Historical Irish Corpus
1600 - 1926

Cúrsaidhe an tSaoghail

Title
Cúrsaidhe an tSaoghail
Author(s)
Conán Maol,
Pen Name
Conán Maol
Composition Date
1900
Publisher
An Claidheamh Soluis

Search Texts

Poetry/Prose
1600 1926


Cúrsaidhe an tSaoghail



Tar Lear



Chuir an tighearliliana Curson atá 'na Riaghlóir ar na
hIndiachaibh Toir tuairisg abhaile go Sasana go bhfuil an
gabhatar agus an ghorta ag gabháil do dháfhichead milliún
duine ins an tír úd, agus deir sé nách ceart do mhuintir
Shasana na daoine bochta do thréigean, siúd agus go bhfuil
cogadh ins an Afric theas. Bhiadh sé chomh maith aige a
bhéal d'éisteacht, mar tá breis le déanamh ag Seághan
an aimsir seo agus ní bhfaghaidh Curson 'ná a dhaoine buidhe
pinginn uaidh. Bhí an ghorta annsud cheana agus is beag
do chuir Seághan chuca gidh go bhfuair sé féin saidhbhreas
mór as na hIndiachaibh Thoir. Tá dhá mhilliún púnt caithte
gach aon tseachtmhain ag Seághan leis an gcogadh so agus is
mór an chuid bídh agus díghe do cheannóchadh an méid sin
airgid do dhaoinibh bochta ní h-amháin ins na hIndiachaibh
Thoir acht i Lunduin féin mar tá an iomad daoine ins
an chathair sin go hocrach. Tá breis ag cuid acu agus gan
a ndóthain ag a thuilleadh acu. Tá an sgéal céadna
acu ins na hIndiachaibh Thoir, agus má bhíodar riamh níos
measa 'ná atáid siad fá smacht Sheagháin, mo thruagh iad.



Caillfear na mílte agus na milliúin acu leis an ocras an
cor so agus dubharthas gur cailleadh fiche milliún acu leis
an ngorta tá cheithre bliadhna ó shoin. Cad é mo
leigheas-sa ortha (?) adéarfadh Seághan, bhí an séasúr ró-
thirm agus dá dheasgaibh sin do mheath an síol agus ní fhuil biadh
acu; ní féidir liom-sa báisdeach do thabhairt ó'n spéir.
Is fíor sain, adeir an fear buidhe, acht bhíodh airgead
go leór againn roimhe seo chum bidh do cheannach indiaidh
an tséasúir tirm agus is annamh do bhímis ocrach. Cear-
daighthe do b'eadh ár ndaoine, mórán acu go háirighthe.
Bhíodh lámh-dhéantúsaidhe ins na tighthibh againn, acht a
Sheághain chuiris-se cáin chómh trom sain ortha gur
briseadh sinn i gcás go mbiadh obair mhuileann Shasana
dá díol nár measg agus támuid creachda. Is mar mhaithe
libh do rinneas é sin, adeir Seághan, acht ní fhuil fhios
agam an gcreideann an fear buidhe é; acht aon nídh
amháin tá bolg an fhir bhoicht folamh agus gan airgead aige
chum an ghoile do shásadh. Deir páipéir na Fraince go
bhfuil an Rúise ar tí na tíre úd do bhaint de Sheághan agus
dá olcas an ghorta is measa é an cogadh. Tá cogadh na
mBórach fuilteach acht is dócha nách bhfuil ann dá mhéid é
acht bruighean aonaigh seachas an cath do bhiadh idir an
Rúise agus Sasana. Táthar 'gá rádh le fada go mbeidh
imreas eatortha i dtaobh na nIndiachaidhe Thoir agus ceapann
a lán go dtiocfaidh sé sul a mbeidh coga na mBórach
criochnuighthe.



