Béarla tugadh an oráid úd acht do bhí sí chomh bríoghmhar
fuinneamhach sin chomh hárd-aigeantach 'na smuaintibh,
agus chomh binnbhreithreach 'na urlabhra gur bhuail sí isteach
in aghaidh gach duine do bhí ag eisteacht gur ceart agus
gur éiginteach d'Éireannchaibh a dteanga do chosnamh
agus choimhéad más i ndán dóibh a naisiúntacht do bheith beo
no dóibh féin bheith gan a slugadh suas leis an Sacsain-
treibh. Ní raibh duine i láthair a thóg misneach focal
do rádh in aghaidh an mhéid adubhairt mac Uí Sheagha agus
adubhairt uachdarán na tionóla nar chuala sé riamh
roimhe sin tagradh ní b'fhearr i leith na Gaedhilge.
Clodhbhualadh roinn mhaith de'n oráid 'san Irish News agus
dar ndóigh léighfear í ar fud Uladh.
Anois atá cuid mhór de'n chineal so d'obair le
deanamh againn go fóill. Siúd 's gur tearc duine
in Éirinn ar mhian leis a rádh ós árd nar chóir an
Ghaedhilg d'aithbheodhuigheadh atá 'na mílte daoine nach
bhfuil cneideamh ceart aca 'san obair. Acht go bhfuil
an méid so fíor ní bheimís chomh fhada is atamaoid gan
Gaedhilg do bheith dá munadh ins na sgoiltaibh ar fud
na tíre. Ní hé an Bórd so nó an Bórd ud, atá
cionntach acht sinn féin .i. muinntir na tíre go léir.
Caidé 'n fáth dobhearadh ar Bhórd Mhuinteachais ar bith
muinteachas Gaedhilge do chur ar bun chomh fad is nach
n-iarrfar orra é. Cá bhfuil an buidean creideamhnach
d'iarr orra fós é. Níor dhubhairt ár bhfir puiblidhthe gur
mhaith leo muinteachas Gaedhilge do bheith ann acht go
fíor beagán aca. Ní dhubhairt an cléir in a gcruin-
nighthibh féin gur ceart muinteachas Gaedhilge do bheith
ann. Ní mó dubhairt ár gComhairle Condae no ar
gComhairlithe Tuaithe, acht an chuid is lugha aca gur
maith an nídh Gaedhilg do bheith ar múnadh ins na sgol-
taibh.
Adeir lucht Connartha na Gaedhilge gur ceart Gae-
dhilg do mhúnadh, acht atámaoid nar mbuidhin lag fós.
Ní'l áit, b'fhéidir, in Éirinn in a bhfuil an Connradh níos
láidre 'na i mBéilfeirsde acht ar a shon sin is lag an
dream sinn imeasg na coda eile san gcathraigh. Ní'l,
is dóighthe, míle duine san gConnradh 'san gcathraigh, agus
trí ceud míle lion an phobail uile i mBéilfeirsde.
Agus is é an t-aos óg is mó atá againn, agus is iad
na daoine is fearr le bheith againn i gcomhair an
teanga d'fhoghluim; acht caidé thig leo do dheanamh?
Ní'l sé nar gcumhacht go nuighe so a thabhairt ar oide
sgoile 'san gcathraigh Gaedhilg do mhúnadh 'na sgoil.
Rud eile, cuireadh bac agus cosg orrainn an gluaiseacht
Gaedhilge do chur i bhfeidhm thríd an Condae Andruime
do brigh go raibh dá shagart parraisde 'san duithche sin
go raibh droch rún aca leis an Ghaedhilg. Caidé 'n gar
dúinn a bheith ag tabhairt droich-íde ar Bhórd mhúin-
teachais mar gheall ar gan Ghaedhilg do chur ar aghaidh
ins na sgoltaibh go mbéidh níos mo daoine da iarraidh.
Caithfimíd dul ar aghaidh ag cruthughadh do dhaoinibh gur
ceart an Gaedhilg do mhúnadh le horáidibh (as Béarla
an chuid is mó aca) le sgríbhinnibh ins na páipéiribh agus i
ngach slighe eile in a dtig linn a chur in umhail d'
Éireannachaibh a ndualgas i dtaoibh na teangan.
Ag so slighe eile leis an mhéid so do dhéanamh a
chuireamar i bhfeidhm i mBéilfeirsde go minic. Cuir
i gcás go bhfuil duine éigin le hóráid do thabhairt uaidh
ann so no ann súd, ar litiridheacht no ar stáir éigin
bhaineas le hÉirinn, deirimís ar "sgríobhnóiribh Éire-
annacha" no ar "litiridheacht Éireannach 'na a mac-a-
samhail" eile. Atá Gaedhilgeóir no dó i láthair agus tar
éis na hóráide atá daoine ag moladh fir na hóráide.
Éirigheann an Gaedhilgtheóir agus abrann sé gur mhaith an
lectiúir í, acht nár chóir an ainm Éireannach do thabhairt
ar sgríbhinníbh, no ar litiridheacht gaill-bhéarla iad. Ní'l
freagra ar bith le tabhairt ar so, agus ní'l duine i láthair
nach bhfuil d'fhiachaibh air smuaineadh go bhfuil sgríbhinní
Éireannacha eagsamhla ann .i. sgríbhínní Gaedhilge. Atá
mórán oibre de'n tsadhas so le déanamh againn go
fóill - bímis 'na gcionn.
Cú Uladh