Tuaraisg ó'n Tuaisceart
Bhí an Chraoibhín Aoibhinn i mBéilfeirsde an tseacht-
mhain so chuaidh tharainn agus thug comhrádh uaidh
agus dar go deimhin ba ró-bhlasda binn-bhriathrach
an cómhrádh é. Bhí an lán daoine i láthair, siúd 's
nach raibh a leath-oiread is ba chóir bheith ann.
Bhí gach cineál daoine ann, fir agus mná, uaisle
agus ísle, fó-dhaoine agus só-dhaoine agus daoine
do b' éagsamhail creideamh agus poiliteacht dóibh,
agus bhíodar uile ar aon intinn ag tabhairt molta
do'n Chraoibhín. Thaisbeáin seisean dúinn go soiléir
mar tá múinteachas na tíre i lámhaibh bodach
Gallda nach gcuireann suim i nÉirinn no i nGaedhilg
ar chor ar bith. Chruthuigh sé dhúinn gur droich-intinn
ar fad atá ag lucht stiúrtha léighinn agus múinteachais
i nÉirinn do léigheann agus do bheusaibh Gaedhealacha,
agus gur cuma leo daoine na hÉireann uile bheith go
síor i n-aineolas agus faoi dhorchadas intleachta, acht
amháin gan fios d'fhághail dóibh ar stáir a dtíre, ar
shean-chuimhne a sinnsear, nó ar a dteangaidh dhúthchais.
Ba dhoiligh tuigsint cia aca is measa i n-aghaidh léighinn
Gaedhilge, Buidhean stiúrtha an phríomh-léighinn no
buidhean stiúrtha an áird léighinn (Bórd an Léighinn
Náisiúnta nó Bórd Coláisde na Tríonóide).
Labhair Rabbi na n-Iudaigheach i mBéilfeirsde ag
moladh an Chraoibhín agus d'innis sé dhúinn go dtug sé
féin ar go gach páisde Iudaigheach do bhí fá' smacht an
teanga Eabhrac d'fhoghluim mar athrughadh teangan.
Tosuigheann lucht múinte sgoile an Eabhrac do
mhúnadh do na páisdibh nuair thig siad ar sgoil ar dtúis,
agus ní stadann siad dá múnadh go bhfágann na páisdí
an sgoil ar fad, agus is é tháinig de sin gur b'fhéidir
le gach páisde Iudaigheach teanga a shinnsear do
thuigsint agus do labhairt. Níor chuir so bac ar bith
ar na páisdíbh chum ealadhan eile d'fhoghluim agus do
mhaoidhim sé nach raibh sgoil i mBéilfeirsde ina raibh na
páisdí níos glice ag gnáth-fhoghluim ná an sgoil a raibh
sé féin mar stiúrthóir uirri.
Sé an rud is iongantaighe d'innis an Rabbi dhúinn
go dtugann buidhean stiúrtha na sgol .i. an Bórd
Léighinn náisiúnta cead do na hIudaighibh an teanga
Eabhrac do mhúnadh do na páisdíbh uair ar bith san lá gan
bac gan bagairt. Anois ní leigfidhe do oide sgoile ar
feadh na tíre Gaedhilg do mhúnadh do pháisdíbh ar bith ar
feadh gnáth-aimsire múinteachais coitchinn, agus feuch
tugthar cead do na hIudaighibh Eabhrac do mhúnadh.
Agus fós ní'l na hIudaighe acht 'na ndream shuarach
choigcrícheach i nÉirinn agus is Gaedhil urmhór do
mhuintir na hÉireann. Ar chuala aon duine riamh a
leitheid de leath-thoil is atá lucht stiúrtha léighinn ag
déanamh i n-aghaidh na Gaedhilge! Níor chóir dhúinn
cur suas leis lá amháin gan bhreilsge do thógbháil orra.
Bhí Árd-Mhaor na Cathrach i láthair ag an gcomhrádh
agus mhol sé an Craoibhín, mar dhuine Iudaigheach atá
ann. B'fhéidir go bhfuil cuimhne ag do leightheoiribh
gur chuir sé suas de'n chathaoir do ghlacadh nuair do bhí
an t-Ollamh Ó hIcídhe ag tabhairt chomhráidh uaidh i mBéil-
feirsde. Measaim go raibh aithreachas ar an Árd-
mhaor mar gheall ar an ghníomh sin agus gur ag déanamh
cineal leor-ghnímh do bhí sé nuair tháinig sé go comhrádh
an Chraoibhín. Mar sin féin bhí fáilte roimhe agus
tiocfaidh tairbhe as do chúis na Gaedhilge.
Cú Uladh
FOCLÓIR STAIRIÚIL NA NUA-GHAEILGE (FNG) / THE HISTORICAL DICTIONARY OF MODERN IRISH
ACADAMH RÍOGA NA HÉIREANN (ARÉ) / THE ROYAL IRISH ACADEMY (RIA)
Is cuid de Chartlann FNG de théacsanna Nua-Ghaeilge an ríomhthéacs seo. www.fng.ie
Tá an téacs seo á chur ar fáil faoi Creative Commons Attribution-NonCommercial- NoDerivs 3.0 Unported License (http://creativecommons.org/licenses/by-nc-nd/3.0/) Ní bheidh FNG ná ARÉ freagrach as úsáid an ríomhthéacs seo.
Dáta: 18/10/11