Historical Irish Corpus
1600 - 1926
Historical Dictionary of Irish
Search the corpus
Browse the Text Archive 1600-1926
Tuairisg ó'n Tuaisceart
Title
Tuairisg ó'n Tuaisceart
Author(s)
Cú Uladh,
Pen Name
Cú Uladh
Composition Date
1900
Publisher
An Claidheamh Soluis
Téacs
Comhad TEI
Gnáth-Théacs
Comhad ePub
Search Texts
Enter word/phrase
Search Type
Headword
Standardised
Exact match
Phrase
Word Type
All
Adjective
Noun
Preposition
Pronoun
Verb
Verbal Noun
Poetry/Prose
Both
Prose
Poetry
Set Dates
1600
1926
Tuairisg ó'n Tuaisceart Buaileadh buille trom i gcúis na Gaedhilge i mBéil- feirsde an tseachtmhain so tré oráid no lectiúir thug Pádraig Ó Seagha uaidh ós comhair an Chumainn Chatoilic oidhche dia ceadaoine so chuaidh tharainn. As
Béarla tugadh an oráid úd acht do bhí sí chomh bríoghmhar fuinneamhach sin chomh hárd-aigeantach 'na smuaintibh, agus chomh binnbhreithreach 'na urlabhra gur bhuail sí isteach in aghaidh gach duine do bhí ag eisteacht gur ceart agus gur éiginteach d'Éireannchaibh a dteanga do chosnamh agus choimhéad más i ndán dóibh a naisiúntacht do bheith beo no dóibh féin bheith gan a slugadh suas leis an Sacsain- treibh. Ní raibh duine i láthair a thóg misneach focal do rádh in aghaidh an mhéid adubhairt mac Uí Sheagha agus adubhairt uachdarán na tionóla nar chuala sé riamh roimhe sin tagradh ní b'fhearr i leith na Gaedhilge. Clodhbhualadh roinn mhaith de'n oráid 'san Irish News agus dar ndóigh léighfear í ar fud Uladh. Anois atá cuid mhór de'n chineal so d'obair le deanamh againn go fóill. Siúd 's gur tearc duine in Éirinn ar mhian leis a rádh ós árd nar chóir an Ghaedhilg d'aithbheodhuigheadh atá 'na mílte daoine nach bhfuil cneideamh ceart aca 'san obair. Acht go bhfuil an méid so fíor ní bheimís chomh fhada is atamaoid gan Gaedhilg do bheith dá munadh ins na sgoiltaibh ar fud na tíre. Ní hé an Bórd so nó an Bórd ud, atá cionntach acht sinn féin .i. muinntir na tíre go léir. Caidé 'n fáth dobhearadh ar Bhórd Mhuinteachais ar bith muinteachas Gaedhilge do chur ar bun chomh fad is nach n-iarrfar orra é. Cá bhfuil an buidean creideamhnach d'iarr orra fós é. Níor dhubhairt ár bhfir puiblidhthe gur mhaith leo muinteachas Gaedhilge do bheith ann acht go fíor beagán aca. Ní dhubhairt an cléir in a gcruin- nighthibh féin gur ceart muinteachas Gaedhilge do bheith ann. Ní mó dubhairt ár gComhairle Condae no ar gComhairlithe Tuaithe, acht an chuid is lugha aca gur maith an nídh Gaedhilg do bheith ar múnadh ins na sgol- taibh. Adeir lucht Connartha na Gaedhilge gur ceart Gae- dhilg do mhúnadh, acht atámaoid nar mbuidhin lag fós. Ní'l áit, b'fhéidir, in Éirinn in a bhfuil an Connradh níos láidre 'na i mBéilfeirsde acht ar a shon sin is lag an dream sinn imeasg na coda eile san gcathraigh. Ní'l, is dóighthe, míle duine san gConnradh 'san gcathraigh, agus trí ceud míle lion an phobail uile i mBéilfeirsde. Agus is é an t-aos óg is mó atá againn, agus is iad na daoine is fearr le bheith againn i gcomhair an teanga d'fhoghluim; acht caidé thig leo do dheanamh? Ní'l sé nar gcumhacht go nuighe so a thabhairt ar oide sgoile 'san gcathraigh Gaedhilg do mhúnadh 'na sgoil. Rud eile, cuireadh bac agus cosg orrainn an gluaiseacht Gaedhilge do chur i bhfeidhm thríd an Condae Andruime do brigh go raibh dá shagart parraisde 'san duithche sin go raibh droch rún aca leis an Ghaedhilg. Caidé 'n gar dúinn a bheith ag tabhairt droich-íde ar Bhórd mhúin- teachais mar gheall ar gan Ghaedhilg do chur ar aghaidh ins na sgoltaibh go mbéidh níos mo daoine da iarraidh. Caithfimíd dul ar aghaidh ag cruthughadh do dhaoinibh gur ceart an Gaedhilg do mhúnadh le horáidibh (as Béarla an chuid is mó aca) le sgríbhinnibh ins na páipéiribh agus i ngach slighe eile in a dtig linn a chur in umhail d' Éireannachaibh a ndualgas i dtaoibh na teangan. Ag so slighe eile leis an mhéid so do dhéanamh a chuireamar i bhfeidhm i mBéilfeirsde go minic. Cuir i gcás go bhfuil duine éigin le hóráid do thabhairt uaidh ann so no ann súd, ar litiridheacht no ar stáir éigin bhaineas le hÉirinn, deirimís ar "sgríobhnóiribh Éire- annacha" no ar "litiridheacht Éireannach 'na a mac-a- samhail" eile. Atá Gaedhilgeóir no dó i láthair agus tar éis na hóráide atá daoine ag moladh fir na hóráide. Éirigheann an Gaedhilgtheóir agus abrann sé gur mhaith an lectiúir í, acht nár chóir an ainm Éireannach do thabhairt ar sgríbhinníbh, no ar litiridheacht gaill-bhéarla iad. Ní'l freagra ar bith le tabhairt ar so, agus ní'l duine i láthair nach bhfuil d'fhiachaibh air smuaineadh go bhfuil sgríbhinní Éireannacha eagsamhla ann .i. sgríbhínní Gaedhilge. Atá mórán oibre de'n tsadhas so le déanamh againn go fóill - bímis 'na gcionn. Cú Uladh
19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services