Historical Irish Corpus
1600 - 1926
Historical Dictionary of Irish
Search the corpus
Browse the Text Archive 1600-1926
Cúrsaidhe an tSaoghail
Title
Cúrsaidhe an tSaoghail
Author(s)
Conán Maol,
Pen Name
Conán Maol
Composition Date
1900
Publisher
An Claidheamh Soluis
Téacs
Comhad TEI
Gnáth-Théacs
Comhad ePub
Search Texts
Enter word/phrase
Search Type
Headword
Standardised
Exact match
Phrase
Word Type
All
Adjective
Noun
Preposition
Pronoun
Verb
Verbal Noun
Poetry/Prose
Both
Prose
Poetry
Set Dates
1600
1926
Cúrsaidhe an tSaoghail Tar Lear Do b'iad an dá cheist is mionca do chuireadh daoine ar a chéile i ndeire na seachtmhaine seo ghabh thart, "An bhfuil greim ar Chronghe agus an bhfuil an Fúiteach fuas- gailte?" Bhí an freagarthóir chómh dall leis an gceisteóir. Níor b'iongnadh go gcuirfídhe an cheist úd i dtaobh Chronghe mar ní dócha go bhfuil aon fhear eile ar druim an domhain indiu acht é siúd do thabharfadh cath do Roberts ar feadh sé lá na seachtmhaine agus gan aige acht chúig mhíle fear i gcoinnibh trí fichid míle. Ní h-eól domhsa go háirighthe i stáir an domhain aon ghníomh is iongantaighe agus is éachtaighe ná é siúd. Dubhart an lá eile go bhfuil Cronghe chómh dán le tarbh acht ba cheart dom a rádh go bhfuil sé níos dána go mór 'ná leómhan. Bhí Roberts, Citsiner, an Frínseach, MacDómhnaill, agus an sluagh ba mhó do chuir Seághan riamh ar páirc an bhualadh ag gabháil dó agus do sheasaimh sé 'na gcoinnibh agus gan aige acht chúig mhíle laoch. Bhí sé 'na shuidhe ag Magersfontein ag faire ar Mhetuen na gaoithe nuair do tháinig trí fichid míle fear anoir, aniar agus andeas air. Nuair do chonnairc sé ag teacht agus ag bailiughadh timcheall an chnocáin úd iad, na ndrongaibh, na ndreamaibh na gcipibh, bhí fhios aige go dian mhaith ná'r bh'féidir dó cath do thabhairt dóibh ar chnocán gan braon uisge air, agus do ghléas sé a chuid damh, do bhuail sé a chuid bídh, agus arm i dtrucailibh do leig sé thairis roinn d'airm mhór Roberts agus do bhuail sé suas cois na habhann Modder sul ar tháinig an roinn eile 'na threó. Bhí na daimh go mall mar is gnáthach le daimh agus is geárr go bhfacathas Cronghe agus a chuid earraidhe míle ar faid ar an machaire. Annsan do bhí an liúgh agus an tóir, shíleadar go raibh Cronghe an iarrainn acu gan mhoill acht ní fhuil sé acu fós d'éis an áir. Do bhailigheadar nós sgamal dorcha, ar a chúl agus do dhruid- eadar leis go sanntach agus go muiníghneach acht do sgaip Cronghe iad fá mar do sgaipeann an ghaoth an cháth lá Márta. I ndeireadh an lae bhí na daimh tuirseach agus do sguir sé iad, tháinig an námhaid arís go bagarthach ag caitheamh piléar leis, dhruid sé fá na ndéin, do sgaoil ortha agus do theicheadar, acht amháin an méid do bhí ar lár, mar is annamh do chaitheann an Bórach piléar gan fear do shíneadh. Do thiomáin na tiománaidhthe leo na dáimh an dara lá go mall, bhí dream Bórach 'gá gcosaint ar feadh an lae agus Cronghe ar a gceann, agus gidh gur thug na Sasanaigh fobha feargach fútha go minic níor éirigh leo. Fá dheireadh do shuidh Cronghe é féin ag lúib do'n abhainn Modder mar bhí na sgamail ar a chúl chómh dorcha agus chómh tiugh go raibh fhios aige go rabhthas chuige. Bhris na sgamail ós a chionn Dia Domhnaigh agus bhí an t-éirleach ann ar feadh an lae bheannuighthe. Bhí an buadh le Cronghe an iarrainn, bhí trí fichid oifigeach síos, MacDomhnaill an troda gonta go géar 'na measg, agus ní fhuil