Cúrsaidhe an tSaoghail
"An Ghaedhilg ins an am atá le teacht -
nídh a bhfuil súil leis."
Páipéar do léigheadh ós comhair Árd-Chraoibhe Chonnartha na
Gaedhilge i mBaile-Átha-Cliath an tríomhadh lá deug de Mhí na
Nodlag, 1899.
Is minic smuainim ar an am bheadh roimh an nGaedhilg
dá ndeunfadh gach uile Éireannach an rud budh cheart
do Éireannach mhaith do dheunamh i dtaobh a theangadh
dúthchais. Deir go leor daoine nach dtiocfadh linn
dul ar aghaidh ar an saoghal so anois gan Béarla bheith
againn. Ní aontuighim leis an dream so ar chor ar bith.
Dá m-beadh Gaedhilg go maith ag gach uile dhuine in
Éirinn, agus suim aca inti, ní theastóchadh aon Bhéarla uainn
acht chomh beag is tá sé ag teastáil ó mhuintir go leor
tír eile san Eoraip. Ní theastuigheann aon Bhéarla ó
mhuintir Fhlanndrais, ná ó mhuintir Ollaind. Go deimhin
ní theastuigheann, agus nach iad atá ag dul ar a aghaidh
go maith! Trachtaim ar na tíribh seo mar tá siad
beag agus chomh gar do Shasana is támuid féin. Cia an
chaoi an bfuil siad ag seasamh ar an saoghal? Go
deimhin ní bheadh ann acht amadán a chuirfeadh 'nár
gcomórtas iad. Tá an talamh dona go leor ionta,
agus in Ollaind go háirighthe, bheadh sé báidhte fad ó faoi
an bhfairge muna mbeidís féin, mar tá sé níos ísle 'ná
an fhairge, acht ina leabhaidh sin tá gach tír aca mar
gharrdha. Tá na daoine saothamhail saidhbhir, agus rud
níos fearr 'ná sin tá siad saor.
Seo dhá thír atá chomh gar do Shasana is tá Éire.
Tá a gcuid talmhan sáthach dona. Níl an dá cheann
aca i dteanta a chéile chomh mór le hÉirinn, acht tá
níos mó daoine in aon cheann amháin aca 'ná mar tá
in Éirinn ar fad, agus iad go léir ar bhealach mhaith. An
measann sibh dá mbeidís faoi riaghaltas ag na Sasana-
chaibh agus Béarla ar fad dá labhairt ionta go mbeidís ag
déanamh chomh maith is tá siad anois? Fágaim agaibh
féin an freagra. Maidir leis na tíribh eile, beag agus
mór, san Eoraip, ní'l aon Bhéarla aca agus ní theastui-
gheann a leithid uatha. Is cuma cia adéarfas daoine
eile, is í mo bharamhail-sa ar chuma ar bith dá n-eireo-
chamuis ar maidin i mbárach, agus gan ag fear nó bean,
nó páisde in Éirinn focal Béarla acht oiread is tá ag
na Franncachaibh, ag na Gearmáinneachaibh, ag na
Spáinneachaibh, nó ag muintir aon tíre eile san Eoraip,
nach mbeadh ann acht maitheas agus maitheas mór d'on tír.
Tá a fhios agam go maith go bhfuil daoine ann, agus is
daoine iad atá na gcáirdibh maith d'on Ghaedhilg,
adeireas go dteastuigheann an Béarla uainn, acht ní
leigimse leo. B'fhéidir go dteastuigheann roint
Béarla uainn anois nuair atá sé dá labhairt chomh
cotcheanta nár measg, acht dá mbeadh gach uile dhuine
in Éirinn gan acht Gaedhilg na cheann ní theastóchadh aon
Bhéarla uainn. Támuid fada go leor ó'n Sasana, agus
thiocfadh linn ar slighe bheatha féin do ghearradh amach
gan n-abróchaidh duine éigin nach ceart dam an méid seo
do rádh, agus nách í obair Chonnartha na Gaedhilge an Béarla
do dhíbirt amach as Éirinn. Tá a fhios agam nach í, agus
bheinn féin sásta go leor dá mbeadh Gaedhilg mhaith agus
Béarla maith ag gach uile dhuine san tír, acht bheinn
sásta naoi n-uaire níos fearr dá m-beadh acht Gaedhilg
amháin ag gach uile cheann againn.
