agus do réir a thuairisg fear galánta macanta.
Is mór an truagh a leitheid seo do mhí-fhortúin a chasasdh
'na threo, acht go bhfóiridh Dia orainn bíonn an
tionóisg ann.



Do rinneadh dún mharbhadh uathbhásach i mBeanntraighe
i nÍarthar Chonndae Chorcaighe, tá roinnt laetheanna ó
shoin. Bhí fear darbh ainm Uilliam Bird ag glacadh
cíos istigh 'an oifig timcheall a dó dho chlog nuair a
lámhadh é. Fuair sé piléar sa chroidhe agus ceann eile
'na cheann. Bhí na Connstáblaí go bruideamhail ag rith
ó áit go h-áit ag iarraidh breith ar an bhfeallaire, acht
níor éirigh leó ar feadh cúpla lá. Fa dheireadh do
ghabhadar fear darab ainm Ó hÉigeartaigh acht ní'l aon
dearbhadh cruinn aca chum cur 'na leith. Is éachdach an
obair a rádh go bhfuil sé i gcumas duine bualadh isteach
i lár bhaile mhóir, i lár a' lae, agus fear a mharbhadh agus slán
beó d'fhághail ag Connstablaí is uile annsain.



A mhuinntir na h-Éireann na n-árann, ná bídh a'
smúráil ins an doircheacht. Ní'l acht aon bhealach amháin
go saoirseachd agus níor bhuaileamar an chosán san fós.
Tá cuid againn ag tabhairt aghaidh air, acht tá an furmhór
ag tabhairt cúil air agus dá bhrígh sin támaoid a' tríall go
mall. Ná cuireadh sin ceann-fé ná brón oraibh, cosg
ná stad libh, acht tarraingidh bhúr gClaidheamh agus leanaidh
an solus.



Taisdeal na Tíre

19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Royal Irish Academy
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services