Historical Irish Corpus
1600 - 1926

Cúrsaidhe an tSaoghail

Title
Cúrsaidhe an tSaoghail
Author(s)
Conán Maol,
Pen Name
Conán Maol
Composition Date
1900
Publisher
An Claidheamh Soluis

Search Texts

Poetry/Prose
1600 1926


Cúrsaidhe an tSaoghail



Tar Lear



Ar ball nuair do bheidh an coga bréan so críoch-
nuighthe agus síothcháin ar fuaidh an tsaoghail b'fhéidir le
congnamh Dé go sgríobhfainn aisde bheag nó cómhradh
ar éadach. Níor bh'éan mhaitheas dom sgríobhadh ar a
leithéid sin anois is dócha mar ní léighfeadh einneach é,
sé sin má tá gach léightheóir mar iad so do bhuaileann
liomsa, mar ní léigheann siad so pioc acht tuairisg an
chogaidh. Mar sin féin do dhéanfaidhe cómhradh deas ar
éadach. Féach an seiche do bhuaileann an fear do chómh-
nuidheann cois na Mara Reóidhte air féin chum é féin
do chongbháil cluthmhar ó'n sneachda agus ó'n síon. Ní
bhiadh a leithéid sin de chulaith oireamhnach i n-aon chor
do'n fhear dorcha mar cómhnuidheann seisean ar chrios
an domhain mar a bhfuil an teas chómh tréan go mbruith-
feadh nó go mbeirbheóchadh sé spolla feóla. Dá réir
sin bíonn croiceann an fhir dhorcha leis, acht amháin go
mbíonn blacais timcheall a chaoil. Codhlann sé mar
sin agus ní bhíonn a thrioblóid air a chuid éadaigh do chur
uimis ar maidin. Troidid siad mar sin agus is iad na
fir chalma iad nuair do bheidheas sgiath ar a gcromán
acu agus lann 'na láimh. Is minic go choncamar a ndeilbh
ins na páipéaraibh ag troid le saighdiúirí Shasana, acht
bhíodh an choitín dearg agus ceannbheart bhán ar dheilbh
an tsaighdiúra, agus bhíodh a sgian gheal thré chorp an fhir
dhorcha aige. Is annamh do chímíd dheilbh mar sain ins
na páipéaraibh indiu mar ní fhuil an cóitín dearg i
n-aon chor ar na saighdiúirí ins an Aifric theas anois,
mar fuarthas amach go bhfeicfeadh na Bóraigh an cóta
dearg a bhfad uatha agus go mbiadh sé 'na chómhartha dhóibh
chum piléir do chur thríd an tsaighdiúir. Dá réir sin
do bhain Seághan an cóitín dearg de'n tsaighdiúir agus do
bhuail sé air i n-ionad, culaith éadaigh de khaki. Is é
an saghas an cacaí seo, tá dath buidhe air do nós cré
an mhachaire, tá sé ar na saighdiúirí go léir idir uasal
agus ísiol. Tá a chulaith cacaí ar Bhuller féin mar tá ar
gach ceannphort eile agus ní misde dhóibh é mar deirthear
dá mbiadh an fhaithchim ghréasda ar a nguailnibh agus ar a
muiniltrí mar do bhíodh roimhe seo, go n-aithnéochadh an
Bórach iad i measg na saighdiúirí agus go mbiadh a ngnó
déanta. Ba mhódhmharach mórdhálach an duine oifigeach
airm, claidheamh fada 'na thruaill ar sileadh leis ag
déanadh gleoigh ar na leacacha, triopall de chlúmh éan
suaighte 'na cheannbheart, bróga sleamhna air agus brísde
deagh-dhéanta agus cóitín mín air. Tá athrughadh croit ar
an bhfear mbocht indiu, tá cacaí air agus gunna na láimh
do nós an tsaighdiúra i gcás go meallfadh sé an
Bórach, acht ní furusda mearbhall do chur an mbuachaill
sin, chídheann sé an t-oifigeach ar chuma éigin, agus chuir sé
ar lár míle acu ó thosnuigh an cogadh.



Dála an cogaidh níor fhuasgail Buller an Fuíteach
fós agus ní fhuasglóchaidh go fóill mar do chuir Ioubert an
rith arís air an tseachtmhain seo ghabh thart. Sin é an
tríomhadh cath do fearadh leo agus do ghabh Ioubert
buadhthach de chosaibh i mBuller. Do gheall sé go
dtabharfadh sé foirithín ar an bhFuíteach fa cheann
seachtmhaine agus do chreid furmhór na ndaoine é - do
chreidfeadh na hamadáin aon nídh an aimsir seo acht
amháin an fhírinne, mar táid siad dall le héitheach na
bpáipéar. Fuair Buller athchongnamh fear agus gunnaí
móra ó buadhadh air cheana agus bhuail sé tarsna na Tugela
ar maidin go moch Dia Luain. Ba cheart dó eólas
maith do bheith aige ar an abhainn úd anois mar bhuail
sé tháirsí trí huaire agus cuireadh an rith air gach uair.
Rinne sé dhá roinn d'á shluaighte an cor so agus níor bhac
na Bóraigh é go raibh sé slán, socair, ar an dtaobh
eile. Má bhí fios an turuis úd ag an lann cogaidh i
Lúnduin níor leigeadar ortha é, gur tháinig tuairisg
gheárr fhírinneach ó na Bóraigh dá innsint gur bhriseadar
ar roinn d'arm Bhuller agus gur thiomáineadar tarsna na
habhann ar teicheadh iad, acht gur theip ortha Buller
féin do bhriseadh fós. Lean Buller ar aghaidh agus do
ghluais sé go rug sé ar Chrans Cop. Bhí cheithre fichid
gunna mór aige ag stealladh sleagán buile leis na
Bórachaibh acht ní rabhadar sain diomhaoin mar throidea-
dar gach orlach leis agus bhí na céadta Sasanach ar lár.
Mar sin féin níor ghoill bás na bhfear ar scaothairí


