Historical Irish Corpus
1600 - 1926

Cúrsaidhe an tSaoghail

Title
Cúrsaidhe an tSaoghail
Author(s)
An Spáilpín Fánach,
Pen Name
An Spailpín Fánach
Composition Date
1900
Publisher
An Claidheamh Soluis

Search Texts

Poetry/Prose
1600 1926


Cúrsaidhe an tSaoghail



Éire



"Deirim leat, a Dhomhnaillín, tríd gach aon sgéal,
gan an páipéar a dhearmad?"



Garsún maith do b'eadh Domhnaillín, agus thug sé an
páipéar a bhaile chum a mháthar. Do chimil sí a spéaclaí
lena haprúin, rug sí ar an bpáipéar, agus luigh sí ar a bheith
ag marbhadh Sasanach, agus Bórach chomh tiugh riamh is do b'
fhéidir léi.



"Ailliliú! airiú caidé seo? - "Curfar bille i bhfeidhm
i bhFeis na Sasana an ceathramhadh lá déag de'n mhí seo,
do chuirfidh d'fhiachaibh ar gach aon fhear atá os cionn
ocht mbliadhain déag agus suas le deich mbliadhna fichead
d'aois, airm a thógaint suas chum an Impireacht do
chosaint!""



D'fhaisg sí an páipear chuici, do chaith a fallaing
uimpi, agus amach an doras léi, agus suas go tigh Mháire
Bháin. Do léigh sí an sgéal do Mháire, agus amach leis an
mbeirt agus síos gach aon chomhgar go bun a' bhaile. Nuair
a bhí an ráfla leathta annsin aca, thugadar aghaidh ar
an gceárdchain, agus óir do bhí an lá díomhaoin toisg an
tsneachda, do bhí an cheárdcha lán de bhuachaillí óga.
Shín sí an páipéar anonn chum an ghabhann. Shuidh sé ar
an inneóin agus do léigh an cunntas, agus thug a bhreitheamhnas
air annsin.



Dubhairt sé go sgiobfaidhe as na leabthacha a lár na
hoidhche iad, agus go mb'fhearra dhóibh go léir teicheadh.



Bhí Pádraig óg ag éisdeacht leis agus dubhairt go raibh
sé féin os cionn na haoise. Bhí cleamhnas dhá dhéanamh
do an lá roimhe sin, agus ní raibh sé puinn thar fiche
bliadhain.



Dubhairt buachaill eile aca go ndubhairt bean tsiubhail
leis gur airigh sí an bhean a bhíonn ag friotháileamh ar na
connstáblaí dhá rádh go dtáinig dhá ualach capaill de
ghunnaí go dtí an bhearraic. Dubhairt an gabha gur
airigh sé fothram na n-ualach ag gabháil an bóthar ins
an oidhche.



Ar maidin lá ar n-a bhárach, bhíodar go léir ar an
sráid, ag ceannach trunncaí, éadaigh, agus gach cóir eile
chum triall tar sáile. Chuaidh cuid aca go Corcaigh
tarsna gach aon chomhgar ar eagla go gcasfaidhe conn-
stáblaí nó saighdiúirí ortha ag stáisiún an bhóthair
iarainn. Nuair a shroicheadar an Cóbh, bhí eagla ortha
gur go dtí an Aifric theas do raghadh an long i n-ionad
America.



Ní fada ó bhíomar ag magadh fá dream daoine thall
san Rúise do rith amach as a dtír le heagla go raibh
deireadh an domhain chuca. Is minic a bhí cuid de'n
laochraidh chrodha so, atá ag treabhadh na bhfairrgí fuar
anois ag rith ó'n gcogadh, ag stealla-mhagadh fá na
seandaoine simplidhe do bhí i nÉirinn fad'ó, a mbéasa,
a dteanga, agus c. Dá mbeadh a leabhairíní Gaedhilge aca
so ina lámhaibh i n-ionad na bpáipéar Béarla, ní bheadh
an sgéal aca mar atá. Tá na páipéara tar éis a
meamhair a bhaint de mhuinntir na hÉireann. Dá
ndéarfadh fear thall i Sasana, go raibh an spéir ag
tuitim, creidfidhe annseo é.



An diabhal seó acht sinn!



An Spáilpín Fánach

19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Royal Irish Academy
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services