Historical Irish Corpus
1600 - 1926
Historical Dictionary of Irish
Search the corpus
Browse the Text Archive 1600-1926
Cúrsaidhe an tSaoghail
Title
Cúrsaidhe an tSaoghail
Author(s)
Conán Maol,
Pen Name
Conán Maol
Composition Date
1900
Publisher
An Claidheamh Soluis
Téacs
Comhad TEI
Gnáth-Théacs
Comhad ePub
Search Texts
Enter word/phrase
Search Type
Headword
Standardised
Exact match
Phrase
Word Type
All
Adjective
Noun
Preposition
Pronoun
Verb
Verbal Noun
Poetry/Prose
Both
Prose
Poetry
Set Dates
1600
1926
Cúrsaidhe an tSaoghail Tar Lear Chuir an tighearliliana Curson atá 'na Riaghlóir ar na hIndiachaibh Toir tuairisg abhaile go Sasana go bhfuil an gabhatar agus an ghorta ag gabháil do dháfhichead milliún duine ins an tír úd, agus deir sé nách ceart do mhuintir Shasana na daoine bochta do thréigean, siúd agus go bhfuil cogadh ins an Afric theas. Bhiadh sé chomh maith aige a bhéal d'éisteacht, mar tá breis le déanamh ag Seághan an aimsir seo agus ní bhfaghaidh Curson 'ná a dhaoine buidhe pinginn uaidh. Bhí an ghorta annsud cheana agus is beag do chuir Seághan chuca gidh go bhfuair sé féin saidhbhreas mór as na hIndiachaibh Thoir. Tá dhá mhilliún púnt caithte gach aon tseachtmhain ag Seághan leis an gcogadh so agus is mór an chuid bídh agus díghe do cheannóchadh an méid sin airgid do dhaoinibh bochta ní h-amháin ins na hIndiachaibh Thoir acht i Lunduin féin mar tá an iomad daoine ins an chathair sin go hocrach. Tá breis ag cuid acu agus gan a ndóthain ag a thuilleadh acu. Tá an sgéal céadna acu ins na hIndiachaibh Thoir, agus má bhíodar riamh níos measa 'ná atáid siad fá smacht Sheagháin, mo thruagh iad. Caillfear na mílte agus na milliúin acu leis an ocras an cor so agus dubharthas gur cailleadh fiche milliún acu leis an ngorta tá cheithre bliadhna ó shoin. Cad é mo leigheas-sa ortha (?) adéarfadh Seághan, bhí an séasúr ró- thirm agus dá dheasgaibh sin do mheath an síol agus ní fhuil biadh acu; ní féidir liom-sa báisdeach do thabhairt ó'n spéir. Is fíor sain, adeir an fear buidhe, acht bhíodh airgead go leór againn roimhe seo chum bidh do cheannach indiaidh an tséasúir tirm agus is annamh do bhímis ocrach. Cear- daighthe do b'eadh ár ndaoine, mórán acu go háirighthe. Bhíodh lámh-dhéantúsaidhe ins na tighthibh againn, acht a Sheághain chuiris-se cáin chómh trom sain ortha gur briseadh sinn i gcás go mbiadh obair mhuileann Shasana dá díol nár measg agus támuid creachda. Is mar mhaithe libh do rinneas é sin, adeir Seághan, acht ní fhuil fhios agam an gcreideann an fear buidhe é; acht aon nídh amháin tá bolg an fhir bhoicht folamh agus gan airgead aige chum an ghoile do shásadh. Deir páipéir na Fraince go bhfuil an Rúise ar tí na tíre úd do bhaint de Sheághan agus dá olcas an ghorta is measa é an cogadh. Tá cogadh na mBórach fuilteach acht is dócha nách bhfuil ann dá mhéid é acht bruighean aonaigh seachas an cath do bhiadh idir an Rúise agus Sasana. Táthar 'gá rádh le fada go mbeidh imreas eatortha i dtaobh na nIndiachaidhe Thoir agus ceapann a lán go dtiocfaidh sé sul a mbeidh coga na mBórach criochnuighthe. Is beag an tuairisg atá ó'n gcogadh sain le seachtmhain acht deirthear go mbeidh ár agus éirleach idir Ioubert agus Buller láithreach. Níor chualamar gíog ó Bhuller ar feadh seachtmhaine agus sílidh gach duine go raibh fóirithin tabhartha aige ar an bhFuíteach. Ní fhuil ámh mar tá Ioubert annsúd go dán. Níor thug Buller aghaidh ar Cholenso mar ar buadhadh cheana air acht d'éaluigh sé suas cois na habhann ins an oidhche go Páirc an fhíor-uisge nó Springfield sé mhíle dhéag