Tar Lear
Deir na páipéir gur fhuasgail Roberts muintir
Chimberlí i ndeireadh na seachtmhaine seo ghabh thart.
Tá suas le trí fichid míle fear aige, níor ghabh sé fá
dhéin Mhagersfontein mar a raibh Cronghe agus ní raibh
cath eatortha fós. Ghabh sé tarsna na habhann fiche
míle dia thuas de Chronghe agus rinne iarracht ar an
mBórach nglic sin do thimcheallughadh agus do chur i nasg
acht ní raibh sé 'na chumas. Tá na machairí réidhe ann-
súd agus níor bhféidir le Cronghe cath do thabhairt uaidh in
a leithéid sin d'áit mar nách raibh aige acht deich míle
fear. Dá réir sin dhruid sé leis agus ní fios cá bhfuil sé.
Ní rug Roberts ar fhear 'ná ar ghunna mór, mar dá
mbéarfadh bhiadh an sgéal againn go tapaidh, mar chuir-
thear abhaile gach aon sgéal maith gan mhoill agus cuireann
na páipéir thall maol air le héithreach. Tá éirghe 'náirde
ar mhuintir Sheághain an aimsir seo i dtaobh fuasgladh
Chimberlí acht is feárr an fhóidhne. Ceapaim ná'r thug
Cronghe a chúl ar Roberts gan fáth, ní duine de'n
tsaghas sain Cronghe i n-aon chor, tá sé chómh dán le
tarbh, agus bain an chluas díom go dtabharfaidh sé cath do
Roberts fá cheann beagáin aimsire; acht bíodh foidhne
againn tá an bheirt úd ag imirt chluiche, tá an tír
fairsing agus atá Bóraigh ag Colesburg agus ag Rensburg
i bhfad siar ó'n áit go bhfuil Roberts, agus má tá Cronghe
'na measg bainfidh sé geit as Roberts. Is maith an
dá chearrbhach iad acht tá an bhuntáiste ag Roberts mar
tá ceathrar fear aige i n-aghaidh gach Bórach. Bhí bruighean
ghéar gharg acu ag Rensburg an tseachtmhain do ghabh
thart agus briseadh ar na Sasanaigh. Deir tuairisg gur
chailleadar dhá mhíle fear acht ní fhuil fios deimhneach
againn as sin mar tá Seághan mall chum droch-sgéil do
chur chúgainn. Is maith leis misneach i n-ionad buaidhe-
artha do chur orainn. Ní theasduigheann droch-sgéal
uainn agus tá cathúghadh orainn ná'r mhairbh Roberts Cronghe
agus a shluaighte sul ar fuasgladh Cimberlí. Ba chóir do
a rádh gur mhairbh sé cuid acu go háirighthe, acht i n-ionad
sain deir sé gur mharbhuigheadar fo-cheann d'á shluagh.
Tá suas le dhá chéad míle fear ag Seághan annsúd
anois acht tá an tír úd leathan agus ní bhfuilid i n-éinfheacht
agus ní mhothóchaidhe céad nó míle as an méid sin gidh gur
ionmhain le gach duine a anam féin. Is cuma le
muintir Lúnduin acht amháin go mbeidh an buaidh leo-so
do mhairfidh. Bhí buidhean ag Rensburg go tháinig tar
sáile i gcéin ó Thalamh an Óir agus deir an sgéal gur thuit
gach aon aithid acu annsúd. Bhí an ruagadh chómh dian
go mb'éigean do na Sasanaigh cuid d'á ngunnaibh móra
do phléasgadh agus do lot sul a mbeidís i seilbh na
mBórach. Is truagh gan beagán de'n fhírinne againn.
Deir na Sasanaigh nách raibh ionnta féin acht cheithre
mhíle agus go raibh na Bóraigh níos líonmhara 'ná iad, mar
dh'eadh.
