Tuairisg ó'n Tuaisceart
Ní raibh le fada tionól chomh tairbheach agus chomh
bríoghmhar ag Comhairle Condae Béilfeirsde (de
Chonnradh an Gaedhilge) is bhí tráthnóna Dia Ceadaoine
so chuaidh thart. Tar éis dóibh beagán gnótha do réidh-
tiughadh fá dtaobh de airgead agus a mac-a'-samhail eile
chuireadar rún-chomhairle agus bfeidhm go g-ceapfaid Feis
Uladh i gcathraigh Bhéilfeirsde um aimsir Shamhna so
chugainn, agus siúd is gur fada an t-am go nuighe sin
ní'l sé ró-fhada i n-aghaidh feise de'n tsamhail sin
d'ullmhughadh agus do cur ar bun. Atá súil againn
go mbeidh tuilleadh craobh de Chonnradh na Gaedhilge
ar bun i n-Ultaibh roimh deireadh an tSamhraidh agus go
gcuirfid, in aoinfheacht le na craobhaibh atá ann cheana
féin, mór-bhuidhean d'ar n-ionnsaidhe aimsear na Feise.
Cuireadh rún chomhairle eile i bhféidhm i dtaobh de
múinteachas Gaedhilge ins na sgoltaibh ag iarraidh ar an
mBord mhúinteachais naisiúnta teagasg as Gaedhilg
do chur i bhfeidhm ins na sgoltaibh Náisiúntachta, ag
iarraidh ar an Feisiribh Éireannacha a ngnótha do thógbháil
i bhFeis Sacsain ar an nidh ceadna, agus ag iarraidh ar
Easpog Dúin agus Chonneire Ollamhachas Gaedhilge do chur
ar bun san sgoil nuadh atá ar na cur ar bun faoi láthair
i mBéilfeirsde i n-aghaidh feasa a gcéirde do mhúnadh
do oidibh sgoile.
Cinneadh comhairlí eile le airgead do bhailiughadh ar
feadh na cathrach i n-aghaidh an Oireachtais, le tuilleadh
saothair do ghlacadh ag leathnughadh gluaiseacha Gaedhilge
ar feadh Uladh, agus ag cur eagair agus dtreise ar na
craobha 'san gcathraigh. Bhí na comhairligh theorrí go
lán-dícheallach, agus sinn agus faobhar agus fuinneamh orra i
n-aghaibh oibre na bliadna. Ní facathas iad chomh sann-
tac ar obair ó thángadar le chéile ar dtús, agus ní'l aon
amhrus orm nach dtiocfaidh maitheas mór as.
An lá fá dheireadh fuair Peadar Mag Fhionnlaoigh,
Béilfeirsde, bonn óir ó fhear stiúrtha an Weekly Free-
man, duais do bhuaidhigh sé ag an Oireachtas i mí na
Bealtaine. Dar go deimhin is uasal an seod é.
Atá nios mó na dhá unsa de dhearg-ór ann; atá dealbh
fáidheamhail Éireann ar thaobh de agus an tuairisg so ar
an taobh eile: -
"Do bhuaidh Peadar Mac Fhionnlaoich an bonn óir
seo de dhuaisibh an Weekly Freeman ar sgealuidheacht
Oireachtais 1899."
Thug Seamus Ua Dubhghaill comhradh no leictiúir uaidh
i halla beag Naomh Chóluim i nDoire oidhche dia luain
so chuaidh tharainn ar ainmneachaibh aite fá'n dúthaigh
sin agus is i Craobh Dhoire de Chonnradh na Gaedhilge geibheas
an méid airgid fuarthas an oidhche sin. Thug sé leic-
tiúir de'n tsadhas ceudna uaidh anuraidh agus bhí an
Halla líonta go doras an uair sin. Atá súil agam go
mba amhlaidh dó i mbliadhna. Is mór an truaighe nach
bhfuil an Chraobh úd i nDoire níos láidre ná atá sí, óir,
thiocfadh tairbhe mhór do chúis na Gaedhilge i nDoire agus
i nDún na-ngall, dá mbéadh buidhean láidir Gaedhilg-
theoirí 'san gcathraigh cois Feabhaile.
Do bhí duine uasal urramach i mBéilfeirsde an lá
fá dheireadh agus é ar a thaisdeal go Dún na-ngall agus is í
mo thuairim go gcluinfear uaidh i dtaobh de'n Ghaedhilg
ar feadh tamaill. An t-Áthair Uá Gallchobhair ó Ambói
i n-aice Chicago is é agus saothruigh sé go dian le fada
leis an nGaedhilg do chur ar aghaidh. Chuir sé airgead
abhaile go hÉirinn go minic i n-aghaidh na Gaedhilge do
leathnughadh. Anois ó tharluigh do bheith in ar measg
tiocfaidh, atá súil agam, maitheas mór as do'n
Ghaedhilg.
Cú Uladh