Historical Irish Corpus
1600 - 1926
Historical Dictionary of Irish
Search the corpus
Browse the Text Archive 1600-1926
Beárna an Tuaiscirt
Title
Beárna an Tuaiscirt
Author(s)
Ní fios,
Composition Date
1900
Publisher
An Claidheamh Soluis
Téacs
Comhad TEI
Gnáth-Théacs
Comhad ePub
Search Texts
Enter word/phrase
Search Type
Headword
Standardised
Exact match
Phrase
Word Type
All
Adjective
Noun
Preposition
Pronoun
Verb
Verbal Noun
Poetry/Prose
Both
Prose
Poetry
Set Dates
1600
1926
Beárna an Tuaiscirt Tá lucht Connartha an Gaedhilge san Iubhar tar éis bosga snaoisín airgid do bhronnadh ar an Ollamh Ua hIceadha mar sheó cuimhne ar an gcuairt a thug sé ortha sa bhfoghmhar. Tá graifneadh ar an bhosga mar seo:- Bronnadh mise ar an athair Micheál Ó hIceadha doch- túir diadhachta duine comhaltais Acadamh Ríoghdha na h-Éireann ó mhuinntir Chonnartha an Gaedhilge i n-Iubhar Chinn-Trágha do chur i mbuan-chuimhne dho an chuairt do thug chuca 2 Deireadh Foghmhair 1899. Seo litir do cuireadh chum an Athar Micheál i n-éin- fheacht leis an mbosga:- "A Athair dhílis oirmhidnigh - "Ar son na craoibhe seo de Chonnradh na Gaedhilge, iarramuid ort an bronntanas beag so do ghlacadh i gcuimhne do chuairte go h-Iubar Chinn Trágha, noch do bhí comh tairbheach sin d'ar dteangain mhilis ársaid.
"Beidh bród mór ort ag clos go bhfuil ar gcraobh ag dul ar aghaidh go daingean seasmhach. San áit seo idir Dún Dealgan agus an Iubhar, atá ocht gcéad duine 'na mballaibh do Chonnradh na Gaedhilge. "Atá mórán carad agad ar son na Gaedhilge ar fud na hÉireann, acht ní'l caraid níos fírinnighe buan- seasmhaighe ioná atá agad annso agus go háirithe sa nIubhar. "Bail ó Dhia ar d'obhair agus go raibh tú slán buan saoghlach is í seo urnaighe atá ghá cur suas go síor ag do cháirdibh fíor-dhílse. Lucht Connartha na Gaedhilge Iubhair Chinn Trágha, Sgríobhtha ar son na craoibhe An tAthair AOdh Ó Raghallaigh, M.R.I.A. "achdarán Aodh Ó Maoilmhoichéirghe Cisdeoir "Tomás Buanach "Rúnaire" Seo freagra an Athar Micheál:- "A cháirde na Gaedhilge - gabhaim mo sheacht míle buidheachas agaibh fá'n tabhartas deas do bhronnabhar orm agus do sheolabhar chugam tá sgathamh beag ó shoin ann. Acht amháin go rabhas as an gColáisde ag caitheamh mo laethe saoire nuair do bhuail sé annso, dob' fhada roimhe seo do chuirfinn litir ag triall oraibh dá rádh libh go bhfuilim go ró-bhuidheach díbh. "Is áil liom-sa cuimhniughadh ar an gcuairt tugas oraibh tá tamall beag ó shoin ann, agus ní'l dá mhéid agus dá bhuaine an tairbhe dár dteangaidh ársaid aiste nach móide fós mo shástacht agus m'athas dá chionn san. "Is fíor-iongantach liom-sa creididh uaim é, a bhfuil dá dhéanamh ar son na sean-teangadh le tamall i nIubhar Chinn Trágha, in chomhursanacht agus fós ar fud tuaiscirt na hÉireann uile. Go neartuighe Dia bhar lámh-na agus go n-éirghe bhar saothar libh! "Dá mba go racha síbh ar aghaidh mar atá sibh ag déanamh le déidheanaighe, agus ní baoghal liom-sa nach racha sibh, ní misde a rádh nach gábhadh do dhuine ar bith imnidhe do bheith air do thaoibh teangadh milse ar sinnsir isan gceanntar soin agaibh-se. Guidhim rath agus beannacht Dé oraibh go léir, idir óg agus sean, íseal agus uasal. "Is mór an t-adhbhar taidhbhse dhúinn go léir go bhfuil cúis na teangadh ag bualadh chum chinn chomh breágh bríoghmhar a's atá le déidheanaighe. Is cosamhail go ndéarna an chuairt tug an Craoibhín Aoibhinn ar Bhéal Feirsde tamall beag ó shoin na daoine do spreagadh agus tuilleadh fuadair do chur fútha. Do bhíodar riamh go ríogh-mhaith, acht is dócha go mbéidh ní bhus fearr seacht n-uaire feasda. "Beannacht as na Flaitheasaibh anuas oraibh fo seach agus i n-éinfheacht agus ar lucht chosanta na Gaedhilge go hiomlán as gach áit dá bhfuilid na gcomhnuidhe ar fud an domhain! "Mise le mór-mheas oraibh, "Bhar gcara go buan, "Mícheál P. Ua hIceadha, "Ollamh re Diadhacht"
19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services