Anois is é an t-ainm chuir mé ar an bpáipéar so,
"An Ghaedhilg ins Am atá le teacht - Nídh a bhfuil Súil
leis" - agus an bhfuil aon tsúil ann go mbeidh an Ghaedhilg
dá labhairt go coitcheanta ins an tír seo arís? Is ag
muintir na hÉireann, agus ag muintir na hÉireann amháin,
atá é sin do rádh. Deir a lán daoine go bhfuil aon
mhaith ann bheith ag déanamh iarrachta le n-a tabhairt ar
ais arís, acht deirimse leo nach bhfuil an Ghaedhilg caillte
fós, agus nach mbeidh sí caillte go bráth má's toil linn é.
An rud do rinneadh in go leor náisiun eile is féidir
linn do dhéanamh in Éirinn. Inneosadh díbh chomh maith
is tig liom cuid de'n obair do rinneadh le muintir tír
eile le teangaidh dhuthchais a' bhí i gcontabhairt do shábháil
ó'n mbás. Tosóchaidh mé ag Breatain, an tírín aca is
goire dhúinn. Is roint de'n Sasana mar adéarfá,
Breatain, acht má's eadh féin ní thiocfadh leis na
Sasanachaibh a dteanga féin do bhaint díobh. Céad
bliadhain go leith ó shoin ní raibh ins an tír acht aon chéad
míle beag amháin a raibh Breathainis aca. Chonnaic na
daoine is cosamhail dá leigfidís a dteanga chum báis
nach m-beadh tásg ná tuaraisg orra féin ná ar a dtír
ins an am a bhí le teacht. Ar an ádhbhar sin thosuigheadar
ar scoileannaibh do chur ar bun ann so agus ann súd tríd
an tír, mar támuid féin ag déanamh iarrachta le
déanamh in Éirinn anois, na mbeadh an Bhreathainis dá
múnadh. Budh ghearr go dtáinic isteach sean agus óg ar
a dteangaidh dhúthchais do léigheadh agus do scríobhadh, agus
na theanta sin tháinic bród chomh mór sin orra as a dtír
agus as a sinsear a tháinic rómpa gur b'fhearr leo saidh-
bhreas an domhain do chailleamhaint 'ná a dteanga.
Anois tá ós cionn milliúin duine ins an tír agus tá
Breathainis go blasta ag naoi gcéad míle aca. Tá
Breathainis dá múnadh ins gach scoil, agus ní'l sí dá múnadh
mar tá an Ghaedhilg dá múnadh in Éirinn. Is scoi-
leanna náisiúnta iad na scoileanna i mBreatain.
Déanann na paisdí foghluim ar a dteangaidh féin ó'n
gcéad lá thosuigheas siad dul ar scoil, agus Béarla na
dhiaidh sin tríd an m-Breathainis. Tá timcheall le céad
páipéar go leith clodh-bhuailte i m-Breathainis, agus
tigeann leabhra agus leabhra do ghach uile shaghas amach gach
bliadhain san teangaidh dhuthchais. Tá bród ar gach
uile dhuine aisti. Nuair bhí cómhaireamh na ndaoine ar
siubhal ocht mbliadhain ó shoin bhí go leor de na Breathan-
achaibh nár mhaith leo admháil go raibh focal Béarla ar
bith aca. Níor bh'é sin dálta dhúinne in Éirinn faraoir!
Is iomdha fear agus bean a bhí ann faoi an am sin, agus an
Ghaedhilg go blasta aca, nach leigfeadh an náire dhóibh
admháil go raibh focal di na bpluic, agus tá faitchíos orm
go bhfuil ceann nó dhó aca le fághail ann annseo agus ann-
súd go fóill. Ní hé amháin go bhfuil an Bhreathainis
dá labhairt ins gach áit tríd an tír acht tá sí fághail
bhuadha ar an mBéarla ins na condaethibh Shasana is
goire di, agus nuair théidheas na daoine thar sáile ní
leigeann siad a dteanga ar gcúl.
(Tuilleadh)
FOCLÓIR STAIRIÚIL NA NUA-GHAEILGE (FNG) / THE HISTORICAL DICTIONARY OF MODERN IRISH
ACADAMH RÍOGA NA HÉIREANN (ARÉ) / THE ROYAL IRISH ACADEMY (RIA)
Is cuid de Chartlann FNG de théacsanna Nua-Ghaeilge an ríomhthéacs seo. www.fng.ie
Tá an téacs seo á chur ar fáil faoi Creative Commons Attribution-NonCommercial- NoDerivs 3.0 Unported License (http://creativecommons.org/licenses/by-nc-nd/3.0/) Ní bheidh FNG ná ARÉ freagrach as úsáid an ríomhthéacs seo.
Dáta: 18/10/11