Sgéalta Greannmhara
Do bhí buachaillí ag caitheamh aimsire agus ag imirt
cártaí oidhche 'sa' gheimhreadh ar na Cluanta. Do
bhíodar ag áiteamh ar a chéile cia aca do b'fhearr meis-
neach. Dubhairt duine aca ná cuirfeadh aon ní eagla
air féin. Dubhairt duine eile aca go gcuirfeadh
geall leis ná rachadh sé suas go teampoll Nuachong-
bhaile agus cloigeann duine mhairbh thabhairt leis. Dubhairt
an chéad duine go gcuirfeadh an geall go ndéanafadh,
agus go gcaithfeadh ar an mbórd chuca é. D'imthigh sé, agus
chuaidh sé fá dhéin an teampuill. D'imthigh beirt eile
aca agus do leanadar é agus do ghabhadar i slighe chomhgair
chum an teampuill. Do chuir gach aon aca bairlín
(braithlin) bhán orra féin agus do luigheadar le h-ais lice, -
duine aca ann so agus duine aca ann súd. Tháinig an
fear do bhí chum ceann an duine mhairbh do bhreith leis agus
ní dheachaidh sé i bhfad isteach ins an roilig nuair do
chrom sé síos agus do thóg sé an cloigeann. D'éirigh
duine aca suas agus dubhairt sé -
"Fág ann so é, sin é mo cheann-sa." Dubhairt an
fear eile - "Seo mar sin, bíodh sé agat."
D'imthigh sé agus ní dheachaidh sé i bhfad nuair do thóg
cloigeann eile. D'éirigh an dara fear agus dubhairt sé -
"Fág ann sin é! Sin é mo cheann-sa."
Dubhairt an fear eile - "Seo dhuit é, mar sin; bíodh
sé agat."
D'imthigh sé agus nuair do shiubhail sé dó nó trí coiscéim
do thóg sé ceann eile agus do rith sé leis féin. Do rith
an bheirt eile 'na dhiaidh agus nuair d'airigh sé iad do chuir
sé ar na cosaibh. Do ráinig (thárla) go raibh doras an
tighe go raibh na cártaí da n-imirt dúnta roimhe; acht
leis an bhfuinneamh do bhí leis do phléasg sé isteach faoi
an úrlar é agus do chaith sé an cloigeann ar an mbórd
chuca agus dubhairt - "Sin é anois agaibh é agus an té gur
leis é ag rith im' dhiaidh!"
Seaghán Ó Ríoghbhardáin d'aithris