Historical Irish Corpus
1600 - 1926
Historical Dictionary of Irish
Search the corpus
Browse the Text Archive 1600-1926
Tuairisg ó'n Tuaisceart
Title
Tuairisg ó'n Tuaisceart
Author(s)
Cú Uladh,
Pen Name
Cú Uladh
Composition Date
1900
Publisher
An Claidheamh Soluis
Téacs
Comhad TEI
Gnáth-Théacs
Comhad ePub
Search Texts
Enter word/phrase
Search Type
Headword
Standardised
Exact match
Phrase
Word Type
All
Adjective
Noun
Preposition
Pronoun
Verb
Verbal Noun
Poetry/Prose
Both
Prose
Poetry
Set Dates
1600
1926
Tuairisg ó'n Tuaisceart Ní raibh le fada tionól chomh tairbheach agus chomh bríoghmhar ag Comhairle Condae Béilfeirsde (de Chonnradh an Gaedhilge) is bhí tráthnóna Dia Ceadaoine so chuaidh thart. Tar éis dóibh beagán gnótha do réidh- tiughadh fá dtaobh de airgead agus a mac-a'-samhail eile chuireadar rún-chomhairle agus bfeidhm go g-ceapfaid Feis Uladh i gcathraigh Bhéilfeirsde um aimsir Shamhna so chugainn, agus siúd is gur fada an t-am go nuighe sin ní'l sé ró-fhada i n-aghaidh feise de'n tsamhail sin d'ullmhughadh agus do cur ar bun. Atá súil againn go mbeidh tuilleadh craobh de Chonnradh na Gaedhilge ar bun i n-Ultaibh roimh deireadh an tSamhraidh agus go gcuirfid, in aoinfheacht le na craobhaibh atá ann cheana féin, mór-bhuidhean d'ar n-ionnsaidhe aimsear na Feise. Cuireadh rún chomhairle eile i bhféidhm i dtaobh de múinteachas Gaedhilge ins na sgoltaibh ag iarraidh ar an mBord mhúinteachais naisiúnta teagasg as Gaedhilg do chur i bhfeidhm ins na sgoltaibh Náisiúntachta, ag iarraidh ar an Feisiribh Éireannacha a ngnótha do thógbháil i bhFeis Sacsain ar an nidh ceadna, agus ag iarraidh ar Easpog Dúin agus Chonneire Ollamhachas Gaedhilge do chur ar bun san sgoil nuadh atá ar na cur ar bun faoi láthair i mBéilfeirsde i n-aghaidh feasa a gcéirde do mhúnadh do oidibh sgoile. Cinneadh comhairlí eile le airgead do bhailiughadh ar feadh na cathrach i n-aghaidh an Oireachtais, le tuilleadh saothair do ghlacadh ag leathnughadh gluaiseacha Gaedhilge ar feadh Uladh, agus ag cur eagair agus dtreise ar na craobha 'san gcathraigh. Bhí na comhairligh theorrí go lán-dícheallach, agus sinn agus faobhar agus fuinneamh orra i n-aghaibh oibre na bliadna. Ní facathas iad chomh sann- tac ar obair ó thángadar le chéile ar dtús, agus ní'l aon amhrus orm nach dtiocfaidh maitheas mór as. An lá fá dheireadh fuair Peadar Mag Fhionnlaoigh, Béilfeirsde, bonn óir ó fhear stiúrtha an Weekly Free- man, duais do bhuaidhigh sé ag an Oireachtas i mí na Bealtaine. Dar go deimhin is uasal an seod é. Atá nios mó na dhá unsa de dhearg-ór ann; atá dealbh fáidheamhail Éireann ar thaobh de agus an tuairisg so ar an taobh eile: - "Do bhuaidh Peadar Mac Fhionnlaoich an bonn óir seo de dhuaisibh an Weekly Freeman ar sgealuidheacht Oireachtais 1899." Thug Seamus Ua Dubhghaill comhradh no leictiúir uaidh i halla beag Naomh Chóluim i nDoire oidhche dia luain so chuaidh tharainn ar ainmneachaibh aite fá'n dúthaigh sin agus is i Craobh Dhoire de Chonnradh na Gaedhilge geibheas an méid airgid fuarthas an oidhche sin. Thug sé leic- tiúir de'n tsadhas ceudna uaidh anuraidh agus bhí an Halla líonta go doras an uair sin. Atá súil agam go mba amhlaidh dó i mbliadhna. Is mór an truaighe nach
bhfuil an Chraobh úd i nDoire níos láidre ná atá sí, óir, thiocfadh tairbhe mhór do chúis na Gaedhilge i nDoire agus i nDún na-ngall, dá mbéadh buidhean láidir Gaedhilg- theoirí 'san gcathraigh cois Feabhaile. Do bhí duine uasal urramach i mBéilfeirsde an lá fá dheireadh agus é ar a thaisdeal go Dún na-ngall agus is í mo thuairim go gcluinfear uaidh i dtaobh de'n Ghaedhilg ar feadh tamaill. An t-Áthair Uá Gallchobhair ó Ambói i n-aice Chicago is é agus saothruigh sé go dian le fada leis an nGaedhilg do chur ar aghaidh. Chuir sé airgead abhaile go hÉirinn go minic i n-aghaidh na Gaedhilge do leathnughadh. Anois ó tharluigh do bheith in ar measg tiocfaidh, atá súil agam, maitheas mór as do'n Ghaedhilg. Cú Uladh
19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services