Historical Irish Corpus
1600 - 1926
Historical Dictionary of Irish
Search the corpus
Browse the Text Archive 1600-1926
Óráid Phádraic Uí Bhirn - II
Title
Óráid Phádraic Uí Bhirn - II
Author(s)
Ó Birn, Pádraic,
Composition Date
1900
Publisher
An Claidheamh Soluis
Téacs
Comhad TEI
Gnáth-Théacs
Comhad ePub
Search Texts
Enter word/phrase
Search Type
Headword
Standardised
Exact match
Phrase
Word Type
All
Adjective
Noun
Preposition
Pronoun
Verb
Verbal Noun
Poetry/Prose
Both
Prose
Poetry
Set Dates
1600
1926
Óráid Phádraic Uí Bhirn – II Tá ár sean-sinnsear ins an uaigh, tá a gcnámha 'ga mbánughadh 'san gcréafóig, acht tá a spiorada ag siubhal inar measg, a's tá a ngotha ag bualadh inár gcluasaibh agus ní féidir linn iad do thosd. Feuchaidh ar gach taoibh, nach léir daoibh séal na Gaedhilge ar gach abhainn agus aill, ar gach loch agus leana, ar gach sliabh agus slodán, ar gach gleann agus gabháltas, ar gach cluain
agus carraig ó cheann go ceann na tíre. An Beurla Dún-na-nGall; an Beurla Inbhear; an Beurla Na Frasa; an Beurla Binn Bán; an Beurla sloinneadh ceart naoi nduine deug ar ceithre fichid as gach ceud duine 'san gcondae so? A! bhí Éire bocht tinn breoite le fada. Bí uasal agus ísiol go dona le aicíd bradach d'ar b'ainm "Seoiníneacht", aicíd a laguigheas cnámh an droma go mór, aicíd níos measa ar intinn agus ar spiorad na nÉireannach 'ná an "Influenza" féin. Ar feadh tamaill fhada ní raibh aon eolas ag na dochtúiribh ar phríomh-ádhbhar na h-aicide so, no caidé a leigheasfadh í, agus ní raibh iongantas ar bith annsin, óir fuair na dochtúiridhe so beagnach go léir a dteagasg i g-coláis- díbh taobh amuigh d'Éirinn, agus mar sin de níor thuig siad nádúir na ndaoineadh. Beagán bliadhan ó shoin cuireadh coláisde nuadh d'ar b'ainm Chonnradh na Gaedhilge ar bun i mBaile-átha-Cliath, agus gan mhoill fuair na dochtúiridhe óga 'san gcoláisde sin eolas ar chúis agus ar leigheas na h-aicíde a bhí ag cuir ar mhuintir na hÉireann. Is é a thug an aicíd ar na daoinibh go raibh siad ag cleachdadh bardaigheachd' Beurla agus ánlain mhío-fhalláin eile a bhain leis. Fuair na dochtúiridhe óga so amach mar an gcéadna nach raibh leigheas ar bith chomh maith ar an aicíd so le cor-phurgóid de Ghaedhilg. Bhí na sean-dochtúiridhe – agus go h-áirighthe na sean-dochtúiridhe i gColáisde na Tríonóide ar buile. Níor ghlac na Seoinínidhe iad féin a bpurgóididhe go ró-mhaith ar d-tús, acht fá dheireadh ghlac siad leó go cineálta, agus buidheachas do Dhia, agus na dochtúiridhe óga, tá mórán de na daoinibh tinne léigheasta anois, no táid ar bhealach bisigh ar aon chaoi. Bhí áiteacha i nÉirinn inar bhuail an aicíd so go trom agus tá lúthgháir orm a rádh gur ceann aca Condae Dhúin na nGall. Tá suas le trí fichead míle duine 'san gCondae so nár ghlac an aicíd gránda so, acht tá eagla mór ar na dochtúiríbh nach mairfidh siad i bhfad gan beagán dí d'fhághail ina gcnámhaibh. Mar sin de, thainic cúpla fear aca annso anocht as Baile-Átha-Cliath le iarraidh do dheunadh ar choláisde beag do chur ar bun in bhur measg, ionnas go mbeidh sé in bhur gcumhacht an aicíd so do sheacnadh agus go mbeidh eolas agaibh í do