Historical Irish Corpus
1600 - 1926
Historical Dictionary of Irish
Search the corpus
Browse the Text Archive 1600-1926
Cúrsaidhe an tSaoghail
Title
Cúrsaidhe an tSaoghail
Author(s)
An Spáilpín Fánach,
Pen Name
An Spailpín Fánach
Composition Date
1900
Publisher
An Claidheamh Soluis
Téacs
Comhad TEI
Gnáth-Théacs
Comhad ePub
Search Texts
Enter word/phrase
Search Type
Headword
Standardised
Exact match
Phrase
Word Type
All
Adjective
Noun
Preposition
Pronoun
Verb
Verbal Noun
Poetry/Prose
Both
Prose
Poetry
Set Dates
1600
1926
Cúrsaidhe an tSaoghail Éire "Deirim leat, a Dhomhnaillín, tríd gach aon sgéal, gan an páipéar a dhearmad?" Garsún maith do b'eadh Domhnaillín, agus thug sé an páipéar a bhaile chum a mháthar. Do chimil sí a spéaclaí lena haprúin, rug sí ar an bpáipéar, agus luigh sí ar a bheith ag marbhadh Sasanach, agus Bórach chomh tiugh riamh is do b' fhéidir léi. "Ailliliú! airiú caidé seo? - "Curfar bille i bhfeidhm i bhFeis na Sasana an ceathramhadh lá déag de'n mhí seo, do chuirfidh d'fhiachaibh ar gach aon fhear atá os cionn ocht mbliadhain déag agus suas le deich mbliadhna fichead d'aois, airm a thógaint suas chum an Impireacht do chosaint!"" D'fhaisg sí an páipear chuici, do chaith a fallaing uimpi, agus amach an doras léi, agus suas go tigh Mháire Bháin. Do léigh sí an sgéal do Mháire, agus amach leis an mbeirt agus síos gach aon chomhgar go bun a' bhaile. Nuair a bhí an ráfla leathta annsin aca, thugadar aghaidh ar an gceárdchain, agus óir do bhí an lá díomhaoin toisg an tsneachda, do bhí an cheárdcha lán de bhuachaillí óga. Shín sí an páipéar anonn chum an ghabhann. Shuidh sé ar an inneóin agus do léigh an cunntas, agus thug a bhreitheamhnas air annsin. Dubhairt sé go sgiobfaidhe as na leabthacha a lár na hoidhche iad, agus go mb'fhearra dhóibh go léir teicheadh. Bhí Pádraig óg ag éisdeacht leis agus dubhairt go raibh sé féin os cionn na haoise. Bhí cleamhnas dhá dhéanamh do an lá roimhe sin, agus ní raibh sé puinn thar fiche bliadhain. Dubhairt buachaill eile aca go ndubhairt bean tsiubhail leis gur airigh sí an bhean a bhíonn ag friotháileamh ar na connstáblaí dhá rádh go dtáinig dhá ualach capaill de ghunnaí go dtí an bhearraic. Dubhairt an gabha gur airigh sé fothram na n-ualach ag gabháil an bóthar ins an oidhche. Ar maidin lá ar n-a bhárach, bhíodar go léir ar an sráid, ag ceannach trunncaí, éadaigh, agus gach cóir eile chum triall tar sáile. Chuaidh cuid aca go Corcaigh tarsna gach aon chomhgar ar eagla go gcasfaidhe conn- stáblaí nó saighdiúirí ortha ag stáisiún an bhóthair iarainn. Nuair a shroicheadar an Cóbh, bhí eagla ortha gur go dtí an Aifric theas do raghadh an long i n-ionad America. Ní fada ó bhíomar ag magadh fá dream daoine thall san Rúise do rith amach as a dtír le heagla go raibh deireadh an domhain chuca. Is minic a bhí cuid de'n laochraidh chrodha so, atá ag treabhadh na bhfairrgí fuar anois ag rith ó'n gcogadh, ag stealla-mhagadh fá na seandaoine simplidhe do bhí i nÉirinn fad'ó, a mbéasa, a dteanga, agus c. Dá mbeadh a leabhairíní Gaedhilge aca so ina lámhaibh i n-ionad na bpáipéar Béarla, ní bheadh an sgéal aca mar atá. Tá na páipéara tar éis a meamhair a bhaint de mhuinntir na hÉireann. Dá ndéarfadh fear thall i Sasana, go raibh an spéir ag tuitim, creidfidhe annseo é. An diabhal seó acht sinn! An Spáilpín Fánach
19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services