Historical Irish Corpus
1600 - 1926
Historical Dictionary of Irish
Search the corpus
Browse the Text Archive 1600-1926
Cúrsaidhe an tSaoghail
Title
Cúrsaidhe an tSaoghail
Author(s)
Conán Maol,
Pen Name
An Spailpín Fánach
Composition Date
1900
Publisher
An Claidheamh Soluis
Téacs
Comhad TEI
Gnáth-Théacs
Comhad ePub
Search Texts
Enter word/phrase
Search Type
Headword
Standardised
Exact match
Phrase
Word Type
All
Adjective
Noun
Preposition
Pronoun
Verb
Verbal Noun
Poetry/Prose
Both
Prose
Poetry
Set Dates
1600
1926
Cúrsaidhe an tSaoghail Éire Bhailigh na bhfeisirí i bhfochair a chéile i seomra thall i Lonndain an tseachtmhain seo ghabh tharainn chum caradas agus réiteacht a dhéanamh lena chéile sul raghdaois isteach i bpáirc an bhualaidh Feis na Sasana. Bhíodar go grádhmhar muinnteardha lena chéile. Budh dhóigh leat ortha na raibh focal riamh eatorra. Bhí Tadhg Ua hUrdail insa chathaoir agus chum a cheart a thabhairt do, tá mórán déanta aige do chúis na h-aondachd'. Do labhair sé go maith is go ciallmhar, mar budh ghnáthach leis. Do lean Seaghan Réamonn agus Seaghán Diolún ins an bhealach céadna. Budh é brígh agus deireadh an sgéil gur thoiligheadar bheith aontuighthe as so amach. "An bhfuil tú sásta leis seo go leir?" ars' an cathaoirleach le Tadhg Ua hÉalluighthe. "Táim," arsa Tadhg. "Budh cheart duit a thuilleadh a rádh mar gheall air," ars' an cathaoirleach, acht dá mbeadh sé ag caint ó shoin, ní dearfadh Tadhg focal acht "táim sasta." Ba hannamh le Tadhg ná beadh a dhóthain caint' aige, agus im tuairim-se ní'l deireadh lena chuid caint fós leis. Cuireann an obair seo i gcuimhne dhom triúr nó ceathrar ag teacht a-bhaile ó aonach nó margadh, agus braoinín ólta aca. Éirigheann bruighean bheag eatorra mar gheall ar shean-phíopa nó rud éigin, agus tosnuigheann siad ar bheith ag gabháil ar a chéile. Nuair a bhíonn siad cortha, deir duine aca. "Im briathar, is mór an náire dhúinn é! Budh chirte dhúinn triall a-bhaile mar a dhéanfadh comharsain." Luigheann siad ar bheith ag croth lámh agus ag pógadh a chéile annsain. Tá gach aon rud socair eatorra, acht deir ceann aca, "Budh chuma liom cad déárfá liom féin, acht anois a Dhonnchadh, ní raibh aon cheart agat aon rud a rádh lem dhearbhráthair, agus dá mbeadh sé láithreach, ní déarfá an dara huair é." "Ní raibh aon bheann riamh agam-sa ar aon'ne a bhain leat." adeir an fear eile. Seo ar a chéile arís iad, agus as sain dóibh. Tá ar bhfeisirí go léir sásta anois deir siad. Támaoid go léir sásta. Is gearr go mbeimíd ag cneadaigh le sástachd. Is maith an rud é, acht más maith is mithid é. Tá an t-achrann marbh fá dheireadh. Bhí sé annsain sínte ar bórd, agus tórramh aca air. Ní leomhfaidhe d'aon'ne labhairt os árd, mar do bhí eagla ar an gcath- aoirleach gur chodladh-dhúiseacht a bhí ar an marbhán i n-ionad bháis. Sin é mo thuairim-se leis agus go mbeidh "cad a cham srón Firin" arís againn. Tá na teangain ro-líomhtha agus an Béarla ro-chliste aca, agus muna bhfuil an aondachd sa chroidhe aca, is baoghlach ná beidh sí buan. Do bhí os cionn fiche duine aca as láthair ó'n gcoimhthionóil seo, agus is docha go n-aireochamaoid sgéal uatha sain fós. Deir cuid aca go mbeidh Éire againn gan mhoill anois. Tamaoid go léir a rádh an iomaid, b'fhéidir, acht má éirigheann an marbhán arís, ní bheidh sé le rádh aca gur mise dhúisigh é. Do bhris an t-earrach isteach orainn le sioc agus sneachda. Do bhí an talamh clúduighthe go maith i ndeireadh na seachtmhaine seo ghabh tharainn. Chuir sé cosg leis na feirmeoirí do bhí ag tosnughadh ar bheith ag treabhadh bánta. Acht na dhiaidh sin is eile, is folláine go mór sioc agus sneachda ná an tsíor-bháisteach agus an spéir trom ceódhach a bhí againn le fada, do tharraing tinneas agus aicíd ar ár ndaoine. Beidh na laetheanta ag dul i bhfad as so amach agus an aimsir ag glanadh suas. Mar adeireadh na sean-daoine ní buan an sneachda ar chraoibh ó lá 'le Bríghde amach. An Spailpín Fánach
19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services