Historical Irish Corpus
1600 - 1926
Historical Dictionary of Irish
Search the corpus
Browse the Text Archive 1600-1926
Éire agus an Cogadh
Title
Éire agus an Cogadh
Author(s)
Spailpín Fánach,
Pen Name
Spailpín Fánach
Composition Date
1900
Publisher
An Claidheamh Soluis
Téacs
Comhad TEI
Gnáth-Théacs
Comhad ePub
Search Texts
Enter word/phrase
Search Type
Headword
Standardised
Exact match
Phrase
Word Type
All
Adjective
Noun
Preposition
Pronoun
Verb
Verbal Noun
Poetry/Prose
Both
Prose
Poetry
Set Dates
1600
1926
Éire agus an Cogadh Airgead, airgead, airgiod, adeireadh sean-bhean ó Cheann Tuirc do bhíodh ag díol bhalcuisidhe air na h-aon- tuighibh fadó (go ndeárna Dia trócaire uirri, budh bhreágh an guth a bhí aici). D'aireóchthá míle ó bhaile í a's gan aon rud ar siubhal aici ó mhaidin go h-oidhche acht airgead, airgead. Is geárr go mbeidh na port céadna ar siubhal ag sean-bhean thall tar caladh. Ní mar a chéile an bheirt mhnaoi ámh, mar do thabharfadh sean-bhean na mbalcuis dhe luach do chuid airgid duit, agus deurfadh sí "Go meúdaighe Dia thu." Acht i dtaobh na mná eile, ní deurfaidh sí oiread a's "Go raibh maith agat." Deirtear go gcosnóchaidh an cogadh so dáfhichid miliún púnt. Dá fhíchid míle míle púnt. "A Mhuire, cá bhfágfar é go léir? Cá bhfaghfar an t-airgead so go léir?" arsa mise le Seaghán Ruadh, fear tuigscannach atá annso. "Dhe" árseision "díolfaidh caillichín na snaoise cuid de, díolfaidh caillichín a' phíopa cuid de, a's díolfaidh Máire an tae cuid de, agus mar sin." "Ó tuigim," arsa mise. Chím go bhfuil mórán des an h-uaislibh ag imtheachd ó Éirinn go dtí an cogadh. Is dóigh liom féin - a's dar ndóigh ní fheadar - bíonn a shlíghe féin ag gach aoinne - is dóigh liom go mb'fheárr liom foighde bheith againn, agus bás d'fhághail ag baile. Muna mbeadh aon rud ann, acht nár bhreágh sólásach an rud do dhuine tóramh a bheith air agus píopa tobac agus glaine fuisgí bheith os a chionn, seachas bheith caithte ann sin isteach 'sa pholl gan cómhra gan uile, agus gan toradh madaidh ort. Go bhfóiridh Dia orainn is mór na h-amadáin na daoine uaisle seo ag fágailt tighthe cluthmhar chum dul ag troid dós na Sasanaigh, agus ná feadair na Sasanaigh a leithéidí bheith ann i n-aon chor, acht iad féin ag imtheachd 'na scaothairí le neart teasbach 'ghá theas- báint féin dóibh. Ar a' dtaobh eile den sgéal, ámh acht, is maith a ceart dóibh aon cúngnamh d'fheudaidís a thabhairt do na Sasanaibh mar is aca do bhí an saoghal breágh fútha i n-Éirinn, agus na daoine bochda ag íarraidh íad do chothughadh i measg gorta a's gábhatar. Seadh d'imthigh súd a's tháinig so. Ní ná go bhfuil ár dtrioblóididhe féin ag cur orainne fós, a's beidh go fóil is dócha. Nuair nach bhfuil an sgeal níos feárr againn, buidheachas le Dia nach bhfuil sé níos measa. Tá an brón 'ghá roinnt go tiugh an aimsir seo, agus is iomdha áit bhreágh ag deunamh díon dona príacháin tar éis piléaraí Phóil agus a shluagh. Mhaise nach deas ciúin atá na daoine úd do bhíodh ag briseadh na bhfuinnéog i mBéalfeirsde gach Samhradh. Ní'l gíog na míog asta, anois. Ní'l aon éileamh air chogadh aco. Cá bhfuil Baile-cíll-bheag anois ní fheada? Ní airighmíd focal mar gheall air. Shaoileamar tá tamall ó shoin ná raibh claidhe ná díghe 'sa tuaisceart ná raibh lán suas de ghunnaí, gléasda chum cogaidh. Á is glic na buachaillí iad ó thuaidh, agus tá a rían air, tá siad ag tógaint a suaimhnis anois. Ní thabharfadh na Sasanaigh ár bhféis dúinn-ne air eagla ná tiubhar- famaois a gceart don mhuinntir ó thuaidh. Cá bhfuil siad uatha anois? Tá siad ag baile ag tabhairt aire dá ngnó féin. Fágaim le h-udhachd gur dócha go bhfuil an ceart aco. Is beag a' maith do dhuine an saoghal nuair a bhíonn a bhean na baintreabhach. Is greannmhar na Riaghaltóirí na Sasanaigh. Táid na mílte míle daoine ag fághail bháis leis an ocras ins na h-Indiachaibh Thoir. Tá na mílte míle punt 'á gcaitheamhgan mhaith gan tairbhe i n-Aifric theas. Tá muinntir na h-Éireann ag imreasgáil leis an dhonas mar budh ghnáthach leó, a's gan aon fhúasgailt le fagháil aco ó Shasana. Tá gach aon rud ag imtheachd trí na chéile orra, níor mhaith leo síothcháin acht is measa ná sain an cogadh. Níl toradh spoití orra thall ná i bhfus anois, acht is mó duine go bhfuil níos mó buadhairt air 'na thaobh ná an Spailpín Fánach
19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services