leigheas má ghlacaidh bhur g-comharsain í i n-am ar bith. Tá fios ag gach duine annso ar stáid na Gaedhilge ar fud na hÉireann. Tá fios agaibh go raibh sí ag dul ar g-cúl – go deimhin go raibh sí ag fagháil bháis – nó gur cuireadh Connradh na Gaedhilge ar bun beagán bliadhain ó shoin; agus tá sibh uile eolach ar an obair mhóir thairbhigh atá lucht an Chonnraidh sin ag cur 'un tosaigh i dtaoibh teanga agus fíor-naisiúntachta ar dtíre ins an Oileáin Úr, in Austrália, i mBeunos Aires agus i Sacsanaigh féin tá na Gaedhil a d'fhág an baile gan focal di ina mbeulaibh 'ga fóghluim anois; óir do réir mar casadh orra agus mar mheasg siad le daoinibh as tírthibh eile an domhain a chleachd a dteangtha féin, chonnairc siad go soiléir fírinne an tsean-rádha úd – "Fear gan teanga, fear gan tír." Taobh astigh d'Éirinn féin, i mBeulfeirsde agus i mBaile-átha-Cliath, dá chathair ina raibh an Ghaedhilg marbh, tá na mílte 'ga fóghluim andiu. Cad é mar atá an chúis i nDún na nGall? An bhfuil ar sean-chondae ag deunadh an mhéid budh chóir dí ins an obair bheannuighthe so? Le trí fichid míle duine ag labhairt Gaedhilge ar fud an chondae, ca mheud craobh de Chonnradh na Gaedhilge inár measg? Tá'n t-adhmad againn agus tá sé ag dul a mugha. Tá daoine Dhúin na nGhall 'na gcodladh ar an obair. An bhfanfaidh siad go síorruidhe 'san tsuan sin? Bhí lá ann anuair budh gnáthach leis an gcondae so a bheith i dtosach in gach obair a bhuain le maith agus le cliú na tíre. An mbeidh sé le rádh ag na hÉirean- naighibh ar fud an domhain go bhfuil Tírchonaill ag dul ar gcúl ar a h-ainm onórach? A chairde, a fheara agus a mhná a chomhnuigheas i bpar- raisde Na bhFrasa, cad é bhur bhfreagra? An bhfuil sibh réidh le láimh a ghlacadh 'san naomh-obair so ar son teanga, litridheachta agus fíor-bheatha náisiúnta na hÉireann? Ná bídheadh eagla oraibh, is cuma caidé deir na Seoinínidhe, go bhfuil aon nídh i n-aghaidh ceirt no creidimh ins an obair so. Tá intleacht, agus ionnrachas agus fearamhlachd na tíre linn, agus ní'l inár n-aghaidh acht na Seoinínidhe agus a leithide nach bhfuil maith d'a dtír féin no do chúis ar bith. Is minic a throid bhur sinnsear troid níos troime 'ná í so faoi bhratach a bprionnsa, Aodh Ruadh Ua Dhomhnaill, nuair a mhair banna láidir na Gaedhilge eatorra. Tá prionnsa eile de'n tsloinneadh sin ós ár gceann andiu, míle buidheachas do Dhia – Prionnsa na hEaglaise – ár dTighearna Easbog Pádraic ro-urramach Ua Domhnaill. Ní'l náire air-sean Gaedhilg do labhairt ós árd, agus gach nídh is féidir leis do dheunadh ar a son agus ar son oibre Chonnradh na Gaedhilge. Nuair chuirim eisean i n-aghaidh na sclábhuidhe beag bocht a chaitheas dí-mheas ar ár dtír agus ar ár dteanga, smuainim ar chomórtas idir an leómhan agus an luchóg. Cia h-aca leanfaidh sibh, a dhaoine Na bhFrasa? An t-Easbog Ua Domhnaill agus Connradh na Gaedhilge no na Seoinínidhe agus na sclábhuidhthe? Léighfear bhur bhfreagra in bhur ngníomhaibh ins an am atá teacht. Bídheadh na gníomha sin 'na ngníomhaibh a bhéarfas onóir oraibh féin, ar Thírchonaill agus ar Éirinn.
19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services