fhios againn fós an iomdha saighdiúir do thuit. Ní raibh Cronghe sgartha leó fós mar do tháinig Roberts agus an t-arm go léir agus do sgaoileadar air le céad gunna mór. Ní fhuil aon tuairisg uatha ó'n t-ochtmhadh lá déag. Deirthear go bhfuil Citsiner gonta. D'iarr Cronghe cáirde laé air chum a mhairbh do chur acht d'eitigh Citsiner é, agus molann páipéir Shasana é 'na thaobh sain. Is minic do thug Cronghe agus Ioubert an cáirde céadna so do na Sasanachaibh ar feadh na gceithre mí do ghabh tharainn agus is gnás é aimsir cogaidh ar fuaid an domhain. Cuimhneochaidh an léightheóir ar gníomh Chitsiner ag Ombudsman i gcoinnibh na nDerbhiseach. "Tabharfad chúig nóimití dhuit chum ghéilleadh," ar seisean le Cronghe. "Ní ghéillfead go bráth duit," ars an leómhan d'éis bheith ag gabháil dó le sleagáin buile do bhrisfeadh failleacha an chnoic. Ní bhfuil ag Cronghe acht seacht ngunna mór agus tá fhios ag Roberts go maith nách bhfuil aon tairbhe ionnta súd i gcomórtas le n-a ghunnaí féin. Ní fhuil puinn scátha ag Cronghe leis, mar tá sé suidhte ar an dtalamh réidh agus ní raibh aimsir aige ar chlaiseacha do rómhar do féin acht air ghainimh na habhann do bhailiughadh 'na cárnánaibh, agus sgaipeann na sleagáin bhuile iadso arís. Deir Roberts 'na thuairisg gur bhuail sé timcheall ar Chronghe acht go raibh faitchíos air fobha thabhairt fá na Bórachaibh toisg go gcaillfeadh sé na céadtha fear. Sin í an t-admháil go soiléir, léigh dhuit féin í ins an bpáipéar ghallda agus chífir go bhfuil sgannradh ar thrí mhíle feirmeoir. Ní fhuil acu annsain acht iad do mheilt le sleagáin ná facathas riamh fós a leithéid agus is é iongnadh an tsaoghail cionnus
is féidir le h-aon ainmhidhe maireachtain fá'n anfadh teinntreach úd. Deir na páipéir gur cosmhail lub na habhann úd le lasair ifrinn agus Cronghe agus a Bhóracha le deamhain i lár na teine. Ar uairibh bid ar a mbolgaibh nuair do bheidheas an mór phléasga ró dhian agus arís ar a nglúnaibh ag sgaoileadh le gunnaí geárra ar ghunnóirí na sleagán. Nach aithiseach an gnó é adéarfair dá fhear déag i gcoinnibh aon fhir amháin. Seadh agus beith- fear ag maoidheamh as má bhuaidhtear ar Chronghe. Acht cá bhfuil Ioubert buadhthach? Deirtear go bhfuil sé ag gluaiseacht ló agus oidhche chum congnamh Chronghe agus dream beag le n-a chois. Brostuigh a Ioubert gidh gur gais- gidheach Cronghe ní fhuil ann acht fear. D'fhág sé dream beag 'na dhiaidh ag tabhairt aire do'n Fhuíteach agus tá Buller le seachtmhain ag iarraidh iad do dhruidim as a shlighe acht tá eagla air theacht ró-chomhgarach dóibh. Fear iongantach is eadh é chum sleagán do stealladh dhá mhíle ó bhaile ortha. Is é guidhe gach duine go n-imtheochaidh siad as a shlíghe, agus léigean do féin agus do'n Fuiteach bhocht lámh do chrothadh le chéile. Is suarach nách bhfuil na capaill agus na muilí críochnuighthe ag an bhFuiteach mbocht agus tá deichneabhar dá chuid saighdiúirí ag fagháil bháis gach lá. Mar sin féin tá dhá chéad míle fear ullamh chum troda leis an bhfiche míle úd Phóil. An seanduine dán beidh a thír againn dá aindeoin gidh go gcaillfimís na mílte fear agus go mbiadh na fiolair foal ag stolladh a gcorp cú an fhásaigh ag ól na fola agus an madra uile agu cogaint na gcnámh. Cad é ár leigheas air, caithfidh Pádruig ó Éireann agus Aindreas ó Albain síoda do chur ar mhnáibh Lunduin. Conán Maol
19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services