Historical Irish Corpus
1600 - 1926

An Ghaedhilg ins an am atá le teacht - nídh a bhfuil súil leis.

Title
An Ghaedhilg ins an am atá le teacht - nídh a bhfuil súil leis.
Author(s)
Bairéad, Stiophán,
Composition Date
1900
Publisher
An Claidheamh Soluis

Search Texts

Poetry/Prose
1600 1926


"An Ghaedhilg ins an am atá le teacht -
nídh a bhfuil súil leis."



Páipéar do léigheadh ós comhair Árd-Chraoibhe Chonnartha na
Gaedhilge i mBaile-Átha-Cliath an tríomhadh lá deug de Mhí na
Nodlag, 1899.



Tá faitchíos orm go bhfuil an páipéar so ró-fhada
cheana, acht níor mhaith liom stad gan focal nó dhó a rádh
faoi na Pólachaibh. Is beag focal bhéas uatha. Tá
eolas níos fearr againn sílim ar Phólainn 'ná mar tá
againn ar na tíribh eile labhair mé fútha. Is daoine
fearamhla cródha iad na Pólaigh. Is iomdha uair d'éirí-
gheadar amach i n-aghaidh an Rusach, acht ní raibh aon
toradh as faraoir! acht na slabhraidhe go chur níos
cruaidhe orra féin. Is olc an maighistear é an Rúsach.
Budh mhaith leis an t-anam agus an spiorad do bhaint as
an bPólach bhocht, acht níor éirigh leis go fóill, agus cia an
fáth nár éirigh? Ní'l aon ádhbhar eile leis acht gur
chongbhuigh an Pólach greim docht ar a theangaidh, agus deirim-
se libh chomh fada is chongbhuigheas ní'l sé féin ná a
thír caillte. Suas go dtí an bhliadhain seo ní raibh cead
ar bith ag na Pólachaibh a dteanga féin do mhúnadh
ins na Scoileannaibh. Acht i dtosach na bliadhna chuir-
eadar impidhe ar an riaghaltas dhá iarraidh orra cead
an Phólannach do mhúnadh ins na scoileannaibh tríd an
tír, agus dá olcas riaghaltas na Rúsach d'éisteadar leis
an impidhe. Anois tá an Phólannach dá múnadh ins
gach scoil uasal agus isíol faoi an tír. Tá an-bhród ar
na Pólachaibh na thaoibh agus ní gan ádhbhar é. Is maith
do chonnaiceadar dá mbadh mhaith leo fanacht na náisiún
gur b'éigin dóibh a dteanga do chongbháil ar bun.



Anois, is follasach sílim, as an méid adubhairt mé,
dá dhonacht adubhairt mé é, gur féidir le náisiún ar
bith, má's maith leis féin, a theanga do chongbháil beo.
Ar an lámh eile dhe is cinnte nach dtig le haon tír a
náisiúntacht do chongbháil ar bun dá leigfidhe an teanga
duthchais ar gcúl. Acht b'fhéidir go ndéarfaidh an
fear críonna, "Cia an mhaith í an Ghaedhilg. Ní chuirfidh
sí arán agus im inar mbeul, ná greim eudaigh ar ár
ndruim. Is beag nach bhfuil sí caillte anois. Nach
fearr dúinn a leigint chum báis ar fad, agus an Béarla
breágh do chur na háit? Is leor do dhuine aon teanga
amháin, agus is é an Béarla an teanga is mó feidhm atá
sa domhan anois." Is caint gan céill, caint amadáin
é seo, gidh gur baramhail a láin ins an am atá i láthair
é, acht is daoine iad nach bhfeiceann i bhfad rómpa. San
Ungáir, i mBohémia, i dTír na Finne, agus ins na náisiú-


L. 692


naibh eile thrachtas orra ní hé amháin gur sábháileadh an
teanga dhúthchais acht tháinic gach uile mhaitheas eile in
éinfheacht leis. Chuaidh gach tír aca ar aghaidh go mór i
saidhbhreas agus in eolas. Meuduigheadh na daoine go
mór ionta, agus deirtear nach bhfuil comhartha ar domhan,
chomh maith ar saidhbhreas náisiúin 'ná na daoine bheith dhá
meudughadh ann. Faoi dheireadh, acht i bPólainn amháin
gnódhuigheadh saoirseacht, agus i bPólann féin chomh fada
is tá an teanga dhuthchais beo tá sé na náisiún
d'inneoin an t-saoghail.



