Historical Irish Corpus
1600 - 1926
Historical Dictionary of Irish
Search the corpus
Browse the Text Archive 1600-1926
Tadhg na n-Alt
Title
Tadhg na n-Alt
Author(s)
Conán Maol,
Pen Name
Maghchromdha
Composition Date
1900
Publisher
An Claidheamh Soluis
Téacs
Comhad TEI
Gnáth-Théacs
Comhad ePub
Search Texts
Enter word/phrase
Search Type
Headword
Standardised
Exact match
Phrase
Word Type
All
Adjective
Noun
Preposition
Pronoun
Verb
Verbal Noun
Poetry/Prose
Both
Prose
Poetry
Set Dates
1600
1926
Tadhg na n-Alt Tamall maith ó shoin, bhí táilliúir i mBaile-Mhúirne dar bh'ainm Tadhg Ua Duinnín. Bhí ailt mhóra ar a chosaibh agus uime sin do goirthí Tadhg na n-Alt air. Tráth dá shaoghal, bhí sé ag obair thiar i n-iarthar na paróiste i mbaile darab ainm na Foithrí. Ins an am soin, nuair a bhíodh ceardaidhe i dtigh ar aon bhaile ag obair do thiocfadh na comharsain go léir go dtí an tigh sin chum sgoruigheachta agus pléisiúir, agus geallaim duit nach é Daisy Bell a bhíodh mar abhrán aca an uair sin. Mar a gcéadna do chnósuigheadar aniar ón Doire leathan, agus anall ón' Lómanaigh, agus ó Dhoire an Chuilinn, agus andeas ón gCum Lomnochtuighthe. Seadh, chum sgéil ghairid a dhéanamh de, do bhí an oidhche aca dá chur síos go sultmhar súgach, agus Tadhg Ua Duinnín ag obair ar an mbórd do féin, agus ceann dá chosaibh sínte uaidh amach aige. Bhí bean an tighe 'na suidhe ag ceann an bhuird idir Thadg agus an teine. Chonnaic sí an chos agus dubhairt sí "Ar mo choinnsias, is gránda an chos í sin!" Do ghair duine thall agus ghair duine i bhfus. "Ar mo
choinnsias-sa" ar Tadhg, "go bhfuil cos éigin istigh is gráinne ná í." Is cosamhail nach raibh na cosa ro-chumtha ag mnaoi an tighe féinig, dá bharr soin cheap sí gur chuici do bhí Tadhg, agus dubhairt sí go tapaidh, "Ní'l," ar sise, "ná cos amuigh is gráinne ná í!" "A' gcurfá geall air?" arsa Tadhg. "Do chuirfinn," ar sise. "Cuirfead cárt beath-uisge leat," ar Tadhg, "go bhfuil cos istigh is mí-chumtha ná í." "Bíodh 'na mhargadh," ar sise. Le n-a linn sin thairg Tadhg an chos eile aniar ó n-a cheathramhain. "Féach," ar seisean, "cia 'ca is gráinne í nó í sin?" "Ó! ar mo bhriathar", ar sise, "gur gráinne í sin go mór." "Seadh," arsa Tadhg, "tá go maith, agus cuir-se fios ar an gcárt beath-uisge!" "Cuirfeab cheana," ar sise. Agus do chuirfeadh agus ar ghalún do le h-áthas, nuair nár cuireadh a cosa féin i gcomórtas le cosa Thaidhg na nAlt. Do b'fhíor di. Chuir chomh maith. Budh ghearr uaithi é. Bhí sé dá dhíol an uair sin thall ag droicidín Béal Átha an Fhionnáin ar sgilling an puinnt agus ní feasach domh-sa cia'ca Micil Píobaire no Donnchadh Nóirín do bhí chum comhnaigh an uair sin ann, acht pé bhí ann, bhuaidh Tadhg an geall. Maghchromdha
19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services