Historical Irish Corpus
1600 - 1926

Cúrsaidhe an tSaoghail

Title
Cúrsaidhe an tSaoghail
Author(s)
Conán Maol,
Pen Name
Conán Maol
Composition Date
1900
Publisher
An Claidheamh Soluis

Search Texts

Poetry/Prose
1600 1926


Cúrsaidhe an tSaoghail



Tar Lear



Do b'iad an dá cheist is mionca do chuireadh daoine
ar a chéile i ndeire na seachtmhaine seo ghabh thart, "An
bhfuil greim ar Chronghe agus an bhfuil an Fúiteach fuas-
gailte?" Bhí an freagarthóir chómh dall leis an
gceisteóir. Níor b'iongnadh go gcuirfídhe an cheist
úd i dtaobh Chronghe mar ní dócha go bhfuil aon fhear
eile ar druim an domhain indiu acht é siúd do thabharfadh
cath do Roberts ar feadh sé lá na seachtmhaine agus gan
aige acht chúig mhíle fear i gcoinnibh trí fichid míle.
Ní h-eól domhsa go háirighthe i stáir an domhain aon
ghníomh is iongantaighe agus is éachtaighe ná é siúd. Dubhart
an lá eile go bhfuil Cronghe chómh dán le tarbh acht ba
cheart dom a rádh go bhfuil sé níos dána go mór
'ná leómhan. Bhí Roberts, Citsiner, an Frínseach,
MacDómhnaill, agus an sluagh ba mhó do chuir Seághan riamh ar
páirc an bhualadh ag gabháil dó agus do sheasaimh sé 'na
gcoinnibh agus gan aige acht chúig mhíle laoch. Bhí sé 'na
shuidhe ag Magersfontein ag faire ar Mhetuen na
gaoithe nuair do tháinig trí fichid míle fear anoir,
aniar agus andeas air. Nuair do chonnairc sé ag teacht
agus ag bailiughadh timcheall an chnocáin úd iad, na
ndrongaibh, na ndreamaibh na gcipibh, bhí fhios aige go
dian mhaith ná'r bh'féidir dó cath do thabhairt dóibh ar
chnocán gan braon uisge air, agus do ghléas sé a chuid
damh, do bhuail sé a chuid bídh, agus arm i dtrucailibh do
leig sé thairis roinn d'airm mhór Roberts agus do bhuail
sé suas cois na habhann Modder sul ar tháinig an roinn
eile 'na threó. Bhí na daimh go mall mar is gnáthach le
daimh agus is geárr go bhfacathas Cronghe agus a chuid earraidhe
míle ar faid ar an machaire. Annsan do bhí an liúgh agus
an tóir, shíleadar go raibh Cronghe an iarrainn acu
gan mhoill acht ní fhuil sé acu fós d'éis an áir. Do
bhailigheadar nós sgamal dorcha, ar a chúl agus do dhruid-
eadar leis go sanntach agus go muiníghneach acht do sgaip
Cronghe iad fá mar do sgaipeann an ghaoth an cháth lá
Márta. I ndeireadh an lae bhí na daimh tuirseach agus do
sguir sé iad, tháinig an námhaid arís go bagarthach ag
caitheamh piléar leis, dhruid sé fá na ndéin, do sgaoil
ortha agus do theicheadar, acht amháin an méid do bhí ar
lár, mar is annamh do chaitheann an Bórach piléar gan
fear do shíneadh. Do thiomáin na tiománaidhthe leo na
dáimh an dara lá go mall, bhí dream Bórach 'gá gcosaint
ar feadh an lae agus Cronghe ar a gceann, agus gidh gur thug
na Sasanaigh fobha feargach fútha go minic níor éirigh
leo. Fá dheireadh do shuidh Cronghe é féin ag lúib do'n
abhainn Modder mar bhí na sgamail ar a chúl chómh
dorcha agus chómh tiugh go raibh fhios aige go rabhthas chuige.
Bhris na sgamail ós a chionn Dia Domhnaigh agus bhí an
t-éirleach ann ar feadh an lae bheannuighthe. Bhí an buadh
le Cronghe an iarrainn, bhí trí fichid oifigeach síos,
MacDomhnaill an troda gonta go géar 'na measg, agus
ní fhuil fhios againn fós an iomdha saighdiúir do thuit.
Ní raibh Cronghe sgartha leó fós mar do tháinig Roberts
agus an t-arm go léir agus do sgaoileadar air le céad
gunna mór. Ní fhuil aon tuairisg uatha ó'n t-ochtmhadh
lá déag. Deirthear go bhfuil Citsiner gonta. D'iarr
Cronghe cáirde laé air chum a mhairbh do chur acht d'eitigh
Citsiner é, agus molann páipéir Shasana é 'na thaobh sain.
Is minic do thug Cronghe agus Ioubert an cáirde céadna
so do na Sasanachaibh ar feadh na gceithre mí do ghabh
tharainn agus is gnás é aimsir cogaidh ar fuaid an domhain.
Cuimhneochaidh an léightheóir ar gníomh Chitsiner ag
Ombudsman i gcoinnibh na nDerbhiseach. "Tabharfad
chúig nóimití dhuit chum ghéilleadh," ar seisean le
Cronghe. "Ní ghéillfead go bráth duit," ars an leómhan
d'éis bheith ag gabháil dó le sleagáin buile do bhrisfeadh
failleacha an chnoic. Ní bhfuil ag Cronghe acht seacht
ngunna mór agus tá fhios ag Roberts go maith nách bhfuil
aon tairbhe ionnta súd i gcomórtas le n-a ghunnaí
féin. Ní fhuil puinn scátha ag Cronghe leis, mar tá
sé suidhte ar an dtalamh réidh agus ní raibh aimsir aige
ar chlaiseacha do rómhar do féin acht air ghainimh na
habhann do bhailiughadh 'na cárnánaibh, agus sgaipeann na
sleagáin bhuile iadso arís. Deir Roberts 'na thuairisg
gur bhuail sé timcheall ar Chronghe acht go raibh faitchíos
air fobha thabhairt fá na Bórachaibh toisg go gcaillfeadh
sé na céadtha fear. Sin í an t-admháil go soiléir,
léigh dhuit féin í ins an bpáipéar ghallda agus chífir go
bhfuil sgannradh ar thrí mhíle feirmeoir. Ní fhuil acu
annsain acht iad do mheilt le sleagáin ná facathas
riamh fós a leithéid agus is é iongnadh an tsaoghail cionnus


