Historical Irish Corpus
1600 - 1926
Historical Dictionary of Irish
Search the corpus
Browse the Text Archive 1600-1926
Cúrsaidhe an tSaoghail
Title
Cúrsaidhe an tSaoghail
Author(s)
Conán Maol,
Pen Name
Conán Maol
Composition Date
1900
Publisher
An Claidheamh Soluis
Téacs
Comhad TEI
Gnáth-Théacs
Comhad ePub
Search Texts
Enter word/phrase
Search Type
Headword
Standardised
Exact match
Phrase
Word Type
All
Adjective
Noun
Preposition
Pronoun
Verb
Verbal Noun
Poetry/Prose
Both
Prose
Poetry
Set Dates
1600
1926
Cúrsaidhe an tSaoghail Tar Lear Ar ball nuair do bheidh an coga bréan so críoch- nuighthe agus síothcháin ar fuaidh an tsaoghail b'fhéidir le congnamh Dé go sgríobhfainn aisde bheag nó cómhradh ar éadach. Níor bh'éan mhaitheas dom sgríobhadh ar a leithéid sin anois is dócha mar ní léighfeadh einneach é, sé sin má tá gach léightheóir mar iad so do bhuaileann liomsa, mar ní léigheann siad so pioc acht tuairisg an chogaidh. Mar sin féin do dhéanfaidhe cómhradh deas ar éadach. Féach an seiche do bhuaileann an fear do chómh- nuidheann cois na Mara Reóidhte air féin chum é féin do chongbháil cluthmhar ó'n sneachda agus ó'n síon. Ní bhiadh a leithéid sin de chulaith oireamhnach i n-aon chor do'n fhear dorcha mar cómhnuidheann seisean ar chrios an domhain mar a bhfuil an teas chómh tréan go mbruith- feadh nó go mbeirbheóchadh sé spolla feóla. Dá réir sin bíonn croiceann an fhir dhorcha leis, acht amháin go mbíonn blacais timcheall a chaoil. Codhlann sé mar sin agus ní bhíonn a thrioblóid air a chuid éadaigh do chur uimis ar maidin. Troidid siad mar sin agus is iad na fir chalma iad nuair do bheidheas sgiath ar a gcromán acu agus lann 'na láimh. Is minic go choncamar a ndeilbh ins na páipéaraibh ag troid le saighdiúirí Shasana, acht bhíodh an choitín dearg agus ceannbheart bhán ar dheilbh an tsaighdiúra, agus bhíodh a sgian gheal thré chorp an fhir dhorcha aige. Is annamh do chímíd dheilbh mar sain ins na páipéaraibh indiu mar ní fhuil an cóitín dearg i n-aon chor ar na saighdiúirí ins an Aifric theas anois, mar fuarthas amach go bhfeicfeadh na Bóraigh an cóta dearg a bhfad uatha agus go mbiadh sé 'na chómhartha dhóibh chum piléir do chur thríd an tsaighdiúir. Dá réir sin do bhain Seághan an cóitín dearg de'n tsaighdiúir agus do bhuail sé air i n-ionad, culaith éadaigh de khaki. Is é an saghas an cacaí seo, tá dath buidhe air do nós cré an mhachaire, tá sé ar na saighdiúirí go léir idir uasal agus ísiol. Tá a chulaith cacaí ar Bhuller féin mar tá ar gach ceannphort eile agus ní misde dhóibh é mar deirthear dá mbiadh an fhaithchim ghréasda ar a nguailnibh agus ar a muiniltrí mar do bhíodh roimhe seo, go n-aithnéochadh an Bórach iad i measg na saighdiúirí agus go mbiadh a ngnó déanta. Ba mhódhmharach mórdhálach an duine oifigeach airm, claidheamh fada 'na thruaill ar sileadh leis ag déanadh gleoigh ar na leacacha, triopall de chlúmh éan suaighte 'na cheannbheart, bróga sleamhna air agus brísde deagh-dhéanta agus cóitín mín air. Tá athrughadh croit ar an bhfear mbocht indiu, tá cacaí air agus gunna na láimh do nós an tsaighdiúra i gcás go meallfadh sé an Bórach, acht ní furusda mearbhall do chur an mbuachaill sin, chídheann sé an t-oifigeach ar chuma éigin, agus chuir sé ar lár míle acu ó thosnuigh an cogadh. Dála an cogaidh níor fhuasgail Buller an Fuíteach fós agus ní fhuasglóchaidh go fóill mar do chuir Ioubert an rith arís air an tseachtmhain seo ghabh thart. Sin é an tríomhadh cath do fearadh leo agus do ghabh Ioubert buadhthach de chosaibh i mBuller. Do gheall sé go dtabharfadh sé foirithín ar an bhFuíteach fa cheann seachtmhaine agus do chreid furmhór na ndaoine é - do chreidfeadh na hamadáin aon nídh an aimsir seo acht amháin an fhírinne, mar táid siad dall le héitheach na bpáipéar. Fuair Buller athchongnamh fear agus gunnaí móra ó buadhadh air cheana agus bhuail sé tarsna na Tugela ar maidin go moch Dia Luain. Ba cheart dó eólas maith do bheith aige ar an abhainn úd anois mar bhuail sé tháirsí trí huaire agus