Historical Irish Corpus
1600 - 1926
Historical Dictionary of Irish
Search the corpus
Browse the Text Archive 1600-1926
Cúrsaidhe an tSaoghail
Title
Cúrsaidhe an tSaoghail
Author(s)
An Spáilpín Fánach,
Pen Name
An Spailpín Fánach
Composition Date
1900
Publisher
An Claidheamh Soluis
Téacs
Comhad TEI
Gnáth-Théacs
Comhad ePub
Search Texts
Enter word/phrase
Search Type
Headword
Standardised
Exact match
Phrase
Word Type
All
Adjective
Noun
Preposition
Pronoun
Verb
Verbal Noun
Poetry/Prose
Both
Prose
Poetry
Set Dates
1600
1926
Cúrsaidhe an tSaoghail Éire Tá mórán daoine air fud Cúige Mumhan ag coiméad na leaptha an aimsir seo leis an aicíd ghránna sin an "Influenza." Tá na dochtúiridhe go h-iomadamhail ag feitheamh orra, agus cuid aco féin síos chómh maith le cách. Is olc a' bhail ar na daoine bochda ins na bailtibh móra go bhfuil siad féin a's a muirighin breóite, an gual do bheith ag éirghe. Do gheobhfaidhe an oiread guail ar sgilling tá sé seachtmhaine ó shoin a's nach bhfaghfaidhe ar leath-choróin anois. Is olc an ghaoth ná séideann do dhuine éigin, adeirtear, acht is annamh a thagann aon athrughadh do ghnidheann puinn tairbhe do dhaoinibh bochda. Deir na dochtúiridhe gur galar iasachta an "Influenza" so agus gur galar tógálach é leis. Dá mbudh é toil Dé é, bhí ar ndóithin de rudaoi iasachta againn cheana - dlighthe iasachda, beusa iasachda, éadach iasachda, teanga iasachda, agus c. D'airigheas dochtúir 'á rádh, dá mbeadh sean-ghearán ag cur ar dhuine agus an Influenza do theacht air, gur deacair an duine sin a leigheas. Tá deallramh air leis, mar an sean-ghalar úd do bhris amach idir ár bhfeisirí tá naoi mbliadhna ó shoin ann - an t-achrann - tá sé ag déanamh an donais eatorra an aimsir seo. Is mór an nídh ámh nach bhfuil aon'ne aco ag fagháil bháis. Aondachd a nglaodhaim síad féin air anois i n-ionad achrainn, "An aondachd thar an saoghal," adeir ceann aco, "gan aondachd ní bheidh rath ná bail orainn. Lean mise agus ná bain leis na dailthíní eile úd," "Mise an buachaill," a deir ceann eile aca, "go bhfuil grádh dom' thír ar dearg-lasadh istigh im' chroidhe; ná bac na súmairí eile sin, acht lean mise, agus teasbánfaidh mé dhíbh an bealach díreach a bhéarfaidh slám sábhálta chum saoirseachd sibh." "Ní'l ionnta sin go léir," adeir an tríomhadh fear, "acht bitheamhnaigh atá ag iarraidh sibh do chur amugha. Bidh páirteach le chéile agus lean mise más mían libh bhur gceart féin do bhaint amach. Ní rinneadar sin 'na aon'ne bhain leó aon rud foghanta ríamh." Is mar seo atá ár bhfeisirí ag cúl-mhaslúghadh a chéile an aimsir seo, agus an saoghal uile go léir ag magadh fútha, acht ní h-aon chúrsaidhe magaidh do mhuinntir na h-Éireann an obair so. Támaoid a' brath ó lá to lá le fada go dtiocfadh réidhteachd éigin eatorra, acht is súil le h-uaigh is baoghlach a bheith ag brath air sin feasda. Nuair a chuadhmar ag lorg rudaoi íasachda go Sasana d'fhágamar aonrud tairbheach a bhí ann thall aco, agus d'árduigheamar an drabhfuigheall abhaile linn. Féach 'dtaobh rádh nár thaithnn an cogadh so le cuid aco thall, gur maith a sheasuigheadar guala le guailainn nuair a buaileadh an cath. Ní leanfamuís an deagh-shompla sin i n-aonchor, is amhlaidh a thosnuigh- míd ar bheith a' marbhughadh a chéile ag dul isteach i bpáirc an bhualadh. Ní feárr bheith ag caint. Is gearr go mbeidh an tslat i n-ár láimh fein arís agus má tá cíall againn cuirfimíd smachd beag ar na feisirí collóideach so. An Spáilpín Fánach
19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services