Is beag an tuairisg atá ó'n gcogadh sain le
seachtmhain acht deirthear go mbeidh ár agus éirleach idir
Ioubert agus Buller láithreach. Níor chualamar gíog ó
Bhuller ar feadh seachtmhaine agus sílidh gach duine go raibh
fóirithin tabhartha aige ar an bhFuíteach. Ní fhuil ámh
mar tá Ioubert annsúd go dán. Níor thug Buller
aghaidh ar Cholenso mar ar buadhadh cheana air acht
d'éaluigh sé suas cois na habhann ins an oidhche go Páirc
an fhíor-uisge nó Springfield sé mhíle dhéag suas ó
Cholenso agus bhuail sé tarsna na habhann annsúd gan
cosg ó Ioubert gidh go raibh seisean annsud leis ag
faireadh air. Tá an bheirt ar aghaidh a chéile agus níor
bhuaileadar a chéile acht meastar go raibh bruighean
eatortha an Satharn so ghabh thart. Tá na mílte fear
le Buller. Deirthear go raibh a shluagh fiche míle ar
faid agus do chuirfeadh an méid sin i n-iúl do dhuine méid
na sluagh mar is beag sochraid do chonnarc riamh ar an
dtuath do bhí míle ar faid. Tá céad gunna mór ag
Buller anois agus do chrom cuid acu súd ar stealladh
sleagán ar na cnocánaibh mar a bhfuil na Bóraigh suidhte
acht níor fhreagair na feirmeóirí iad. Dúiseóchaidh
Ioubert ar ball agus ní misde dhó é mar tá an dream is
mó 'na choinnibh do bhuail riamh leis. Chrom na Sasanaigh
i Lúnduin ar mhaoidheamh cheana féin acht níor labhair
Ioubert fós agus ní chuirfidh gaoth 'ná gleó aon eagla air.



Ní fhuil na saighdiúirí féin chómh h-aérach agus do bhíodar agus
ní locht ar na fearaibh bochta é, mar is beag duine ná
cuirfeadh amharstraigh ghunnaí gearra na mBórach faitchíos
air. Is dócha go mbeidh éitheach 'na thaobh ins na
páipéaraibh mar ba ghnáthach acht geóbhaimíd an fhírinne
nó smiot di uair éigin. Dubhairt na páipéir gur
marbhuigheadh capall Ioubert ins an gcath roimhe seo,
gur thuit sí go hobann agus go raibh an taoiseach fúithe agus
gur gortuigheadh cnámh a dhroma. Fuair sé tuirimno
tuisleadh éigin agus ní raibh sé ar fóghnamh ar feadh tamaill.
Fuair sé sos ámh - tá biseach anois air mar adéarfá, agus
gidh go bhfuil sé i nguais leis an bhFuíteach suidhte dia


L. 722


thiar de agus Buller ar a aghaidh amach ceapaim go dtabhar-
faidh sé a ndóthain doibh go léir. Dá gcuirfeadh Buller
fá gabháil suas thré Cholenso do bhuadhfaidhe arís air
gan aon amhras, acht deirthear gur cheap Roberts cuma
eile cogaidh dó. Chloisimis go dtagadh Buller i
ngearracht cheithre mhíle do Cholenso dó nó trí uairibh
sa tseachtmhain agus go gcromadh sé ar shleaghánaibh buile
do stealladh ar chlaiseanna na mBórach acht ní chuireadh
Ioubert suim ann. Chuir an cleas sain Bhulleir i
gcuimhne dhom tarbh bualadh do bhí againn 'sa bhaile,
tarbh geal-adharcach, glór-ghéimeach borb-bhúitreach. Bhí
cómhursa dhúinn na luighe cois claidhe lá gréine, maor
abhann do b'eadh é. Chonnairc an tarbh é agus chrom sé ar
búitridh le n-a leithéid sin de reacht gur dhóich leat go
gcuirfeadh sé a thátháin amach acht níor leig an maor
abhann air gur chualaidh sé é. "Buail i leith annso
chúgam," arsa mesi, "nó marbhóchaidh an tarbh sain thu a
Mhíchil." "Ní baoghal dom é, féach," arsa Mícheál agus
leis sin dhéin sé ar an dtarbh, acht má dhéin sceinn an
tarbh uaidh, a cheann 'sa n-aer agus a earball fillte idir
a dhá chois. "Bhíodh sgannradh orm roimis," ar Mícheál,
"agus thógas an gunna liom an oidhche eile agus chuireas dhá
ghrán 'na thóin; ní thiocfadh sé am' ghoire feasda."
Tá Metuen agus Buller cneasuighthe anois, níor cuireadh
ar Bhuller acht sgríobh agus tá sé ar siubhal arís acht níor
chuir Metuen cor de fós mar tá Cronghe go borb ar
an gcasán roimis. Do chaill an Frínseach fiche fear an
tseachtmhain do ghabh thart, ó Thalmhain Óir (Australia)
dhóibh siúd. Bhí taithighe acu ar mharcuigheacht ar an
bhfásach agus bhí meas acu ortha féin agus muinighin ag an
bhFrínseach asda. Ba mhaith an sás faire ar na Bóraigh
iad súd acht aon tráthnóna amháin bhuail dream beag
Bórach na dtreo, mharbhuigheadar cúigear acu agus scioba-
dar léo an chuid eile. Is deacair ór Phóil Kruger do
bhreith.



Conán Maol

19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Royal Irish Academy
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services