Historical Irish Corpus
1600 - 1926
Historical Dictionary of Irish
Search the corpus
Browse the Text Archive 1600-1926
Cúrsaidhe an tSaoghail
Title
Cúrsaidhe an tSaoghail
Author(s)
Ní fios,
Composition Date
1899
Publisher
An Claidheamh Soluis
Téacs
Comhad TEI
Gnáth-Théacs
Comhad ePub
Search Texts
Enter word/phrase
Search Type
Headword
Standardised
Exact match
Phrase
Word Type
All
Adjective
Noun
Preposition
Pronoun
Verb
Verbal Noun
Poetry/Prose
Both
Prose
Poetry
Set Dates
1600
1926
Cúrsaidhe an tSaoghail "An Ghaedhilg ins an am atá le teacht - nídh a bhfuil súil leis." Páipéar do léigheadh ós comhair Árd-Chraoibhe Chonnartha na Gaedhilge i mBaile-Átha-Cliath an tríomhadh lá deug de Mhí na Nodlag, 1899. Is minic smuainim ar an am bheadh roimh an nGaedhilg dá ndeunfadh gach uile Éireannach an rud budh cheart do Éireannach mhaith do dheunamh i dtaobh a theangadh dúthchais. Deir go leor daoine nach dtiocfadh linn dul ar aghaidh ar an saoghal so anois gan Béarla bheith againn. Ní aontuighim leis an dream so ar chor ar bith. Dá m-beadh Gaedhilg go maith ag gach uile dhuine in Éirinn, agus suim aca inti, ní theastóchadh aon Bhéarla uainn acht chomh beag is tá sé ag teastáil ó mhuintir go leor tír eile san Eoraip. Ní theastuigheann aon Bhéarla ó mhuintir Fhlanndrais, ná ó mhuintir Ollaind. Go deimhin ní theastuigheann, agus nach iad atá ag dul ar a aghaidh go maith! Trachtaim ar na tíribh seo mar tá siad beag agus chomh gar do Shasana is támuid féin. Cia an chaoi an bfuil siad ag seasamh ar an saoghal? Go deimhin ní bheadh ann acht amadán a chuirfeadh 'nár gcomórtas iad. Tá an talamh dona go leor ionta, agus in Ollaind go háirighthe, bheadh sé báidhte fad ó faoi an bhfairge muna mbeidís féin, mar tá sé níos ísle 'ná an fhairge, acht ina leabhaidh sin tá gach tír aca mar gharrdha. Tá na daoine saothamhail saidhbhir, agus rud níos fearr 'ná sin tá siad saor. Seo dhá thír atá chomh gar do Shasana is tá Éire. Tá a gcuid talmhan sáthach dona. Níl an dá cheann aca i dteanta a chéile chomh mór le hÉirinn, acht tá níos mó daoine in aon cheann amháin aca 'ná mar tá in Éirinn ar fad, agus iad go léir ar bhealach mhaith. An measann sibh dá mbeidís faoi riaghaltas ag na Sasana- chaibh agus Béarla ar fad dá labhairt ionta go mbeidís ag déanamh chomh maith is tá siad anois? Fágaim agaibh féin an freagra. Maidir leis na tíribh eile, beag agus mór, san Eoraip, ní'l aon Bhéarla aca agus ní theastui- gheann a leithid uatha. Is cuma cia adéarfas daoine eile, is í mo bharamhail-sa ar chuma ar bith dá n-eireo- chamuis ar maidin i mbárach, agus gan ag fear nó bean, nó páisde in Éirinn focal Béarla acht oiread is tá ag na Franncachaibh, ag na Gearmáinneachaibh, ag na Spáinneachaibh, nó ag muintir aon tíre eile san Eoraip, nach mbeadh ann acht maitheas agus maitheas mór d'on tír. Tá a fhios agam go maith go bhfuil daoine ann, agus is daoine iad atá na gcáirdibh maith d'on Ghaedhilg, adeireas go dteastuigheann an Béarla uainn, acht ní leigimse leo. B'fhéidir go dteastuigheann roint Béarla uainn anois nuair atá sé dá labhairt chomh cotcheanta nár measg, acht dá mbeadh gach uile dhuine in Éirinn gan acht Gaedhilg na cheann ní theastóchadh aon Bhéarla uainn. Támuid fada go leor ó'n Sasana, agus thiocfadh linn ar slighe bheatha féin do ghearradh amach gan n-abróchaidh duine éigin nach ceart dam an méid seo do rádh, agus