Historical Irish Corpus
1600 - 1926
Historical Dictionary of Irish
Search the corpus
Browse the Text Archive 1600-1926
An Ghaedhilg ins an am atá le teacht - nídh a bhfuil súil leis.
Title
An Ghaedhilg ins an am atá le teacht - nídh a bhfuil súil leis.
Author(s)
Bairéad, Stiophán,
Composition Date
1900
Publisher
An Claidheamh Soluis
Téacs
Comhad TEI
Gnáth-Théacs
Comhad ePub
Search Texts
Enter word/phrase
Search Type
Headword
Standardised
Exact match
Phrase
Word Type
All
Adjective
Noun
Preposition
Pronoun
Verb
Verbal Noun
Poetry/Prose
Both
Prose
Poetry
Set Dates
1600
1926
"An Ghaedhilg ins an am atá le teacht - nídh a bhfuil súil leis." Páipéar do léigheadh ós comhair Árd-Chraoibhe Chonnartha na Gaedhilge i mBaile-Átha-Cliath an tríomhadh lá deug de Mhí na Nodlag, 1899. Tá faitchíos orm go bhfuil an páipéar so ró-fhada cheana, acht níor mhaith liom stad gan focal nó dhó a rádh faoi na Pólachaibh. Is beag focal bhéas uatha. Tá eolas níos fearr againn sílim ar Phólainn 'ná mar tá againn ar na tíribh eile labhair mé fútha. Is daoine fearamhla cródha iad na Pólaigh. Is iomdha uair d'éirí- gheadar amach i n-aghaidh an Rusach, acht ní raibh aon toradh as faraoir! acht na slabhraidhe go chur níos cruaidhe orra féin. Is olc an maighistear é an Rúsach. Budh mhaith leis an t-anam agus an spiorad do bhaint as an bPólach bhocht, acht níor éirigh leis go fóill, agus cia an fáth nár éirigh? Ní'l aon ádhbhar eile leis acht gur chongbhuigh an Pólach greim docht ar a theangaidh, agus deirim- se libh chomh fada is chongbhuigheas ní'l sé féin ná a thír caillte. Suas go dtí an bhliadhain seo ní raibh cead ar bith ag na Pólachaibh a dteanga féin do mhúnadh ins na Scoileannaibh. Acht i dtosach na bliadhna chuir- eadar impidhe ar an riaghaltas dhá iarraidh orra cead an Phólannach do mhúnadh ins na scoileannaibh tríd an tír, agus dá olcas riaghaltas na Rúsach d'éisteadar leis an impidhe. Anois tá an Phólannach dá múnadh ins gach scoil uasal agus isíol faoi an tír. Tá an-bhród ar na Pólachaibh na thaoibh agus ní gan ádhbhar é. Is maith do chonnaiceadar dá mbadh mhaith leo fanacht na náisiún gur b'éigin dóibh a dteanga do chongbháil ar bun. Anois, is follasach sílim, as an méid adubhairt mé, dá dhonacht adubhairt mé é, gur féidir le náisiún ar bith, má's maith leis féin, a theanga do chongbháil beo. Ar an lámh eile dhe is cinnte nach dtig le haon tír a náisiúntacht do chongbháil ar bun dá leigfidhe an teanga duthchais ar gcúl. Acht b'fhéidir go ndéarfaidh an fear críonna, "Cia an mhaith í an Ghaedhilg. Ní chuirfidh sí arán agus im inar mbeul, ná greim eudaigh ar ár ndruim. Is beag nach bhfuil sí caillte anois. Nach fearr dúinn a leigint chum báis ar fad, agus an Béarla breágh do chur na háit? Is leor do dhuine aon teanga amháin, agus is é an Béarla an teanga is mó feidhm atá sa domhan anois." Is caint gan céill, caint amadáin é seo, gidh gur baramhail a láin ins an am atá i láthair é, acht is daoine iad nach bhfeiceann i bhfad rómpa. San Ungáir, i mBohémia, i dTír na Finne, agus ins na náisiú-
naibh eile thrachtas orra ní hé amháin gur sábháileadh an teanga dhúthchais acht tháinic gach uile mhaitheas eile in éinfheacht leis. Chuaidh gach tír aca ar aghaidh go mór i saidhbhreas agus in eolas. Meuduigheadh na daoine go mór ionta, agus deirtear nach bhfuil comhartha ar domhan, chomh maith ar saidhbhreas náisiúin 'ná na daoine bheith dhá meudughadh ann. Faoi dheireadh, acht i bPólainn amháin gnódhuigheadh saoirseacht, agus i bPólann féin chomh fada is tá an teanga dhuthchais beo tá sé na náisiún d'inneoin an t-saoghail. Anois feuch ar Éirinn. Is cuma cia adéarfas daoine eile is í mo bharramhail-sa nach rabhamar ariamh i gcás chomh dona is támuid