Historical Irish Corpus
1600 - 1926

Óráid Phádraic Uí Bhirn - II

Title
Óráid Phádraic Uí Bhirn - II
Author(s)
Ó Birn, Pádraic,
Composition Date
1900
Publisher
An Claidheamh Soluis

Search Texts

Poetry/Prose
1600 1926


Óráid Phádraic Uí Bhirn – II



Tá ár sean-sinnsear ins an uaigh, tá a gcnámha 'ga
mbánughadh 'san gcréafóig, acht tá a spiorada ag siubhal
inar measg, a's tá a ngotha ag bualadh inár gcluasaibh
agus ní féidir linn iad do thosd. Feuchaidh ar gach
taoibh, nach léir daoibh séal na Gaedhilge ar gach abhainn
agus aill, ar gach loch agus leana, ar gach sliabh agus
slodán, ar gach gleann agus gabháltas, ar gach cluain


L. 708


agus carraig ó cheann go ceann na tíre. An Beurla
Dún-na-nGall; an Beurla Inbhear; an Beurla Na
Frasa; an Beurla Binn Bán; an Beurla sloinneadh
ceart naoi nduine deug ar ceithre fichid as gach ceud
duine 'san gcondae so?



A! bhí Éire bocht tinn breoite le fada. Bí uasal
agus ísiol go dona le aicíd bradach d'ar b'ainm
"Seoiníneacht", aicíd a laguigheas cnámh an droma go
mór, aicíd níos measa ar intinn agus ar spiorad na
nÉireannach 'ná an "Influenza" féin. Ar feadh
tamaill fhada ní raibh aon eolas ag na dochtúiribh ar
phríomh-ádhbhar na h-aicide so, no caidé a leigheasfadh í,
agus ní raibh iongantas ar bith annsin, óir fuair na
dochtúiridhe so beagnach go léir a dteagasg i g-coláis-
díbh taobh amuigh d'Éirinn, agus mar sin de níor thuig
siad nádúir na ndaoineadh. Beagán bliadhan ó shoin
cuireadh coláisde nuadh d'ar b'ainm Chonnradh na
Gaedhilge ar bun i mBaile-átha-Cliath, agus gan mhoill
fuair na dochtúiridhe óga 'san gcoláisde sin eolas ar
chúis agus ar leigheas na h-aicíde a bhí ag cuir ar
mhuintir na hÉireann. Is é a thug an aicíd ar na
daoinibh go raibh siad ag cleachdadh bardaigheachd'
Beurla agus ánlain mhío-fhalláin eile a bhain leis.
Fuair na dochtúiridhe óga so amach mar an gcéadna
nach raibh leigheas ar bith chomh maith ar an aicíd so le
cor-phurgóid de Ghaedhilg. Bhí na sean-dochtúiridhe –
agus go h-áirighthe na sean-dochtúiridhe i gColáisde na
Tríonóide ar buile. Níor ghlac na Seoinínidhe iad féin
a bpurgóididhe go ró-mhaith ar d-tús, acht fá dheireadh
ghlac siad leó go cineálta, agus buidheachas do Dhia,
agus na dochtúiridhe óga, tá mórán de na daoinibh
tinne léigheasta anois, no táid ar bhealach bisigh ar aon
chaoi.



Bhí áiteacha i nÉirinn inar bhuail an aicíd so go trom
agus tá lúthgháir orm a rádh gur ceann aca Condae
Dhúin na nGall. Tá suas le trí fichead míle duine
'san gCondae so nár ghlac an aicíd gránda so, acht tá
eagla mór ar na dochtúiríbh nach mairfidh siad i bhfad
gan beagán dí d'fhághail ina gcnámhaibh. Mar sin de,
thainic cúpla fear aca annso anocht as Baile-Átha-Cliath
le iarraidh do dheunadh ar choláisde beag do chur ar
bun in bhur measg, ionnas go mbeidh sé in bhur gcumhacht
an aicíd so do sheacnadh agus go mbeidh eolas agaibh í
do leigheas má ghlacaidh bhur g-comharsain í i n-am ar bith.