cuireadh an rith air gach uair. Rinne sé dhá roinn d'á shluaighte an cor so agus níor bhac na Bóraigh é go raibh sé slán, socair, ar an dtaobh eile. Má bhí fios an turuis úd ag an lann cogaidh i Lúnduin níor leigeadar ortha é, gur tháinig tuairisg gheárr fhírinneach ó na Bóraigh dá innsint gur bhriseadar ar roinn d'arm Bhuller agus gur thiomáineadar tarsna na habhann ar teicheadh iad, acht gur theip ortha Buller féin do bhriseadh fós. Lean Buller ar aghaidh agus do ghluais sé go rug sé ar Chrans Cop. Bhí cheithre fichid gunna mór aige ag stealladh sleagán buile leis na Bórachaibh acht ní rabhadar sain diomhaoin mar throidea- dar gach orlach leis agus bhí na céadta Sasanach ar lár. Mar sin féin níor ghoill bás na bhfear ar scaothairí
Shasana, ba chuma leo acht go raibh Buller ag dul chum cinn, agus bhí an Fuíteach fuasgailte láithreach dar leo. Is é Crans Cop an eochair d'fhosglóchaidh an daingean dian úd, adeiridís, agus atá na Bóraigh ag teicheadh cheana féin, acht fan go fóill, tá cuibhreach ag Buller ortha agus bheidhid siad féin agus a gcuid gunnaí aige, beidhid siad go léir aige adeirim leat, beó nó marbh. Bhíodar ag glamhuigheal mar sin i Sasana agus maidrín laithighe annso agus annsúd i nÉirinn ag alpuigheal mar an gcéadna. Níor chualaidh Ioubert iad agus dá gcloisfeadh ní chuirfeadh suim ionnta. Bhí sé ag tabhairt aire dá ghnó féin. Chuir sé cosg annsúd le Buller. Rinne seisean claiseacha dhó féin ar Chrans Cop agus ní raibh Ioubert ná na feirmeóirí ullamh. Bhailigheadar ó gach áird ag cos-in-airde, sin Tomás Fada ó Spion Cop a shoc dubh, dóilbhir, amach tar faobhar an chnoic agus d'fhosgail sé a béal dearg agus do spriúch sé sleagán buile céad punt i dtroimeacht ar Bhuller, labhair cara dhó ó chnocán eile le fuaim agus fiche gunna mór eile i n-éinfheacht. Freagair a Bhulleir, tá Ioubert ag caint leat, is binn é a ghlór. D'fhreagair Buller agus dhírigheadar ar a chéile. Bhí dream fear ndorcha 'na suidhe ar chnoc a bhfad uatha ag éisteacht leó go faireach agus a gcinn sa n-aer acu fá mar do bhiadh scata géanna fiadhaine. Níor chualadar riamh a leithéid siúd. Bhí capaill agus fir 'na srathaibh acht meastar ná'r chaill na Bóraigh mórán. Bhí lán builg de'n bhruighin ag Buller i ndeireadh an lae agus bhí fáilte roimh an oidhche acht níor fhan an fear bocht leis an lá, d'éaluigh sé leis go buaidheartha. D'fhobair ná héir- gheadh leis féin mar do phléasg sleagán as béal Thomáis Fhada i ngearracht seacht slata dó. Ní fhuil fhios againn cá mhéad fear do chaill sé an chor so mar nách bhfuil cúntus cruinn ar an teicheadh fós, acht chaill sé trí mhíle fear cheana agus ba dhaor an iarracht í. Do réir dheallraimh ní maith le Seaghan bocht é admháil gur buadhadh air, is cosamhail an méid sin le cúil-fhiacal fholláin do tharraing amach as a charball. Ná measadh éinneach go bhfuil claidheamh Sheagháin maol. Ní fhuil go deimhin, tá faobhar géar air acht is gaisgidhigh na Bóraigh agus ní féidir iad do chlaoidh gan cúigear Sasanach do bheith i gcoinnibh gach fir acu. Tá Cimberlí trí chéad míle siar ó'n Tugela agus Metuen go mín ag féachaint uaidh uirthe. Tá Cronghe an iarainn 'na shuidhe annsúd a cheann ar Mangersfontein agus a earball ar an abhainn Modder. Fuair Metuen a thuilleadh fear, gleanntóirí gliadha as Albain is eadh iad agus a MacDomhnaill mór-bhéimeach ar a gceann. Rinneadar iarracht ar casadh do bhaint as earball Chronghe acht chailleadar trí fichid fear agus do b'éigean dóibh a mbóthar do thabhairt ortha. Deirtheas go bhfuil Roberts féin agus fiche míle fear i mball éigin timcheall na háite úd agus go bhfuil sé ar tí gluaiseacht thré Cholesburg agus má éirigheann leis meastar go mbeidh sé riachtanach ar Chronghe agus ar Ioubert mórán dá gcuid fear do chur 'na choinnibh agus go dtabharfar ar an gcuma sain fóirithin ar an bhFuíteach agus ar Chimberlí. Deir na fir eólacha gurab é seó an cuma cogaidh is fearr acht ní deir Pól seadh ná ní headh. Conán Maol
19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services