Historical Irish Corpus
1600 - 1926
Historical Dictionary of Irish
Search the corpus
Browse the Text Archive 1600-1926
Tuairisg ó'n Tuaisceart
Title
Tuairisg ó'n Tuaisceart
Author(s)
Cú Uladh,
Pen Name
Cú Uladh
Composition Date
1900
Publisher
An Claidheamh Soluis
Téacs
Comhad TEI
Gnáth-Théacs
Comhad ePub
Search Texts
Enter word/phrase
Search Type
Headword
Standardised
Exact match
Phrase
Word Type
All
Adjective
Noun
Preposition
Pronoun
Verb
Verbal Noun
Poetry/Prose
Both
Prose
Poetry
Set Dates
1600
1926
Tuairisg ó'n Tuaisceart Ní'l aon amhras nach bhfuil cúis na Gaedhilge ag dul ar aghaidh amhail loisgthe fraoich, agus ní'l áit i nÉirinn a bhfuil níos mó teas innti ná 'san gcathraigh seo Bhéil- feirsde. Ní hé amhain go bhfuil Connradh na Gaedhilge go láidir 'nar measg acht atá mórán daoine taobh amuich de'n Chonnradh chuireas suim 'san teanga agus atá ullamh chum cabhra do tabhairt ina slighe féin chum na teangan do coimhéad slán. Bhí cruinniughadh mór bailighthe an oidhche fá dheireadh ag Cumann na hÉireann Óige mar a raibh Peadar Mag Fhionnlaoigh ag tabhairt comhráidh nó leictiúir uaidh 'san halla Náisiúnta i sráid Berry. Bhí breis ar mhíle duine i láthair agus chuireadar rún-chomhairlí i bhféidhm ar aon-toil ag iarraidh múinteachais Gaedhilge ins na sgoltaibh. Ní ar Ghaedhilg do bhí an leichtiúir go sonn- radhach acht ar sean-stáir na hÉireann acht dubhairt an cainteóir ag críochnúghadh a chomhráidh gur ceart dúinn ar dteanga dhíleas do choimhéad beó, óir gur bh'í an teanga an comhcheangal amháin is fearr dhúinn leis an tsean-aimsir.
D'éirigh fear éigin agus dubhairt gur mhaith leis an Ghaedhilg do coimhéad beo mar comhartha cuimhne ó'n tsean-aimsir, acht gur b'fhearr leis féin gan am na bpáisdeadh do chaitheadh léi, óir gur riachtanach dhóibh ealadhna ní b'úsaidighe d'fhoghlaim i n-aghaidh a sligheadh beatha do shaothrughadh. Dubhairt sé fós gur mór tair- bheach an teanga an Sacs-Bhéarla agus go raibh sé i ndán dó bheith in a theanga iomlán ar fud an domhain go fóill. Níor thaitin an comhradh úd leis an tionól ar chor ar bith agus is ina dhiaidh sin chuireadar an rún-chomhairlí úd i bhfheidhm. Chuir uachdarán an tionóla Ioseph Ó Duibhlinn leis na rún-chomhairlithibh go bríoghmhar agus dubhairt go raibh súil aige go mbéadh ranga Gaedhilge ar bun san halla sin nach mbéadh *tánaise do rang ar bith san gcathraigh sul a mbéadh an bhliadhain so caithte. Dubhairt sé fós go raibh súil aige go mbainfeadh feisirí aontuighthe na hÉireann fuaim agus fóthram as teach na feise i Lúnduin le n-a ngnothaibh go mbéarfadaois ar Bhord an Mhúinteachais aontughadh leis an Ghaedhilg bheith ar a múnadh ins na sgoltaibh príomhamhla. Rud eile fós dubhairt sé go raibh sé anois is arís ag labhairt ar chruinnighthibh do Chumann na nGaodhal n' Aontuighthe thríd an tí agus da mba fhéidir leis é gur Gaedhilg do laibheoradh sé de ghnáth i n-áit ar bith ina labharthar Gaedhilg acht de bhrígh nár b'fhéidir leis féin an Ghaedhilg do labhairt go dtiubhradh sé cead agus meisneach agus brosdughadh do dhaoinibh eile an Ghaedhilg do labhairt uair ar bith a mbeadh sé ina chumas. Ag so mar chuireas an Irish News leis an rud céadna. Adeir an páipéar so: - "Ní le Connradh na Gaedhilge cúram teangan na Gaedhilge go léir, is í oighreacht sleachta Gaedhil í, agus is uasal an oighreacht í. Is aoibhinn dár ndaoinibh gan chúis na teangan do ghlacadh agus láimh roimh an am so acht ba náire míle uair ní ba mhó é, má ghníd faillighe ar an tráth oireamhnach so le n-a cur d'fhiachaibh ar mhuintir an Chaisleáin an ceart do dhéanamh i dtaobh de. Nach é Éamonn Spenser adubhairt: "más Gaedhealach an teanga, ní fúláir do'n chroidhe bheith Ghaedhealach mar an gcéadna?" Nach mian le muintir na hÉireann go léir go bhfásfaidh a bpáisdí suas le croidhthibh Gaedhleacha? Nach ndéanfaid iarracht go mbéidh liaigh-chomhairle Éamoinn Spenser i gcumas an chuid is mó dá n'aos óg?... Is éiginteach go ndéan- faid an puiblidheacht níos mó ná deagh-rúin bheith aca leis an teanga ar an láthair so. Caithfidh siad a thabhairt fa ndeara do lucht stiúrtha ar mhuinteachais go bhfuil deagh-rún aca leis agus go bhfuilid ar tí leigheas d'fhaghail. Go nuige so bhí troid na teangan go léir ag lucht Connartha na Gaedhilge le déanamh. Ní mar sin di feasda. Ceist náisiúnta ceist na teangan. Agus ní'l aon amhras nach mbéarfar buaidh amhail do rinneadh i mBreatain san Ungair agus i dtíorthaibh eile. Ca n-uair a dhéantar iarracht le muinntir Thíre Eoghain do bhogadh i dtaobh de'n Ghaedhilg? Is fadálach atá dúthaigh athardhach Aodha Uí Néill ag teacht dár gcabhair. Atá Gaedhilgeoirí Bhéilfeirsde ag caitheadh súile sann- taighe tar an dúthaigh sin le fada. Adubhairt mar an gcéádna an t-Athair Toirrdhealbhach Ua Cuinn as Camloch go ndéanfaidhe iarracht le craobha do chur ar bun i dTír Eoghain 'san ngeimhreadh so. Ca n-uair a déan- tar iarracht ar an obair só? Ní gnáthach do dhúthaigh Aodha Uí Néill bheith deireannach i n-obair Náisiúntach. An bhfuil an sean-spiorad múchta sa deireadh? Cú Uladh
19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services