Tá Buller go suaimhneasach ó shoin. Lean Ioubert
é go Páirc an Fhíor-uisge mar a raibh longphort aige agus
do chrom sé air ann, acht do ghread Buller leis as an
áit sin. D'fhan dá fhichead marcach 'na dhiaidh ag
féachaint timcheall ortha, d'éaluigh na Bóraigh 'na dtreó
agus mhilleadar iad acht amháin deichneabhar. Is daor an
gnó an cogadh só. Ní thug Buller aon tuairisg dúinn fós
an iomdha fear do chaill sé ag Crans Cop. Rug sé ar
chúigear nó seisear Bórach d'fhan ar an gcnocán úd
ag cómhrac go raibh greim ag na saighdiúirí ortha. Bhí
aosánach 'na measg agus seanduine cheithre fichid bliadhan.
Dubhairt an seanóir dán leó go mbiadh sé chómh maith
acu a suaimhneas do ghlacadh mar nách bhfuil sé 'na
gcumas an Fuíteach d'fhuasgladh go bráth. Cá 'na thaobh
gur fhan na Bóraigh ar an gcnocán go raibh na saighdiúirí
timcheall ortha? Á! féach ar an mullóig úd ceathramhadh
mhíle uait. Tá gunna ann - sin é an fáth gur fhanadar -
sas-ghunna go nglaoidhtear Bhicers-Macsim air do
steallann cioth piléar gach iarracht. Is mór leis na
Bóraigh an saghas gunna úd agus tá na gunnóirí 'gá tharraing
ar gcúl. Sgaoil na saighdiúirí ortha i n-am agus do
b'éigean an gunna do thréigean. Brostuighidh a shaigh-
diúirí! beidh an gunna agaibh gan amhras. Acht féach an
dá chapall úd ag cos-in-áirde aniar an log, fear ar a
gceann agus greim ar an gceannraigh aige. Teich a dhuine!
an bhfuilir ar buile? Do chonnairc na saighdiúirí é.
Sgaoileadar air láithreach. Níor choisg sin é. Phléasg
deich sleagáin i n-éinfheacht ós a chionn agus timcheall air,
bhris sé thríd an ndeatach agus an lasair é féin agus na capaill.
Do shroich sé an gunna, ta anam aingil ann, chás na
capaill, ghléas sé iad i lár an mhór-phléasgadh agus amach
leó do nós na gaoithe leis an ngunna agus eisean ar a
gceann. Mo ghreann croidhe é, cia'r bh'é? Is é
Bhilgheóin do bhí ann. Do'bh'é an bheart ba ghaisgeamhla
d'ar chualas riamh é. Deir na Sasanaigh féin go
cangearach gurab é siúd an chleas ba mhisneamhla d'á
bhfacadar riamh. Níor b'annsa leo an fear so mar
deirthear gur chuir sé stiallacha ar cheathramhaibh
Sasanach le h-iallacha chroicinn tairbh ag Pretória
anuraidh.
Tá an Fuíteach bocht agus a shluaighte ag ithe a gcuid
capall agus is milis leo iad acht tá súil ag na Sasanaigh
go mbeidh sé riachtanach ar Ioubert dul chum cabhartha
Chronghe agus go bhfuighfidh an Fuíteach fóirithin ar an gcuma
sain.
Is gránna agus is olc an sgéal é ar fad acht dá
olcas é ní measa é, ná an tubaiste atá ins na
hIndiachaibh Thoir. Tá na mílte ag fagháil bháis leis an
ngorta agus an t-éagcruas annsúd, slán mar i n-innistear
é. Tá an riaghlóir Sasanach atá ann ag iarraidh déirce
dhóibh agus tá Maor Lúnduin ag bailiughadh beagáin acht ní
fhuil ann acht fá mar do bhiadh bulóg aráin i measg fiche
fear. Tá an Rúisíneach cois teórann na nIndiacha
anois agus ní fhuil fhios ag éinneach cia acu siothcháin no
cogadh atá uaidh. Do bheidís ag bhúithridh i Sasana 'na
thaobh súd tá leath-bhliadhain ó shoin mar ní h-áil leo mar
chomhursain an bheithir acht táid siad i n-achrann le Pól
indiu agus atá a ndóthain le déanamh acu. Do cheistigh
feisire ins an bhFéis Sagsan an tighearna Salisburí i
dtaobh an Rúisigh an oidhche eile agus dubhairt seisean nách
raibh an Rúsach ag cur isteach ortha fós agus nár chóir aghaidh
do thabhairt ar an ndonas go mbuailfeadh sé linn.
Conán Maol