Historical Irish Corpus
1600 - 1926
Historical Dictionary of Irish
Search the corpus
Browse the Text Archive 1600-1926
Tar Lear
Title
Tar Lear
Author(s)
Conán Maol,
Pen Name
Conán Maol
Composition Date
1900
Publisher
An Claidheamh Soluis
Téacs
Comhad TEI
Gnáth-Théacs
Comhad ePub
Search Texts
Enter word/phrase
Search Type
Headword
Standardised
Exact match
Phrase
Word Type
All
Adjective
Noun
Preposition
Pronoun
Verb
Verbal Noun
Poetry/Prose
Both
Prose
Poetry
Set Dates
1600
1926
Tar Lear Deir na páipéir gur fhuasgail Roberts muintir Chimberlí i ndeireadh na seachtmhaine seo ghabh thart. Tá suas le trí fichid míle fear aige, níor ghabh sé fá dhéin Mhagersfontein mar a raibh Cronghe agus ní raibh cath eatortha fós. Ghabh sé tarsna na habhann fiche míle dia thuas de Chronghe agus rinne iarracht ar an mBórach nglic sin do thimcheallughadh agus do chur i nasg acht ní raibh sé 'na chumas. Tá na machairí réidhe ann- súd agus níor bhféidir le Cronghe cath do thabhairt uaidh in a leithéid sin d'áit mar nách raibh aige acht deich míle fear. Dá réir sin dhruid sé leis agus ní fios cá bhfuil sé. Ní rug Roberts ar fhear 'ná ar ghunna mór, mar dá mbéarfadh bhiadh an sgéal againn go tapaidh, mar chuir- thear abhaile gach aon sgéal maith gan mhoill agus cuireann na páipéir thall maol air le héithreach. Tá éirghe 'náirde ar mhuintir Sheághain an aimsir seo i dtaobh fuasgladh Chimberlí acht is feárr an fhóidhne. Ceapaim ná'r thug Cronghe a chúl ar Roberts gan fáth, ní duine de'n tsaghas sain Cronghe i n-aon chor, tá sé chómh dán le tarbh, agus bain an chluas díom go dtabharfaidh sé cath do Roberts fá cheann beagáin aimsire; acht bíodh foidhne againn tá an bheirt úd ag imirt chluiche, tá an tír
fairsing agus atá Bóraigh ag Colesburg agus ag Rensburg i bhfad siar ó'n áit go bhfuil Roberts, agus má tá Cronghe 'na measg bainfidh sé geit as Roberts. Is maith an dá chearrbhach iad acht tá an bhuntáiste ag Roberts mar tá ceathrar fear aige i n-aghaidh gach Bórach. Bhí bruighean ghéar gharg acu ag Rensburg an tseachtmhain do ghabh thart agus briseadh ar na Sasanaigh. Deir tuairisg gur chailleadar dhá mhíle fear acht ní fhuil fios deimhneach againn as sin mar tá Seághan mall chum droch-sgéil do chur chúgainn. Is maith leis misneach i n-ionad buaidhe- artha do chur orainn. Ní theasduigheann droch-sgéal uainn agus tá cathúghadh orainn ná'r mhairbh Roberts Cronghe agus a shluaighte sul ar fuasgladh Cimberlí. Ba chóir do a rádh gur mhairbh sé cuid acu go háirighthe, acht i n-ionad sain deir sé gur mharbhuigheadar fo-cheann d'á shluagh. Tá suas le dhá chéad míle fear ag Seághan annsúd anois acht tá an tír úd leathan agus ní bhfuilid i n-éinfheacht agus ní mhothóchaidhe céad nó míle as an méid sin gidh gur ionmhain le gach duine a anam féin. Is cuma le muintir Lúnduin acht amháin go mbeidh an buaidh leo-so do mhairfidh. Bhí buidhean ag Rensburg go tháinig tar sáile i gcéin ó Thalamh an Óir agus deir an sgéal gur thuit gach aon aithid acu annsúd. Bhí an ruagadh chómh dian go mb'éigean do na Sasanaigh cuid d'á ngunnaibh móra do phléasgadh agus do lot sul a mbeidís i seilbh na mBórach. Is truagh gan beagán de'n fhírinne againn. Deir na Sasanaigh nách raibh ionnta féin acht cheithre mhíle agus go raibh na Bóraigh níos líonmhara 'ná iad, mar dh'eadh. Tá Buller go suaimhneasach ó shoin. Lean Ioubert é go Páirc an