L. 770


Shasana, ba chuma leo acht go raibh Buller ag dul chum
cinn, agus bhí an Fuíteach fuasgailte láithreach dar leo.
Is é Crans Cop an eochair d'fhosglóchaidh an daingean
dian úd, adeiridís, agus atá na Bóraigh ag teicheadh cheana
féin, acht fan go fóill, tá cuibhreach ag Buller ortha agus
bheidhid siad féin agus a gcuid gunnaí aige, beidhid siad
go léir aige adeirim leat, beó nó marbh. Bhíodar ag
glamhuigheal mar sin i Sasana agus maidrín laithighe annso
agus annsúd i nÉirinn ag alpuigheal mar an gcéadna.
Níor chualaidh Ioubert iad agus dá gcloisfeadh ní chuirfeadh
suim ionnta. Bhí sé ag tabhairt aire dá ghnó féin.
Chuir sé cosg annsúd le Buller. Rinne seisean
claiseacha dhó féin ar Chrans Cop agus ní raibh Ioubert ná
na feirmeóirí ullamh. Bhailigheadar ó gach áird ag
cos-in-airde, sin Tomás Fada ó Spion Cop a shoc dubh,
dóilbhir, amach tar faobhar an chnoic agus d'fhosgail sé a
béal dearg agus do spriúch sé sleagán buile céad punt
i dtroimeacht ar Bhuller, labhair cara dhó ó chnocán
eile le fuaim agus fiche gunna mór eile i n-éinfheacht.
Freagair a Bhulleir, tá Ioubert ag caint leat, is binn
é a ghlór. D'fhreagair Buller agus dhírigheadar ar a chéile.
Bhí dream fear ndorcha 'na suidhe ar chnoc a bhfad uatha
ag éisteacht leó go faireach agus a gcinn sa n-aer acu
fá mar do bhiadh scata géanna fiadhaine. Níor chualadar
riamh a leithéid siúd. Bhí capaill agus fir 'na srathaibh acht
meastar ná'r chaill na Bóraigh mórán. Bhí lán builg
de'n bhruighin ag Buller i ndeireadh an lae agus bhí fáilte
roimh an oidhche acht níor fhan an fear bocht leis an lá,
d'éaluigh sé leis go buaidheartha. D'fhobair ná héir-
gheadh leis féin mar do phléasg sleagán as béal Thomáis
Fhada i ngearracht seacht slata dó. Ní fhuil fhios
againn cá mhéad fear do chaill sé an chor so mar
nách bhfuil cúntus cruinn ar an teicheadh fós, acht
chaill sé trí mhíle fear cheana agus ba dhaor an iarracht í.
Do réir dheallraimh ní maith le Seaghan bocht é admháil
gur buadhadh air, is cosamhail an méid sin le cúil-fhiacal
fholláin do tharraing amach as a charball. Ná measadh
éinneach go bhfuil claidheamh Sheagháin maol. Ní fhuil go
deimhin, tá faobhar géar air acht is gaisgidhigh na Bóraigh agus
ní féidir iad do chlaoidh gan cúigear Sasanach do bheith i
gcoinnibh gach fir acu. Tá Cimberlí trí chéad míle siar
ó'n Tugela agus Metuen go mín ag féachaint uaidh uirthe.
Tá Cronghe an iarainn 'na shuidhe annsúd a cheann ar
Mangersfontein agus a earball ar an abhainn Modder.
Fuair Metuen a thuilleadh fear, gleanntóirí gliadha
as Albain is eadh iad agus a MacDomhnaill mór-bhéimeach
ar a gceann. Rinneadar iarracht ar casadh do bhaint
as earball Chronghe acht chailleadar trí fichid fear agus do
b'éigean dóibh a mbóthar do thabhairt ortha. Deirtheas
go bhfuil Roberts féin agus fiche míle fear i mball éigin
timcheall na háite úd agus go bhfuil sé ar tí gluaiseacht
thré Cholesburg agus má éirigheann leis meastar go mbeidh
sé riachtanach ar Chronghe agus ar Ioubert mórán dá gcuid
fear do chur 'na choinnibh agus go dtabharfar ar an gcuma
sain fóirithin ar an bhFuíteach agus ar Chimberlí. Deir na
fir eólacha gurab é seó an cuma cogaidh is fearr acht
ní deir Pól seadh ná ní headh.



Conán Maol

19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Royal Irish Academy
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services