Cúrsaidhe an tSaoghail
Éire
Bhailigh na bhfeisirí i bhfochair a chéile i seomra thall i
Lonndain an tseachtmhain seo ghabh tharainn chum caradas
agus réiteacht a dhéanamh lena chéile sul raghdaois isteach
i bpáirc an bhualaidh Feis na Sasana.
Bhíodar go grádhmhar muinnteardha lena chéile. Budh
dhóigh leat ortha na raibh focal riamh eatorra. Bhí Tadhg
Ua hUrdail insa chathaoir agus chum a cheart a thabhairt
do, tá mórán déanta aige do chúis na h-aondachd'.
Do labhair sé go maith is go ciallmhar, mar budh ghnáthach
leis. Do lean Seaghan Réamonn agus Seaghán Diolún ins
an bhealach céadna.
Budh é brígh agus deireadh an sgéil gur thoiligheadar bheith
aontuighthe as so amach. "An bhfuil tú sásta leis seo
go leir?" ars' an cathaoirleach le Tadhg Ua hÉalluighthe.
"Táim," arsa Tadhg. "Budh cheart duit a thuilleadh a
rádh mar gheall air," ars' an cathaoirleach, acht dá mbeadh
sé ag caint ó shoin, ní dearfadh Tadhg focal acht "táim
sasta." Ba hannamh le Tadhg ná beadh a dhóthain caint'
aige, agus im tuairim-se ní'l deireadh lena chuid caint
fós leis.
Cuireann an obair seo i gcuimhne dhom triúr nó
ceathrar ag teacht a-bhaile ó aonach nó margadh, agus braoinín
ólta aca. Éirigheann bruighean bheag eatorra mar
gheall ar shean-phíopa nó rud éigin, agus tosnuigheann siad
ar bheith ag gabháil ar a chéile. Nuair a bhíonn siad
cortha, deir duine aca. "Im briathar, is mór an náire
dhúinn é! Budh chirte dhúinn triall a-bhaile mar a
dhéanfadh comharsain." Luigheann siad ar bheith ag croth
lámh agus ag pógadh a chéile annsain. Tá gach aon rud
socair eatorra, acht deir ceann aca, "Budh chuma liom
cad déárfá liom féin, acht anois a Dhonnchadh, ní raibh
aon cheart agat aon rud a rádh lem dhearbhráthair, agus dá
mbeadh sé láithreach, ní déarfá an dara huair é."
"Ní raibh aon bheann riamh agam-sa ar aon'ne a bhain
leat." adeir an fear eile.
Seo ar a chéile arís iad, agus as sain dóibh. Tá ar
bhfeisirí go léir sásta anois deir siad. Támaoid go
léir sásta. Is gearr go mbeimíd ag cneadaigh le
sástachd. Is maith an rud é, acht más maith is mithid é.
Tá an t-achrann marbh fá dheireadh. Bhí sé annsain
sínte ar bórd, agus tórramh aca air. Ní leomhfaidhe
d'aon'ne labhairt os árd, mar do bhí eagla ar an gcath-
aoirleach gur chodladh-dhúiseacht a bhí ar an marbhán i
n-ionad bháis.
Sin é mo thuairim-se leis agus go mbeidh "cad a cham
srón Firin" arís againn. Tá na teangain ro-líomhtha
agus an Béarla ro-chliste aca, agus muna bhfuil an aondachd
sa chroidhe aca, is baoghlach ná beidh sí buan. Do bhí os
cionn fiche duine aca as láthair ó'n gcoimhthionóil seo,
agus is docha go n-aireochamaoid sgéal uatha sain fós.
Deir cuid aca go mbeidh Éire againn gan mhoill anois.
Tamaoid go léir a rádh an iomaid, b'fhéidir, acht má
éirigheann an marbhán arís, ní bheidh sé le rádh aca gur
mise dhúisigh é.
Do bhris an t-earrach isteach orainn le sioc agus sneachda.
Do bhí an talamh clúduighthe go maith i ndeireadh na
seachtmhaine seo ghabh tharainn. Chuir sé cosg leis na
feirmeoirí do bhí ag tosnughadh ar bheith ag treabhadh
bánta. Acht na dhiaidh sin is eile, is folláine go mór
sioc agus sneachda ná an tsíor-bháisteach agus an spéir trom
ceódhach a bhí againn le fada, do tharraing tinneas agus
aicíd ar ár ndaoine. Beidh na laetheanta ag dul i
bhfad as so amach agus an aimsir ag glanadh suas. Mar
adeireadh na sean-daoine ní buan an sneachda ar
chraoibh ó lá 'le Bríghde amach.
An Spailpín Fánach