Historical Irish Corpus
1600 - 1926

Beárna an Tuaiscirt

Title
Beárna an Tuaiscirt
Author(s)
Ní fios,
Composition Date
1900
Publisher
An Claidheamh Soluis

Search Texts

Poetry/Prose
1600 1926


Beárna an Tuaiscirt



Tá lucht Connartha an Gaedhilge san Iubhar tar éis
bosga snaoisín airgid do bhronnadh ar an Ollamh Ua
hIceadha mar sheó cuimhne ar an gcuairt a thug sé
ortha sa bhfoghmhar. Tá graifneadh ar an bhosga mar
seo:-




Bronnadh mise ar an athair Micheál Ó hIceadha doch-
túir diadhachta duine comhaltais Acadamh Ríoghdha na
h-Éireann ó mhuinntir Chonnartha an Gaedhilge i n-Iubhar
Chinn-Trágha do chur i mbuan-chuimhne dho an chuairt do
thug chuca 2 Deireadh Foghmhair 1899.



Seo litir do cuireadh chum an Athar Micheál i n-éin-
fheacht leis an mbosga:-



"A Athair dhílis oirmhidnigh -



"Ar son na craoibhe seo de Chonnradh na Gaedhilge,
iarramuid ort an bronntanas beag so do ghlacadh i
gcuimhne do chuairte go h-Iubar Chinn Trágha, noch do
bhí comh tairbheach sin d'ar dteangain mhilis ársaid.


L. 741


"Beidh bród mór ort ag clos go bhfuil ar gcraobh ag
dul ar aghaidh go daingean seasmhach. San áit seo
idir Dún Dealgan agus an Iubhar, atá ocht gcéad duine
'na mballaibh do Chonnradh na Gaedhilge.



"Atá mórán carad agad ar son na Gaedhilge ar fud
na hÉireann, acht ní'l caraid níos fírinnighe buan-
seasmhaighe ioná atá agad annso agus go háirithe sa
nIubhar.



"Bail ó Dhia ar d'obhair agus go raibh tú slán buan
saoghlach is í seo urnaighe atá ghá cur suas go síor ag
do cháirdibh fíor-dhílse.



Lucht Connartha na Gaedhilge
Iubhair Chinn Trágha,
Sgríobhtha ar son na craoibhe
An tAthair AOdh Ó Raghallaigh, M.R.I.A.
"achdarán



Aodh Ó Maoilmhoichéirghe
Cisdeoir



"Tomás Buanach
"Rúnaire"



Seo freagra an Athar Micheál:-



"A cháirde na Gaedhilge - gabhaim mo sheacht míle
buidheachas agaibh fá'n tabhartas deas do bhronnabhar
orm agus do sheolabhar chugam tá sgathamh beag ó shoin
ann. Acht amháin go rabhas as an gColáisde ag
caitheamh mo laethe saoire nuair do bhuail sé annso,
dob' fhada roimhe seo do chuirfinn litir ag triall oraibh
dá rádh libh go bhfuilim go ró-bhuidheach díbh.



"Is áil liom-sa cuimhniughadh ar an gcuairt tugas
oraibh tá tamall beag ó shoin ann, agus ní'l dá mhéid agus dá
bhuaine an tairbhe dár dteangaidh ársaid aiste nach
móide fós mo shástacht agus m'athas dá chionn san.



"Is fíor-iongantach liom-sa creididh uaim é, a bhfuil
dá dhéanamh ar son na sean-teangadh le tamall i
nIubhar Chinn Trágha, in chomhursanacht agus fós ar fud
tuaiscirt na hÉireann uile. Go neartuighe Dia bhar
lámh-na agus go n-éirghe bhar saothar libh!



"Dá mba go racha síbh ar aghaidh mar atá sibh ag
déanamh le déidheanaighe, agus ní baoghal liom-sa nach racha
sibh, ní misde a rádh nach gábhadh do dhuine ar bith imnidhe
do bheith air do thaoibh teangadh milse ar sinnsir isan
gceanntar soin agaibh-se. Guidhim rath agus beannacht
Dé oraibh go léir, idir óg agus sean, íseal agus uasal.



"Is mór an t-adhbhar taidhbhse dhúinn go léir go bhfuil
cúis na teangadh ag bualadh chum chinn chomh breágh
bríoghmhar a's atá le déidheanaighe. Is cosamhail go
ndéarna an chuairt tug an Craoibhín Aoibhinn ar Bhéal
Feirsde tamall beag ó shoin na daoine do spreagadh
agus tuilleadh fuadair do chur fútha. Do bhíodar riamh
go ríogh-mhaith, acht is dócha go mbéidh ní bhus fearr
seacht n-uaire feasda.



"Beannacht as na Flaitheasaibh anuas oraibh fo seach
agus i n-éinfheacht agus ar lucht chosanta na Gaedhilge go
hiomlán as gach áit dá bhfuilid na gcomhnuidhe ar fud
an domhain!



"Mise le mór-mheas oraibh,
"Bhar gcara go buan,
"Mícheál P. Ua hIceadha,
"Ollamh re Diadhacht"

19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Royal Irish Academy
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services