Historical Irish Corpus
1600 - 1926
Historical Dictionary of Irish
Search the corpus
Browse the Text Archive 1600-1926
Tuaraisg ó'n Tuaisceart
Title
Tuaraisg ó'n Tuaisceart
Author(s)
Cú Uladh,
Pen Name
Cú Uladh
Composition Date
1899
Publisher
An Claidheamh Soluis
Téacs
Comhad TEI
Gnáth-Théacs
Comhad ePub
Search Texts
Enter word/phrase
Search Type
Headword
Standardised
Exact match
Phrase
Word Type
All
Adjective
Noun
Preposition
Pronoun
Verb
Verbal Noun
Poetry/Prose
Both
Prose
Poetry
Set Dates
1600
1926
Tuaraisg ó'n Tuaisceart Bhí an Chraoibhín Aoibhinn i mBéilfeirsde an tseacht- mhain so chuaidh tharainn agus thug comhrádh uaidh agus dar go deimhin ba ró-bhlasda binn-bhriathrach an cómhrádh é. Bhí an lán daoine i láthair, siúd 's nach raibh a leath-oiread is ba chóir bheith ann. Bhí gach cineál daoine ann, fir agus mná, uaisle agus ísle, fó-dhaoine agus só-dhaoine agus daoine do b' éagsamhail creideamh agus poiliteacht dóibh, agus bhíodar uile ar aon intinn ag tabhairt molta do'n Chraoibhín. Thaisbeáin seisean dúinn go soiléir mar tá múinteachas na tíre i lámhaibh bodach Gallda nach gcuireann suim i nÉirinn no i nGaedhilg ar chor ar bith. Chruthuigh sé dhúinn gur droich-intinn ar fad atá ag lucht stiúrtha léighinn agus múinteachais i nÉirinn do léigheann agus do bheusaibh Gaedhealacha, agus gur cuma leo daoine na hÉireann uile bheith go síor i n-aineolas agus faoi dhorchadas intleachta, acht amháin gan fios d'fhághail dóibh ar stáir a dtíre, ar shean-chuimhne a sinnsear, nó ar a dteangaidh dhúthchais. Ba dhoiligh tuigsint cia aca is measa i n-aghaidh léighinn Gaedhilge, Buidhean stiúrtha an phríomh-léighinn no buidhean stiúrtha an áird léighinn (Bórd an Léighinn Náisiúnta nó Bórd Coláisde na Tríonóide). Labhair Rabbi na n-Iudaigheach i mBéilfeirsde ag moladh an Chraoibhín agus d'innis sé dhúinn go dtug sé féin ar go gach páisde Iudaigheach do bhí fá' smacht an teanga Eabhrac d'fhoghluim mar athrughadh teangan. Tosuigheann lucht múinte sgoile an Eabhrac do mhúnadh do na páisdibh nuair thig siad ar sgoil ar dtúis, agus ní stadann siad dá múnadh go bhfágann na páisdí an sgoil ar fad, agus is é tháinig de sin gur b'fhéidir le gach páisde Iudaigheach teanga a shinnsear do thuigsint agus do labhairt. Níor chuir so bac ar bith ar na páisdíbh chum ealadhan eile d'fhoghluim agus do mhaoidhim sé nach raibh sgoil i mBéilfeirsde ina raibh na páisdí níos glice ag gnáth-fhoghluim ná an sgoil a raibh sé féin mar stiúrthóir uirri. Sé an rud is iongantaighe d'innis an Rabbi dhúinn go dtugann buidhean stiúrtha na sgol .i. an Bórd Léighinn náisiúnta cead do na hIudaighibh an teanga Eabhrac do mhúnadh do na páisdíbh uair ar bith san lá gan bac gan bagairt. Anois ní leigfidhe do oide sgoile ar feadh na tíre Gaedhilg do mhúnadh do pháisdíbh ar bith ar feadh gnáth-aimsire múinteachais coitchinn, agus feuch tugthar cead do na hIudaighibh Eabhrac do mhúnadh. Agus fós ní'l na hIudaighe acht 'na ndream shuarach choigcrícheach i nÉirinn agus is Gaedhil urmhór do mhuintir na hÉireann. Ar chuala aon duine riamh a leitheid de leath-thoil is atá lucht stiúrtha léighinn ag déanamh i n-aghaidh na Gaedhilge! Níor chóir dhúinn cur suas leis lá amháin gan bhreilsge do thógbháil orra. Bhí Árd-Mhaor na Cathrach i láthair ag an gcomhrádh agus mhol sé an Craoibhín, mar dhuine Iudaigheach atá ann. B'fhéidir go bhfuil cuimhne ag do leightheoiribh gur chuir sé suas de'n chathaoir do ghlacadh nuair do bhí an t-Ollamh Ó hIcídhe ag tabhairt chomhráidh uaidh i mBéil- feirsde. Measaim go raibh aithreachas ar an Árd- mhaor mar gheall ar an ghníomh sin agus gur ag déanamh cineal leor-ghnímh do bhí sé nuair tháinig sé go comhrádh an Chraoibhín. Mar sin féin bhí fáilte roimhe agus tiocfaidh tairbhe as do chúis na Gaedhilge. Cú Uladh
19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services