Historical Irish Corpus
1600 - 1926

Tuairisg ó'n Tuaisceart

Title
Tuairisg ó'n Tuaisceart
Author(s)
Cú Uladh,
Pen Name
Cú Uladh
Composition Date
1900
Publisher
An Claidheamh Soluis

Search Texts

Poetry/Prose
1600 1926


Tuairisg ó'n Tuaisceart



Ní'l aon amhras nach bhfuil cúis na Gaedhilge ag dul
ar aghaidh amhail loisgthe fraoich, agus ní'l áit i nÉirinn
a bhfuil níos mó teas innti ná 'san gcathraigh seo Bhéil-
feirsde. Ní hé amhain go bhfuil Connradh na Gaedhilge
go láidir 'nar measg acht atá mórán daoine taobh
amuich de'n Chonnradh chuireas suim 'san teanga agus
atá ullamh chum cabhra do tabhairt ina slighe féin chum
na teangan do coimhéad slán.



Bhí cruinniughadh mór bailighthe an oidhche fá dheireadh
ag Cumann na hÉireann Óige mar a raibh Peadar Mag
Fhionnlaoigh ag tabhairt comhráidh nó leictiúir uaidh 'san
halla Náisiúnta i sráid Berry. Bhí breis ar mhíle
duine i láthair agus chuireadar rún-chomhairlí i bhféidhm
ar aon-toil ag iarraidh múinteachais Gaedhilge ins na
sgoltaibh. Ní ar Ghaedhilg do bhí an leichtiúir go sonn-
radhach acht ar sean-stáir na hÉireann acht dubhairt an
cainteóir ag críochnúghadh a chomhráidh gur ceart dúinn
ar dteanga dhíleas do choimhéad beó, óir gur bh'í an
teanga an comhcheangal amháin is fearr dhúinn leis an
tsean-aimsir.


L. 787


D'éirigh fear éigin agus dubhairt gur mhaith leis an
Ghaedhilg do coimhéad beo mar comhartha cuimhne ó'n
tsean-aimsir, acht gur b'fhearr leis féin gan am na
bpáisdeadh do chaitheadh léi, óir gur riachtanach dhóibh
ealadhna ní b'úsaidighe d'fhoghlaim i n-aghaidh a sligheadh
beatha do shaothrughadh. Dubhairt sé fós gur mór tair-
bheach an teanga an Sacs-Bhéarla agus go raibh sé
i ndán dó bheith in a theanga iomlán ar fud an domhain
go fóill.



Níor thaitin an comhradh úd leis an tionól ar chor ar
bith agus is ina dhiaidh sin chuireadar an rún-chomhairlí
úd i bhfheidhm. Chuir uachdarán an tionóla Ioseph
Ó Duibhlinn leis na rún-chomhairlithibh go bríoghmhar agus
dubhairt go raibh súil aige go mbéadh ranga Gaedhilge
ar bun san halla sin nach mbéadh *tánaise do rang ar
bith san gcathraigh sul a mbéadh an bhliadhain so caithte.
Dubhairt sé fós go raibh súil aige go mbainfeadh feisirí
aontuighthe na hÉireann fuaim agus fóthram as teach
na feise i Lúnduin le n-a ngnothaibh go mbéarfadaois ar
Bhord an Mhúinteachais aontughadh leis an Ghaedhilg bheith
ar a múnadh ins na sgoltaibh príomhamhla.



Rud eile fós dubhairt sé go raibh sé anois is arís ag
labhairt ar chruinnighthibh do Chumann na nGaodhal n'
Aontuighthe thríd an tí agus da mba fhéidir leis é gur
Gaedhilg do laibheoradh sé de ghnáth i n-áit ar bith ina
labharthar Gaedhilg acht de bhrígh nár b'fhéidir leis féin
an Ghaedhilg do labhairt go dtiubhradh sé cead agus
meisneach agus brosdughadh do dhaoinibh eile an Ghaedhilg
do labhairt uair ar bith a mbeadh sé ina chumas.



Ag so mar chuireas an Irish News leis an rud
céadna. Adeir an páipéar so: - "Ní le Connradh
na Gaedhilge cúram teangan na Gaedhilge go léir, is
í oighreacht sleachta Gaedhil í, agus is uasal an oighreacht
í. Is aoibhinn dár ndaoinibh gan chúis na teangan do
ghlacadh agus láimh roimh an am so acht ba náire míle uair
ní ba mhó é, má ghníd faillighe ar an tráth oireamhnach so
le n-a cur d'fhiachaibh ar mhuintir an Chaisleáin an ceart
do dhéanamh i dtaobh de. Nach é Éamonn Spenser
adubhairt: "más Gaedhealach an teanga, ní fúláir do'n
chroidhe bheith Ghaedhealach mar an gcéadna?" Nach mian
le muintir na hÉireann go léir go bhfásfaidh a bpáisdí
suas le croidhthibh Gaedhleacha? Nach ndéanfaid iarracht
go mbéidh liaigh-chomhairle Éamoinn Spenser i gcumas an
chuid is mó dá n'aos óg?... Is éiginteach go ndéan-
faid an puiblidheacht níos mó ná deagh-rúin bheith aca
leis an teanga ar an láthair so. Caithfidh siad a
thabhairt fa ndeara do lucht stiúrtha ar mhuinteachais go
bhfuil deagh-rún aca leis agus go bhfuilid ar tí leigheas
d'fhaghail. Go nuige so bhí troid na teangan go léir
ag lucht Connartha na Gaedhilge le déanamh. Ní mar
sin di feasda. Ceist náisiúnta ceist na teangan.
Agus ní'l aon amhras nach mbéarfar buaidh amhail do
rinneadh i mBreatain san Ungair agus i dtíorthaibh eile.



Ca n-uair a dhéantar iarracht le muinntir Thíre Eoghain
do bhogadh i dtaobh de'n Ghaedhilg? Is fadálach atá
dúthaigh athardhach Aodha Uí Néill ag teacht dár gcabhair.
Atá Gaedhilgeoirí Bhéilfeirsde ag caitheadh súile sann-
taighe tar an dúthaigh sin le fada. Adubhairt mar an
gcéádna an t-Athair Toirrdhealbhach Ua Cuinn as Camloch
go ndéanfaidhe iarracht le craobha do chur ar bun i
dTír Eoghain 'san ngeimhreadh so. Ca n-uair a déan-
tar iarracht ar an obair só? Ní gnáthach do dhúthaigh
Aodha Uí Néill bheith deireannach i n-obair Náisiúntach.
An bhfuil an sean-spiorad múchta sa deireadh?



Cú Uladh

19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Royal Irish Academy
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services