Fhíor-uisge mar a raibh longphort aige agus do chrom sé air ann, acht do ghread Buller leis as an áit sin. D'fhan dá fhichead marcach 'na dhiaidh ag féachaint timcheall ortha, d'éaluigh na Bóraigh 'na dtreó agus mhilleadar iad acht amháin deichneabhar. Is daor an gnó an cogadh só. Ní thug Buller aon tuairisg dúinn fós an iomdha fear do chaill sé ag Crans Cop. Rug sé ar chúigear nó seisear Bórach d'fhan ar an gcnocán úd ag cómhrac go raibh greim ag na saighdiúirí ortha. Bhí aosánach 'na measg agus seanduine cheithre fichid bliadhan. Dubhairt an seanóir dán leó go mbiadh sé chómh maith acu a suaimhneas do ghlacadh mar nách bhfuil sé 'na gcumas an Fuíteach d'fhuasgladh go bráth. Cá 'na thaobh gur fhan na Bóraigh ar an gcnocán go raibh na saighdiúirí timcheall ortha? Á! féach ar an mullóig úd ceathramhadh mhíle uait. Tá gunna ann - sin é an fáth gur fhanadar - sas-ghunna go nglaoidhtear Bhicers-Macsim air do steallann cioth piléar gach iarracht. Is mór leis na Bóraigh an saghas gunna úd agus tá na gunnóirí 'gá tharraing ar gcúl. Sgaoil na saighdiúirí ortha i n-am agus do b'éigean an gunna do thréigean. Brostuighidh a shaigh- diúirí! beidh an gunna agaibh gan amhras. Acht féach an dá chapall úd ag cos-in-áirde aniar an log, fear ar a gceann agus greim ar an gceannraigh aige. Teich a dhuine! an bhfuilir ar buile? Do chonnairc na saighdiúirí é. Sgaoileadar air láithreach. Níor choisg sin é. Phléasg deich sleagáin i n-éinfheacht ós a chionn agus timcheall air, bhris sé thríd an ndeatach agus an lasair é féin agus na capaill. Do shroich sé an gunna, ta anam aingil ann, chás na capaill, ghléas sé iad i lár an mhór-phléasgadh agus amach leó do nós na gaoithe leis an ngunna agus eisean ar a gceann. Mo ghreann croidhe é, cia'r bh'é? Is é Bhilgheóin do bhí ann. Do'bh'é an bheart ba ghaisgeamhla d'ar chualas riamh é. Deir na Sasanaigh féin go cangearach gurab é siúd an chleas ba mhisneamhla d'á bhfacadar riamh. Níor b'annsa leo an fear so mar deirthear gur chuir sé stiallacha ar cheathramhaibh Sasanach le h-iallacha chroicinn tairbh ag Pretória anuraidh. Tá an Fuíteach bocht agus a shluaighte ag ithe a gcuid capall agus is milis leo iad acht tá súil ag na Sasanaigh go mbeidh sé riachtanach ar Ioubert dul chum cabhartha Chronghe agus go bhfuighfidh an Fuíteach fóirithin ar an gcuma sain. Is gránna agus is olc an sgéal é ar fad acht dá olcas é ní measa é, ná an tubaiste atá ins na hIndiachaibh Thoir. Tá na mílte ag fagháil bháis leis an ngorta agus an t-éagcruas annsúd, slán mar i n-innistear é. Tá an riaghlóir Sasanach atá ann ag iarraidh déirce dhóibh agus tá Maor Lúnduin ag bailiughadh beagáin acht ní fhuil ann acht fá mar do bhiadh bulóg aráin i measg fiche fear. Tá an Rúisíneach cois teórann na nIndiacha anois agus ní fhuil fhios ag éinneach cia acu siothcháin no cogadh atá uaidh. Do bheidís ag bhúithridh i Sasana 'na thaobh súd tá leath-bhliadhain ó shoin mar ní h-áil leo mar chomhursain an bheithir acht táid siad i n-achrann le Pól indiu agus atá a ndóthain le déanamh acu. Do cheistigh feisire ins an bhFéis Sagsan an tighearna Salisburí i dtaobh an Rúisigh an oidhche eile agus dubhairt seisean nách raibh an Rúsach ag cur isteach ortha fós agus nár chóir aghaidh do thabhairt ar an ndonas go mbuailfeadh sé linn. Conán Maol
19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services