Historical Irish Corpus
1600 - 1926
Historical Dictionary of Irish
Search the corpus
Browse the Text Archive 1600-1926
Sgéalta Greannmhara
Title
Sgéalta Greannmhara
Author(s)
Ó Ríoghbhardáin, Seaghán,
Composition Date
1900
Publisher
An Claidheamh Soluis
Téacs
Comhad TEI
Gnáth-Théacs
Comhad ePub
Search Texts
Enter word/phrase
Search Type
Headword
Standardised
Exact match
Phrase
Word Type
All
Adjective
Noun
Preposition
Pronoun
Verb
Verbal Noun
Poetry/Prose
Both
Prose
Poetry
Set Dates
1600
1926
Sgéalta Greannmhara Do bhí buachaillí ag caitheamh aimsire agus ag imirt cártaí oidhche 'sa' gheimhreadh ar na Cluanta. Do bhíodar ag áiteamh ar a chéile cia aca do b'fhearr meis- neach. Dubhairt duine aca ná cuirfeadh aon ní eagla air féin. Dubhairt duine eile aca go gcuirfeadh geall leis ná rachadh sé suas go teampoll Nuachong- bhaile agus cloigeann duine mhairbh thabhairt leis. Dubhairt an chéad duine go gcuirfeadh an geall go ndéanafadh, agus go gcaithfeadh ar an mbórd chuca é. D'imthigh sé, agus chuaidh sé fá dhéin an teampuill. D'imthigh beirt eile aca agus do leanadar é agus do ghabhadar i slighe chomhgair chum an teampuill. Do chuir gach aon aca bairlín (braithlin) bhán orra féin agus do luigheadar le h-ais lice, - duine aca ann so agus duine aca ann súd. Tháinig an fear do bhí chum ceann an duine mhairbh do bhreith leis agus ní dheachaidh sé i bhfad isteach ins an roilig nuair do chrom sé síos agus do thóg sé an cloigeann. D'éirigh duine aca suas agus dubhairt sé - "Fág ann so é, sin é mo cheann-sa." Dubhairt an fear eile - "Seo mar sin, bíodh sé agat." D'imthigh sé agus ní dheachaidh sé i bhfad nuair do thóg cloigeann eile. D'éirigh an dara fear agus dubhairt sé - "Fág ann sin é! Sin é mo cheann-sa." Dubhairt an fear eile - "Seo dhuit é, mar sin; bíodh sé agat." D'imthigh sé agus nuair do shiubhail sé dó nó trí coiscéim do thóg sé ceann eile agus do rith sé leis féin. Do rith an bheirt eile 'na dhiaidh agus nuair d'airigh sé iad do chuir sé ar na cosaibh. Do ráinig (thárla) go raibh doras an tighe go raibh na cártaí da n-imirt dúnta roimhe; acht leis an bhfuinneamh do bhí leis do phléasg sé isteach faoi an úrlar é agus do chaith sé an cloigeann ar an mbórd chuca agus dubhairt - "Sin é anois agaibh é agus an té gur leis é ag rith im' dhiaidh!" Seaghán Ó Ríoghbhardáin d'aithris
19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services