L. 802


is féidir le h-aon ainmhidhe maireachtain fá'n anfadh
teinntreach úd. Deir na páipéir gur cosmhail lub na
habhann úd le lasair ifrinn agus Cronghe agus a Bhóracha le
deamhain i lár na teine. Ar uairibh bid ar a mbolgaibh
nuair do bheidheas an mór phléasga ró dhian agus arís ar a
nglúnaibh ag sgaoileadh le gunnaí geárra ar ghunnóirí
na sleagán. Nach aithiseach an gnó é adéarfair dá
fhear déag i gcoinnibh aon fhir amháin. Seadh agus beith-
fear ag maoidheamh as má bhuaidhtear ar Chronghe. Acht
cá bhfuil Ioubert buadhthach? Deirtear go bhfuil sé ag
gluaiseacht ló agus oidhche chum congnamh Chronghe agus dream
beag le n-a chois. Brostuigh a Ioubert gidh gur gais-
gidheach Cronghe ní fhuil ann acht fear. D'fhág sé
dream beag 'na dhiaidh ag tabhairt aire do'n Fhuíteach agus
tá Buller le seachtmhain ag iarraidh iad do dhruidim
as a shlighe acht tá eagla air theacht ró-chomhgarach dóibh.
Fear iongantach is eadh é chum sleagán do stealladh
dhá mhíle ó bhaile ortha. Is é guidhe gach duine go
n-imtheochaidh siad as a shlíghe, agus léigean do féin agus do'n
Fuiteach bhocht lámh do chrothadh le chéile. Is suarach nách
bhfuil na capaill agus na muilí críochnuighthe ag an
bhFuiteach mbocht agus tá deichneabhar dá chuid saighdiúirí
ag fagháil bháis gach lá. Mar sin féin tá dhá chéad míle
fear ullamh chum troda leis an bhfiche míle úd Phóil.
An seanduine dán beidh a thír againn dá aindeoin gidh
go gcaillfimís na mílte fear agus go mbiadh na fiolair
foal ag stolladh a gcorp cú an fhásaigh ag ól na fola
agus an madra uile agu cogaint na gcnámh. Cad é ár
leigheas air, caithfidh Pádruig ó Éireann agus Aindreas ó
Albain síoda do chur ar mhnáibh Lunduin.



Conán Maol

19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Royal Irish Academy
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services