Tá fios ag gach duine annso ar stáid na Gaedhilge
ar fud na hÉireann. Tá fios agaibh go raibh sí ag dul
ar g-cúl – go deimhin go raibh sí ag fagháil bháis – nó
gur cuireadh Connradh na Gaedhilge ar bun beagán
bliadhain ó shoin; agus tá sibh uile eolach ar an obair
mhóir thairbhigh atá lucht an Chonnraidh sin ag cur 'un
tosaigh i dtaoibh teanga agus fíor-naisiúntachta ar dtíre
ins an Oileáin Úr, in Austrália, i mBeunos Aires agus
i Sacsanaigh féin tá na Gaedhil a d'fhág an baile gan
focal di ina mbeulaibh 'ga fóghluim anois; óir do
réir mar casadh orra agus mar mheasg siad le daoinibh
as tírthibh eile an domhain a chleachd a dteangtha féin,
chonnairc siad go soiléir fírinne an tsean-rádha úd –
"Fear gan teanga, fear gan tír." Taobh astigh d'Éirinn
féin, i mBeulfeirsde agus i mBaile-átha-Cliath, dá
chathair ina raibh an Ghaedhilg marbh, tá na mílte 'ga
fóghluim andiu. Cad é mar atá an chúis i nDún na
nGall? An bhfuil ar sean-chondae ag deunadh an
mhéid budh chóir dí ins an obair bheannuighthe so? Le trí
fichid míle duine ag labhairt Gaedhilge ar fud an
chondae, ca mheud craobh de Chonnradh na Gaedhilge inár
measg? Tá'n t-adhmad againn agus tá sé ag dul a
mugha. Tá daoine Dhúin na nGhall 'na gcodladh ar an
obair. An bhfanfaidh siad go síorruidhe 'san tsuan sin?
Bhí lá ann anuair budh gnáthach leis an gcondae so a
bheith i dtosach in gach obair a bhuain le maith agus le
cliú na tíre. An mbeidh sé le rádh ag na hÉirean-
naighibh ar fud an domhain go bhfuil Tírchonaill ag dul
ar gcúl ar a h-ainm onórach?



A chairde, a fheara agus a mhná a chomhnuigheas i bpar-
raisde Na bhFrasa, cad é bhur bhfreagra? An bhfuil sibh
réidh le láimh a ghlacadh 'san naomh-obair so ar son
teanga, litridheachta agus fíor-bheatha náisiúnta na
hÉireann? Ná bídheadh eagla oraibh, is cuma caidé
deir na Seoinínidhe, go bhfuil aon nídh i n-aghaidh ceirt
no creidimh ins an obair so. Tá intleacht, agus
ionnrachas agus fearamhlachd na tíre linn, agus ní'l inár
n-aghaidh acht na Seoinínidhe agus a leithide nach bhfuil
maith d'a dtír féin no do chúis ar bith. Is minic a
throid bhur sinnsear troid níos troime 'ná í so faoi
bhratach a bprionnsa, Aodh Ruadh Ua Dhomhnaill, nuair a
mhair banna láidir na Gaedhilge eatorra. Tá prionnsa
eile de'n tsloinneadh sin ós ár gceann andiu, míle
buidheachas do Dhia – Prionnsa na hEaglaise – ár
dTighearna Easbog Pádraic ro-urramach Ua Domhnaill.
Ní'l náire air-sean Gaedhilg do labhairt ós árd, agus
gach nídh is féidir leis do dheunadh ar a son agus ar son
oibre Chonnradh na Gaedhilge. Nuair chuirim eisean
i n-aghaidh na sclábhuidhe beag bocht a chaitheas dí-mheas
ar ár dtír agus ar ár dteanga, smuainim ar chomórtas
idir an leómhan agus an luchóg. Cia h-aca leanfaidh
sibh, a dhaoine Na bhFrasa? An t-Easbog Ua Domhnaill
agus Connradh na Gaedhilge no na Seoinínidhe agus na
sclábhuidhthe? Léighfear bhur bhfreagra in bhur ngníomhaibh
ins an am atá teacht. Bídheadh na gníomha sin 'na
ngníomhaibh a bhéarfas onóir oraibh féin, ar Thírchonaill
agus ar Éirinn.

19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Royal Irish Academy
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services