Anois feuch ar Éirinn. Is cuma cia adéarfas
daoine eile is í mo bharramhail-sa nach rabhamar ariamh
i gcás chomh dona is támuid anois. Tá na daoine dhá
laigheadadh ins an tír ó bhliadhain go bliadhain. An méid
dóibh fhanas sa m-baile is ag troid in aghaidh a chéile
atá siad, i leabaidh bheith ag troid in aghaidh an Bhéarla
agus in aghaidh an t-Sasanaigh. Támuid gan eolas ar stáir
ar dtíre, agus is beag suim chuireas furmhór na ndaoine
in a leithéid. Tá an Ghaedhilg marbh ins an gcuid is mó
do'n tír. Ní'l meas againn féin orrainn féin, agus ní'l
meas ag éinne eile orrainn. In aon fhocal amháin is
ádhbhar náire sinn ós comhair an t-saoghail. Acht cá
bhfuil an leigheas le fághail, nó bhfuil aon leigheas ann?
Tá go deimhin, buidheachas do Dhia! an leigheas ceudna
do cuireadh i bhfeidhm i mBreatain, i dtír na Finne,
san Ungáir agus ins gach tír eile aca, ar dteanga dhuth-
chais d'aithbheodhadh. Cuirimis le chéile. Troidimis ar
son na teangadh do bhronn Dia orrainn. Is fiú troid
mhaith í. Is fíor go bhfuil go leor deunta ag Connradh
na Gaedhilge cheana, acht ní'l an cath leath-ghnodhuighthe
go fóill. Ní bheidhimid sásta go deo nó go mbeidh an
Ghaedhilg dá mhúnadh ins gach scoil tríd an tír, agus ins na
háiteachaibh na bhfuil sí dhá labhairt caithfimid fhághail go
muanfar í do na páisdibh ó'n gcéad lá thiocfas siad
ar scoil suas go dtí an lá is déighionaighe fhanós siad
ann. Seo é an chéad rud atá orainn le déanamh, agus
is é an rud is riachtanaighe freisin. Sílim nach dtioc-
faidh mórán tairbhe as obair Chonnartha na Gaedhilge nó
go mbeidh an Ghaedhilg dá múnadh ins na scoileannaibh
ins an gcaoi cheart, agus dá mbudh mhaith linn féin budh
ghearr go mbeadh an méid sin gnódhuighthe againn ar aon
nós. Caithfimid gach uile dhuine sa tír chur ar an
mbealach cheart i dtaobh na Gaedhilge. Caithfimid a
chur in iúl dóibh nach féidir linn bheith 'nár náisiún gan
ar dteanga féin againn. Caithfimid taisbeáint dóibh
nách í an Ghaedhilg amháin atá i gcontabhairt, acht an
t-anam an spiorad agus an bheatha féin do'n náisiún, dá
gcaillfimis ar dteanga nár bh'fhéidir náisiún a thabhairt
orrainn níos mó, dá mbeadh saidhbhreas agus saoirseacht an
domhain againn. Dá sábháilmis an Ghaedhilg is cinnte
go dtiocfadh gach uile maitheas eile in éinfheacht leis,
mar tháinic ins gach uile thír eile na sábháileadh teanga
dhúthchais. Dá m-beadh an Ghaedhilg ag na daoinibh go
léir in Éirinn arís bheadh suim aca i stáir a dtíre, bheadh
meas aca ar a sinsear tháinic rómpa, na daoine móra,
fiala, croidheamhla a raibh an Ghaedhilg aca. Bheadh grádh
aca dá dtír agus do gach uile rud bhaineas léithe. Budh
mhaith leo í do chur ar aghaidh ins gach slighe. Meudui-
gheadh na tíre úd eile go mór i saoirseacht agus i saidhbhreas.
Cad a chuige nach dtuitfeadh an rud céadna amach in
Éirinn? Is cinnte go dtuitfeadh. Bhíodar ag dul síos
an chnuic do réir mar bhíodar ag cailleamhaint a dtean-
gadh acht nuair thugadar ar ais arís í rith an saoghal go
maith leo. Is an-chosamhail go m-beadh sé mar sin in
Éirinn chomh maith. Ní bheidhmis mar támuid anois ag
sodar indiaidh na Sasanach ins gach nidh, agus ní bheadh aon
ádhbhar leis. Bheadh an Ghaedhilg bhinn bhlásta ag gach
uile dhuine sa tír. Bheadh ar bpáipéir nuaigheachta agus
litreacht na tíre i nGaedhilg. Bheadh an Ghaedhilg dá
múnadh ins gach scoil. Bheadh sí dá labhairt san
Eaglais. Bheadh sí in úsaid in oifigibh na gceannuidhe,
ins na siopaibh. In aon fhocal amháin bheadh gnó na tíre
ar fad deunta i nGaedhilg. Is fada uainn b'fhéidir an
lá sin. Ní cosamhail go dtiocfaidh sé le n-ar linn-ne.
Acht má's maith le muintir na hÉireann tiocfaidh sé
uair éigin chomh cinnte is tá an spéir ós ar gcionn
anocht, agus sin é an lá, agus is é sin an "Nidh a bhfuil Súil
leis."



Stiophán Bairéad

19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Royal Irish Academy
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services