Historical Irish Corpus
1600 - 1926
Historical Dictionary of Irish
Search the corpus
Browse the Text Archive 1600-1926
Rosg Catha Bhriain i gCluain Tairbh
Title
Rosg Catha Bhriain i gCluain Tairbh
Author(s)
Ua Laoghaire, Peadar,
Composition Date
1899
Publisher
An Claidheamh Soluis
Téacs
Comhad TEI
Gnáth-Théacs
Comhad ePub
Search Texts
Enter word/phrase
Search Type
Headword
Standardised
Exact match
Phrase
Word Type
All
Adjective
Noun
Preposition
Pronoun
Verb
Verbal Noun
Poetry/Prose
Both
Prose
Poetry
Set Dates
1600
1926
Rosg Catha Bhriain i gCluain Tairbh (Recitation for Leinster Feis) A Chlann Chais! A shliocht ríoghdha! A mhuintir na n-arm ngéar agus na gcruadhlámh, nár staon agus nár stríoc do namhaid fós riamh i gcath dá thruime, i n-éigin dá ghéire, i spéirlinn da dhéine, mo sheasamh indiu orraibh! Féach annsúd iad, cruinnighthe cnuasda os bhar gcómhair. Tá rian bhar lámh go daingean cheana ortha. Ní thugann sain ciall dóibh. Is minic le fiche bliadhan a chuireabhair-se anfa agus teicheadh agus ár agus dearg- ruathar ortha, ar fuaid réidhthe agus gleannta agus machairí Éireann. Is mór dá gcuid fola agus feóla atá ag cur geamhair agus féir ghlais ag fás i n-Éirinn indiu. Go dtí so ba chuma iad nó corr-mhíola, dá mhéid do marbhuighthí díobh, ní samhluighthí easnamh ná luigheadh ortha. Is fada sinn cráidhte ciapaithe acu, iad ag faire ar ár gcuantaibh agus ar ár mbailtibh puirt, ag preabadh chughainn isteach nuair ná bíodh coinne leó, ag bradghail agus ag sgiobadh agus ag cosgar. Is minic do leigeadh as iad agus croch tiullte acu. B'é a mbuidheachas teacht arís agus feall níos measa do dhéanamh. An fada a curfar suas leis an obair sin? Is dócha gur dóich leo go leigfear as indiu iad mar a leigeadh go minic cheana. Bíodh sain de dhearmad ortha, a Chlainn ó! Ná téidheadh fear innsinte sgéil tar n-ais a bhaile dhíobh. Níor cuireadh fios ortha. Do thángadar uatha féin. Is minic a dubhradh leo go dtiocfaidís agus ná h-imtheóchaidís. Déintear deimhin indiu dhe dhóibh. Cad a thug iad? An amhlaidh a cheapadar ná raibh aoinne 'na chómhnuidhe 'san oileán so! Má dheineadar dearmhad bíodh ortha féin anois. Tá aon mhaith amháin sa dearmhad atá déanta acu. Do thángadar go léir. Féachaidh, a Chlann ó, féach an tsloigisg sin. Tá "an chráin 's a h-ál go léir" annsain agaibh. Tá a bhfuil beó de chlannaibh Lochlann annsain agaibh. Táid siad bailighthe annsain agaibh ó Bhreatain agus ó Shasanaibh, ó Albain agus a dtuaidh ós na hOileánaibh, anall ó Mhanainn agus anois ó chríochaibh Danarg. Ní'l a thuilleadh 'na ndiaidh 'sa bhaile gur fiú iad d'áireamh. Múchaidh an saithe sin indiu agus tá deireadh le réim Lochlann go bráth na breithe. Chím cuid agaibh ag amharc anonn treasna na páirce sin. Ní ró-mhaith an radharc atá ann le feicsint. Is mairg do Laighnibh agus do Mhac Giolla Phádraig cais- mirt an lae indiu do sheachnadh. Déanfar an gníomh so gan a gcabhair. Béarfar an buadh so ós cómhair a súl is gan iad páirteach ann. Beidh sain 'na mhasla agus 'na ghuith ar a gclú agus ar a gcáil an dá lá 's an fhaid a bheidh grian ar spéir agus daoine ar talamh. Tá cuid d'ár muintir féin amuich uainn. Ná bac sain. Tá oiread annso agus shocróchaidh cúntas leis an sloigisg sin thall. Is cúntas fada é. Is mithid é shocrughadh. Anois an t-am chuige. Is iad ár namhaid iad. Is iad namhaid ar gCreidimh iad. Tá rian na teineadh ar eaglaisibh Éireann 'na ndiaidh. Beidh lámh Dé linn 'ghá dhíoghailt indiu ortha. Cad é an lá é seo indiu againn? Indiu an Aoine.
Is í an Aoine an Chéasda féin í! I gcuimhneamh an lae indiu is eadh d'fhuiling ar Slánuightheoir Íosa Críosd bás ar chrann na croise chum an chreidimh do chur ar bun. Támaoid-ne annso indiu ag tabhairt aighthe ar an mbás chum an chreidimh do chosnamh. An dóich leat ná go mbeidh lámh chómhachtach an tSlánuightheóra linn 'sa ghleó! An dóich leat ná go mbeidh meanma ó Dhia indiu i gcroidhe gach fir a thabharfaidh aghaidh ar an namhaidh sin. Beidh, agus má's annso atá fód ár mbáis, tá bás an tSlánuightheóra féin mar urrudhas againn air, go rachaidh ár n-anmanna saor ó'n bhfód so go flaitheas na ngrást. Gabaidh chúcha, a Chlann ó, i n-ainm Dé agus Mhuire, tugaidh an faobhar dóibh, gabhaidh de chosaibh ionnta. Ní hé an chéad uair agaibh é. Ná téidheadh aon mhac máthar acu beó uaibh. Ná cuiridh suim 'na gcótaidhibh iarainn. Cótaidhe troma is eadh iad. Tá aon mhaith amháin ionnta, coimeádfaid siad na fir daoibhse chum na gceann do bhaint díobh. Do thángadar chum fan- mhainte. Fanaidís, i n-ainm Dé. Tá slíghe fé'n bhfód sa chluain seo dhóibh. Tugtar dóibh é gan doicheall. A Chlann ó! A óga mo chroidhe! A chineadh uasal! Is maith is eol damhsa bhar ngníomh. Feiceam an gníomh sain indiu, agus geallfad daoibh go mairfidh a thoradh agus a chlú an fhaid a bheidh uisge ag ruith agus féar ag fás i n-Éirinn. Peadar Ua Laoghaire
19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services