Historical Irish Corpus
1600 - 1926

Éire agus an Cogadh

Title
Éire agus an Cogadh
Author(s)
Spailpín Fánach,
Pen Name
Spailpín Fánach
Composition Date
1900
Publisher
An Claidheamh Soluis

Search Texts

Poetry/Prose
1600 1926


Éire agus an Cogadh



Airgead, airgead, airgiod, adeireadh sean-bhean ó
Cheann Tuirc do bhíodh ag díol bhalcuisidhe air na h-aon-
tuighibh fadó (go ndeárna Dia trócaire uirri, budh
bhreágh an guth a bhí aici). D'aireóchthá míle ó bhaile í a's
gan aon rud ar siubhal aici ó mhaidin go h-oidhche acht
airgead, airgead. Is geárr go mbeidh na port céadna
ar siubhal ag sean-bhean thall tar caladh. Ní mar a chéile
an bheirt mhnaoi ámh, mar do thabharfadh sean-bhean na
mbalcuis dhe luach do chuid airgid duit, agus deurfadh sí
"Go meúdaighe Dia thu." Acht i dtaobh na mná eile, ní
deurfaidh sí oiread a's "Go raibh maith agat."



Deirtear go gcosnóchaidh an cogadh so dáfhichid
miliún púnt. Dá fhíchid míle míle púnt. "A Mhuire,
cá bhfágfar é go léir? Cá bhfaghfar an t-airgead
so go léir?" arsa mise le Seaghán Ruadh, fear
tuigscannach atá annso. "Dhe" árseision "díolfaidh
caillichín na snaoise cuid de, díolfaidh caillichín a'
phíopa cuid de, a's díolfaidh Máire an tae cuid de, agus
mar sin." "Ó tuigim," arsa mise.



Chím go bhfuil mórán des an h-uaislibh ag imtheachd ó
Éirinn go dtí an cogadh. Is dóigh liom féin - a's dar
ndóigh ní fheadar - bíonn a shlíghe féin ag gach aoinne -
is dóigh liom go mb'fheárr liom foighde bheith againn,
agus bás d'fhághail ag baile. Muna mbeadh aon rud
ann, acht nár bhreágh sólásach an rud do dhuine tóramh a
bheith air agus píopa tobac agus glaine fuisgí bheith os a chionn,
seachas bheith caithte ann sin isteach 'sa pholl gan cómhra
gan uile, agus gan toradh madaidh ort.



Go bhfóiridh Dia orainn is mór na h-amadáin na
daoine uaisle seo ag fágailt tighthe cluthmhar chum
dul ag troid dós na Sasanaigh, agus ná feadair na
Sasanaigh a leithéidí bheith ann i n-aon chor, acht iad féin
ag imtheachd 'na scaothairí le neart teasbach 'ghá theas-
báint féin dóibh.



Ar a' dtaobh eile den sgéal, ámh acht, is maith a
ceart dóibh aon cúngnamh d'fheudaidís a thabhairt do na
Sasanaibh mar is aca do bhí an saoghal breágh fútha i
n-Éirinn, agus na daoine bochda ag íarraidh íad do
chothughadh i measg gorta a's gábhatar. Seadh d'imthigh
súd a's tháinig so. Ní ná go bhfuil ár dtrioblóididhe
féin ag cur orainne fós, a's beidh go fóil is dócha.
Nuair nach bhfuil an sgeal níos feárr againn, buidheachas
le Dia nach bhfuil sé níos measa. Tá an brón 'ghá
roinnt go tiugh an aimsir seo, agus is iomdha áit bhreágh ag
deunamh díon dona príacháin tar éis piléaraí Phóil agus a
shluagh.



Mhaise nach deas ciúin atá na daoine úd do bhíodh ag
briseadh na bhfuinnéog i mBéalfeirsde gach Samhradh.
Ní'l gíog na míog asta, anois. Ní'l aon éileamh air
chogadh aco. Cá bhfuil Baile-cíll-bheag anois ní fheada?
Ní airighmíd focal mar gheall air. Shaoileamar tá
tamall ó shoin ná raibh claidhe ná díghe 'sa tuaisceart
ná raibh lán suas de ghunnaí, gléasda chum cogaidh.
Á is glic na buachaillí iad ó thuaidh, agus tá a rían air, tá
siad ag tógaint a suaimhnis anois. Ní thabharfadh na
Sasanaigh ár bhféis dúinn-ne air eagla ná tiubhar-
famaois a gceart don mhuinntir ó thuaidh. Cá bhfuil
siad uatha anois? Tá siad ag baile ag tabhairt aire
dá ngnó féin. Fágaim le h-udhachd gur dócha go bhfuil
an ceart aco. Is beag a' maith do dhuine an saoghal
nuair a bhíonn a bhean na baintreabhach. Is greannmhar
na Riaghaltóirí na Sasanaigh. Táid na mílte míle
daoine ag fághail bháis leis an ocras ins na h-Indiachaibh
Thoir. Tá na mílte míle punt 'á gcaitheamhgan mhaith
gan tairbhe i n-Aifric theas. Tá muinntir na h-Éireann
ag imreasgáil leis an dhonas mar budh ghnáthach leó, a's
gan aon fhúasgailt le fagháil aco ó Shasana. Tá gach
aon rud ag imtheachd trí na chéile orra, níor mhaith leo
síothcháin acht is measa ná sain an cogadh. Níl toradh
spoití orra thall ná i bhfus anois, acht is mó duine go
bhfuil níos mó buadhairt air 'na thaobh ná an



Spailpín Fánach

19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Royal Irish Academy
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services