suas ó Cholenso agus bhuail sé tarsna na habhann annsúd gan cosg ó Ioubert gidh go raibh seisean annsud leis ag faireadh air. Tá an bheirt ar aghaidh a chéile agus níor bhuaileadar a chéile acht meastar go raibh bruighean eatortha an Satharn so ghabh thart. Tá na mílte fear le Buller. Deirthear go raibh a shluagh fiche míle ar faid agus do chuirfeadh an méid sin i n-iúl do dhuine méid na sluagh mar is beag sochraid do chonnarc riamh ar an dtuath do bhí míle ar faid. Tá céad gunna mór ag Buller anois agus do chrom cuid acu súd ar stealladh sleagán ar na cnocánaibh mar a bhfuil na Bóraigh suidhte acht níor fhreagair na feirmeóirí iad. Dúiseóchaidh Ioubert ar ball agus ní misde dhó é mar tá an dream is mó 'na choinnibh do bhuail riamh leis. Chrom na Sasanaigh i Lúnduin ar mhaoidheamh cheana féin acht níor labhair Ioubert fós agus ní chuirfidh gaoth 'ná gleó aon eagla air. Ní fhuil na saighdiúirí féin chómh h-aérach agus do bhíodar agus ní locht ar na fearaibh bochta é, mar is beag duine ná cuirfeadh amharstraigh ghunnaí gearra na mBórach faitchíos air. Is dócha go mbeidh éitheach 'na thaobh ins na páipéaraibh mar ba ghnáthach acht geóbhaimíd an fhírinne nó smiot di uair éigin. Dubhairt na páipéir gur marbhuigheadh capall Ioubert ins an gcath roimhe seo, gur thuit sí go hobann agus go raibh an taoiseach fúithe agus gur gortuigheadh cnámh a dhroma. Fuair sé tuirimno tuisleadh éigin agus ní raibh sé ar fóghnamh ar feadh tamaill. Fuair sé sos ámh - tá biseach anois air mar adéarfá, agus gidh go bhfuil sé i nguais leis an bhFuíteach suidhte dia
thiar de agus Buller ar a aghaidh amach ceapaim go dtabhar- faidh sé a ndóthain doibh go léir. Dá gcuirfeadh Buller fá gabháil suas thré Cholenso do bhuadhfaidhe arís air gan aon amhras, acht deirthear gur cheap Roberts cuma eile cogaidh dó. Chloisimis go dtagadh Buller i ngearracht cheithre mhíle do Cholenso dó nó trí uairibh sa tseachtmhain agus go gcromadh sé ar shleaghánaibh buile do stealladh ar chlaiseanna na mBórach acht ní chuireadh Ioubert suim ann. Chuir an cleas sain Bhulleir i gcuimhne dhom tarbh bualadh do bhí againn 'sa bhaile, tarbh geal-adharcach, glór-ghéimeach borb-bhúitreach. Bhí cómhursa dhúinn na luighe cois claidhe lá gréine, maor abhann do b'eadh é. Chonnairc an tarbh é agus chrom sé ar búitridh le n-a leithéid sin de reacht gur dhóich leat go gcuirfeadh sé a thátháin amach acht níor leig an maor abhann air gur chualaidh sé é. "Buail i leith annso chúgam," arsa mesi, "nó marbhóchaidh an tarbh sain thu a Mhíchil." "Ní baoghal dom é, féach," arsa Mícheál agus leis sin dhéin sé ar an dtarbh, acht má dhéin sceinn an tarbh uaidh, a cheann 'sa n-aer agus a earball fillte idir a dhá chois. "Bhíodh sgannradh orm roimis," ar Mícheál, "agus thógas an gunna liom an oidhche eile agus chuireas dhá ghrán 'na thóin; ní thiocfadh sé am' ghoire feasda." Tá Metuen agus Buller cneasuighthe anois, níor cuireadh ar Bhuller acht sgríobh agus tá sé ar siubhal arís acht níor chuir Metuen cor de fós mar tá Cronghe go borb ar an gcasán roimis. Do chaill an Frínseach fiche fear an tseachtmhain do ghabh thart, ó Thalmhain Óir (Australia) dhóibh siúd. Bhí taithighe acu ar mharcuigheacht ar an bhfásach agus bhí meas acu ortha féin agus muinighin ag an bhFrínseach asda. Ba mhaith an sás faire ar na Bóraigh iad súd acht aon tráthnóna amháin bhuail dream beag Bórach na dtreo, mharbhuigheadar cúigear acu agus scioba- dar léo an chuid eile. Is deacair ór Phóil Kruger do bhreith. Conán Maol
19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services