anois. Tá na daoine dhá laigheadadh ins an tír ó bhliadhain go bliadhain. An méid dóibh fhanas sa m-baile is ag troid in aghaidh a chéile atá siad, i leabaidh bheith ag troid in aghaidh an Bhéarla agus in aghaidh an t-Sasanaigh. Támuid gan eolas ar stáir ar dtíre, agus is beag suim chuireas furmhór na ndaoine in a leithéid. Tá an Ghaedhilg marbh ins an gcuid is mó do'n tír. Ní'l meas againn féin orrainn féin, agus ní'l meas ag éinne eile orrainn. In aon fhocal amháin is ádhbhar náire sinn ós comhair an t-saoghail. Acht cá bhfuil an leigheas le fághail, nó bhfuil aon leigheas ann? Tá go deimhin, buidheachas do Dhia! an leigheas ceudna do cuireadh i bhfeidhm i mBreatain, i dtír na Finne, san Ungáir agus ins gach tír eile aca, ar dteanga dhuth- chais d'aithbheodhadh. Cuirimis le chéile. Troidimis ar son na teangadh do bhronn Dia orrainn. Is fiú troid mhaith í. Is fíor go bhfuil go leor deunta ag Connradh na Gaedhilge cheana, acht ní'l an cath leath-ghnodhuighthe go fóill. Ní bheidhimid sásta go deo nó go mbeidh an Ghaedhilg dá mhúnadh ins gach scoil tríd an tír, agus ins na háiteachaibh na bhfuil sí dhá labhairt caithfimid fhághail go muanfar í do na páisdibh ó'n gcéad lá thiocfas siad ar scoil suas go dtí an lá is déighionaighe fhanós siad ann. Seo é an chéad rud atá orainn le déanamh, agus is é an rud is riachtanaighe freisin. Sílim nach dtioc- faidh mórán tairbhe as obair Chonnartha na Gaedhilge nó go mbeidh an Ghaedhilg dá múnadh ins na scoileannaibh ins an gcaoi cheart, agus dá mbudh mhaith linn féin budh ghearr go mbeadh an méid sin gnódhuighthe againn ar aon nós. Caithfimid gach uile dhuine sa tír chur ar an mbealach cheart i dtaobh na Gaedhilge. Caithfimid a chur in iúl dóibh nach féidir linn bheith 'nár náisiún gan ar dteanga féin againn. Caithfimid taisbeáint dóibh nách í an Ghaedhilg amháin atá i gcontabhairt, acht an t-anam an spiorad agus an bheatha féin do'n náisiún, dá gcaillfimis ar dteanga nár bh'fhéidir náisiún a thabhairt orrainn níos mó, dá mbeadh saidhbhreas agus saoirseacht an domhain againn. Dá sábháilmis an Ghaedhilg is cinnte go dtiocfadh gach uile maitheas eile in éinfheacht leis, mar tháinic ins gach uile thír eile na sábháileadh teanga dhúthchais. Dá m-beadh an Ghaedhilg ag na daoinibh go léir in Éirinn arís bheadh suim aca i stáir a dtíre, bheadh meas aca ar a sinsear tháinic rómpa, na daoine móra, fiala, croidheamhla a raibh an Ghaedhilg aca. Bheadh grádh aca dá dtír agus do gach uile rud bhaineas léithe. Budh mhaith leo í do chur ar aghaidh ins gach slighe. Meudui- gheadh na tíre úd eile go mór i saoirseacht agus i saidhbhreas. Cad a chuige nach dtuitfeadh an rud céadna amach in Éirinn? Is cinnte go dtuitfeadh. Bhíodar ag dul síos an chnuic do réir mar bhíodar ag cailleamhaint a dtean- gadh acht nuair thugadar ar ais arís í rith an saoghal go maith leo. Is an-chosamhail go m-beadh sé mar sin in Éirinn chomh maith. Ní bheidhmis mar támuid anois ag sodar indiaidh na Sasanach ins gach nidh, agus ní bheadh aon ádhbhar leis. Bheadh an Ghaedhilg bhinn bhlásta ag gach uile dhuine sa tír. Bheadh ar bpáipéir nuaigheachta agus litreacht na tíre i nGaedhilg. Bheadh an Ghaedhilg dá múnadh ins gach scoil. Bheadh sí dá labhairt san Eaglais. Bheadh sí in úsaid in oifigibh na gceannuidhe, ins na siopaibh. In aon fhocal amháin bheadh gnó na tíre ar fad deunta i nGaedhilg. Is fada uainn b'fhéidir an lá sin. Ní cosamhail go dtiocfaidh sé le n-ar linn-ne. Acht má's maith le muintir na hÉireann tiocfaidh sé uair éigin chomh cinnte is tá an spéir ós ar gcionn anocht, agus sin é an lá, agus is é sin an "Nidh a bhfuil Súil leis." Stiophán Bairéad
19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services