nách í obair Chonnartha na Gaedhilge an Béarla do dhíbirt amach as Éirinn. Tá a fhios agam nach í, agus bheinn féin sásta go leor dá mbeadh Gaedhilg mhaith agus Béarla maith ag gach uile dhuine san tír, acht bheinn sásta naoi n-uaire níos fearr dá m-beadh acht Gaedhilg amháin ag gach uile cheann againn. Anois is é an t-ainm chuir mé ar an bpáipéar so, "An Ghaedhilg ins Am atá le teacht - Nídh a bhfuil Súil leis" - agus an bhfuil aon tsúil ann go mbeidh an Ghaedhilg dá labhairt go coitcheanta ins an tír seo arís? Is ag muintir na hÉireann, agus ag muintir na hÉireann amháin, atá é sin do rádh. Deir a lán daoine go bhfuil aon mhaith ann bheith ag déanamh iarrachta le n-a tabhairt ar ais arís, acht deirimse leo nach bhfuil an Ghaedhilg caillte fós, agus nach mbeidh sí caillte go bráth má's toil linn é. An rud do rinneadh in go leor náisiun eile is féidir linn do dhéanamh in Éirinn. Inneosadh díbh chomh maith is tig liom cuid de'n obair do rinneadh le muintir tír eile le teangaidh dhuthchais a' bhí i gcontabhairt do shábháil ó'n mbás. Tosóchaidh mé ag Breatain, an tírín aca is goire dhúinn. Is roint de'n Sasana mar adéarfá, Breatain, acht má's eadh féin ní thiocfadh leis na Sasanachaibh a dteanga féin do bhaint díobh. Céad bliadhain go leith ó shoin ní raibh ins an tír acht aon chéad míle beag amháin a raibh Breathainis aca. Chonnaic na daoine is cosamhail dá leigfidís a dteanga chum báis nach m-beadh tásg ná tuaraisg orra féin ná ar a dtír
ins an am a bhí le teacht. Ar an ádhbhar sin thosuigheadar ar scoileannaibh do chur ar bun ann so agus ann súd tríd an tír, mar támuid féin ag déanamh iarrachta le déanamh in Éirinn anois, na mbeadh an Bhreathainis dá múnadh. Budh ghearr go dtáinic isteach sean agus óg ar a dteangaidh dhúthchais do léigheadh agus do scríobhadh, agus na theanta sin tháinic bród chomh mór sin orra as a dtír agus as a sinsear a tháinic rómpa gur b'fhearr leo saidh- bhreas an domhain do chailleamhaint 'ná a dteanga. Anois tá ós cionn milliúin duine ins an tír agus tá Breathainis go blasta ag naoi gcéad míle aca. Tá Breathainis dá múnadh ins gach scoil, agus ní'l sí dá múnadh mar tá an Ghaedhilg dá múnadh in Éirinn. Is scoi- leanna náisiúnta iad na scoileanna i mBreatain. Déanann na paisdí foghluim ar a dteangaidh féin ó'n gcéad lá thosuigheas siad dul ar scoil, agus Béarla na dhiaidh sin tríd an m-Breathainis. Tá timcheall le céad páipéar go leith clodh-bhuailte i m-Breathainis, agus tigeann leabhra agus leabhra do ghach uile shaghas amach gach bliadhain san teangaidh dhuthchais. Tá bród ar gach uile dhuine aisti. Nuair bhí cómhaireamh na ndaoine ar siubhal ocht mbliadhain ó shoin bhí go leor de na Breathan- achaibh nár mhaith leo admháil go raibh focal Béarla ar bith aca. Níor bh'é sin dálta dhúinne in Éirinn faraoir! Is iomdha fear agus bean a bhí ann faoi an am sin, agus an Ghaedhilg go blasta aca, nach leigfeadh an náire dhóibh admháil go raibh focal di na bpluic, agus tá faitchíos orm go bhfuil ceann nó dhó aca le fághail ann annseo agus ann- súd go fóill. Ní hé amháin go bhfuil an Bhreathainis dá labhairt ins gach áit tríd an tír acht tá sí fághail bhuadha ar an mBéarla ins na condaethibh Shasana is goire di, agus nuair théidheas na daoine thar sáile ní leigeann siad a dteanga ar gcúl. (Tuilleadh)
19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services