Cúrsaidhe an tSaoghail
Éire
Tá mórán daoine air fud Cúige Mumhan ag coiméad
na leaptha an aimsir seo leis an aicíd ghránna sin an
"Influenza." Tá na dochtúiridhe go h-iomadamhail ag
feitheamh orra, agus cuid aco féin síos chómh maith le cách.
Is olc a' bhail ar na daoine bochda ins na bailtibh móra
go bhfuil siad féin a's a muirighin breóite, an gual do
bheith ag éirghe. Do gheobhfaidhe an oiread guail ar
sgilling tá sé seachtmhaine ó shoin a's nach bhfaghfaidhe
ar leath-choróin anois. Is olc an ghaoth ná séideann do
dhuine éigin, adeirtear, acht is annamh a thagann aon
athrughadh do ghnidheann puinn tairbhe do dhaoinibh bochda.
Deir na dochtúiridhe gur galar iasachta an "Influenza"
so agus gur galar tógálach é leis. Dá mbudh é toil Dé
é, bhí ar ndóithin de rudaoi iasachta againn cheana -
dlighthe iasachda, beusa iasachda, éadach iasachda, teanga
iasachda, agus c. D'airigheas dochtúir 'á rádh, dá mbeadh
sean-ghearán ag cur ar dhuine agus an Influenza do
theacht air, gur deacair an duine sin a leigheas. Tá
deallramh air leis, mar an sean-ghalar úd do bhris amach
idir ár bhfeisirí tá naoi mbliadhna ó shoin ann - an
t-achrann - tá sé ag déanamh an donais eatorra an
aimsir seo. Is mór an nídh ámh nach bhfuil aon'ne aco
ag fagháil bháis. Aondachd a nglaodhaim síad féin air
anois i n-ionad achrainn, "An aondachd thar an saoghal,"
adeir ceann aco, "gan aondachd ní bheidh rath ná bail
orainn. Lean mise agus ná bain leis na dailthíní eile
úd," "Mise an buachaill," a deir ceann eile aca,
"go bhfuil grádh dom' thír ar dearg-lasadh istigh im'
chroidhe; ná bac na súmairí eile sin, acht lean mise,
agus teasbánfaidh mé dhíbh an bealach díreach a bhéarfaidh
slám sábhálta chum saoirseachd sibh." "Ní'l ionnta sin
go léir," adeir an tríomhadh fear, "acht bitheamhnaigh
atá ag iarraidh sibh do chur amugha. Bidh páirteach le
chéile agus lean mise más mían libh bhur gceart féin do
bhaint amach. Ní rinneadar sin 'na aon'ne bhain leó aon
rud foghanta ríamh." Is mar seo atá ár bhfeisirí ag
cúl-mhaslúghadh a chéile an aimsir seo, agus an saoghal uile
go léir ag magadh fútha, acht ní h-aon chúrsaidhe magaidh
do mhuinntir na h-Éireann an obair so. Támaoid
a' brath ó lá to lá le fada go dtiocfadh réidhteachd
éigin eatorra, acht is súil le h-uaigh is baoghlach a bheith
ag brath air sin feasda. Nuair a chuadhmar ag lorg
rudaoi íasachda go Sasana d'fhágamar aonrud tairbheach
a bhí ann thall aco, agus d'árduigheamar an drabhfuigheall
abhaile linn. Féach 'dtaobh rádh nár thaithnn an cogadh
so le cuid aco thall, gur maith a sheasuigheadar guala
le guailainn nuair a buaileadh an cath. Ní leanfamuís
an deagh-shompla sin i n-aonchor, is amhlaidh a thosnuigh-
míd ar bheith a' marbhughadh a chéile ag dul isteach i
bpáirc an bhualadh. Ní feárr bheith ag caint. Is gearr
go mbeidh an tslat i n-ár láimh fein arís agus má tá cíall
againn cuirfimíd smachd beag ar na feisirí collóideach
so.
An Spáilpín Fánach