Historical Irish Corpus
1600 - 1926

Tadhg na n-Alt

Title
Tadhg na n-Alt
Author(s)
Conán Maol,
Pen Name
Maghchromdha
Composition Date
1900
Publisher
An Claidheamh Soluis

Search Texts

Poetry/Prose
1600 1926


Tadhg na n-Alt



Tamall maith ó shoin, bhí táilliúir i mBaile-Mhúirne
dar bh'ainm Tadhg Ua Duinnín. Bhí ailt mhóra ar a
chosaibh agus uime sin do goirthí Tadhg na n-Alt air.



Tráth dá shaoghal, bhí sé ag obair thiar i n-iarthar na
paróiste i mbaile darab ainm na Foithrí. Ins an am
soin, nuair a bhíodh ceardaidhe i dtigh ar aon bhaile ag
obair do thiocfadh na comharsain go léir go dtí an tigh
sin chum sgoruigheachta agus pléisiúir, agus geallaim duit nach
é Daisy Bell a bhíodh mar abhrán aca an uair sin.



Mar a gcéadna do chnósuigheadar aniar ón Doire
leathan, agus anall ón' Lómanaigh, agus ó Dhoire an Chuilinn, agus
andeas ón gCum Lomnochtuighthe.



Seadh, chum sgéil ghairid a dhéanamh de, do bhí an
oidhche aca dá chur síos go sultmhar súgach, agus Tadhg Ua
Duinnín ag obair ar an mbórd do féin, agus ceann dá
chosaibh sínte uaidh amach aige. Bhí bean an tighe 'na
suidhe ag ceann an bhuird idir Thadg agus an teine.
Chonnaic sí an chos agus dubhairt sí "Ar mo choinnsias, is
gránda an chos í sin!"



Do ghair duine thall agus ghair duine i bhfus. "Ar mo


L. 755


choinnsias-sa" ar Tadhg, "go bhfuil cos éigin istigh is
gráinne ná í."



Is cosamhail nach raibh na cosa ro-chumtha ag mnaoi an
tighe féinig, dá bharr soin cheap sí gur chuici do bhí
Tadhg, agus dubhairt sí go tapaidh, "Ní'l," ar sise, "ná
cos amuigh is gráinne ná í!"



"A' gcurfá geall air?" arsa Tadhg.



"Do chuirfinn," ar sise.



"Cuirfead cárt beath-uisge leat," ar Tadhg, "go
bhfuil cos istigh is mí-chumtha ná í."



"Bíodh 'na mhargadh," ar sise.



Le n-a linn sin thairg Tadhg an chos eile aniar ó n-a
cheathramhain. "Féach," ar seisean, "cia 'ca is gráinne
í nó í sin?"



"Ó! ar mo bhriathar", ar sise, "gur gráinne í sin
go mór."



"Seadh," arsa Tadhg, "tá go maith, agus cuir-se fios ar
an gcárt beath-uisge!"



"Cuirfeab cheana," ar sise. Agus do chuirfeadh agus
ar ghalún do le h-áthas, nuair nár cuireadh a cosa féin
i gcomórtas le cosa Thaidhg na nAlt.



Do b'fhíor di. Chuir chomh maith. Budh ghearr uaithi
é. Bhí sé dá dhíol an uair sin thall ag droicidín Béal
Átha an Fhionnáin ar sgilling an puinnt agus ní feasach
domh-sa cia'ca Micil Píobaire no Donnchadh Nóirín do
bhí chum comhnaigh an uair sin ann, acht pé bhí ann, bhuaidh
Tadhg an geall.



Maghchromdha

19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Royal Irish Academy
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services