Historical Irish Corpus
1600 - 1926

Rosg Catha Bhriain i gCluain Tairbh

Title
Rosg Catha Bhriain i gCluain Tairbh
Author(s)
Ua Laoghaire, Peadar,
Composition Date
1899
Publisher
An Claidheamh Soluis

Search Texts

Poetry/Prose
1600 1926


Rosg Catha Bhriain i gCluain Tairbh



(Recitation for Leinster Feis)



A Chlann Chais! A shliocht ríoghdha! A mhuintir na
n-arm ngéar agus na gcruadhlámh, nár staon agus nár
stríoc do namhaid fós riamh i gcath dá thruime, i n-éigin
dá ghéire, i spéirlinn da dhéine, mo sheasamh indiu orraibh!



Féach annsúd iad, cruinnighthe cnuasda os bhar
gcómhair. Tá rian bhar lámh go daingean cheana ortha.
Ní thugann sain ciall dóibh. Is minic le fiche bliadhan a
chuireabhair-se anfa agus teicheadh agus ár agus dearg-
ruathar ortha, ar fuaid réidhthe agus gleannta agus machairí
Éireann. Is mór dá gcuid fola agus feóla atá ag
cur geamhair agus féir ghlais ag fás i n-Éirinn indiu.
Go dtí so ba chuma iad nó corr-mhíola, dá mhéid do
marbhuighthí díobh, ní samhluighthí easnamh ná luigheadh ortha.
Is fada sinn cráidhte ciapaithe acu, iad ag faire ar ár
gcuantaibh agus ar ár mbailtibh puirt, ag preabadh
chughainn isteach nuair ná bíodh coinne leó, ag bradghail
agus ag sgiobadh agus ag cosgar. Is minic do leigeadh
as iad agus croch tiullte acu. B'é a mbuidheachas
teacht arís agus feall níos measa do dhéanamh. An
fada a curfar suas leis an obair sin? Is dócha gur
dóich leo go leigfear as indiu iad mar a leigeadh go
minic cheana. Bíodh sain de dhearmad ortha, a Chlainn
ó! Ná téidheadh fear innsinte sgéil tar n-ais a bhaile
dhíobh. Níor cuireadh fios ortha. Do thángadar uatha
féin. Is minic a dubhradh leo go dtiocfaidís agus ná
h-imtheóchaidís. Déintear deimhin indiu dhe dhóibh. Cad
a thug iad? An amhlaidh a cheapadar ná raibh aoinne
'na chómhnuidhe 'san oileán so! Má dheineadar dearmhad
bíodh ortha féin anois.



Tá aon mhaith amháin sa dearmhad atá déanta acu.
Do thángadar go léir. Féachaidh, a Chlann ó, féach an
tsloigisg sin. Tá "an chráin 's a h-ál go léir" annsain
agaibh. Tá a bhfuil beó de chlannaibh Lochlann annsain
agaibh. Táid siad bailighthe annsain agaibh ó Bhreatain
agus ó Shasanaibh, ó Albain agus a dtuaidh ós na
hOileánaibh, anall ó Mhanainn agus anois ó chríochaibh
Danarg. Ní'l a thuilleadh 'na ndiaidh 'sa bhaile gur fiú
iad d'áireamh. Múchaidh an saithe sin indiu agus tá
deireadh le réim Lochlann go bráth na breithe.



Chím cuid agaibh ag amharc anonn treasna na páirce
sin. Ní ró-mhaith an radharc atá ann le feicsint. Is
mairg do Laighnibh agus do Mhac Giolla Phádraig cais-
mirt an lae indiu do sheachnadh. Déanfar an gníomh so
gan a gcabhair. Béarfar an buadh so ós cómhair a súl
is gan iad páirteach ann. Beidh sain 'na mhasla agus
'na ghuith ar a gclú agus ar a gcáil an dá lá 's an fhaid
a bheidh grian ar spéir agus daoine ar talamh.



Tá cuid d'ár muintir féin amuich uainn. Ná bac
sain. Tá oiread annso agus shocróchaidh cúntas leis
an sloigisg sin thall. Is cúntas fada é. Is mithid é
shocrughadh. Anois an t-am chuige. Is iad ár namhaid
iad. Is iad namhaid ar gCreidimh iad. Tá rian na
teineadh ar eaglaisibh Éireann 'na ndiaidh. Beidh lámh
Dé linn 'ghá dhíoghailt indiu ortha.



Cad é an lá é seo indiu againn? Indiu an Aoine.


L. 643


Is í an Aoine an Chéasda féin í! I gcuimhneamh an lae
indiu is eadh d'fhuiling ar Slánuightheoir Íosa Críosd
bás ar chrann na croise chum an chreidimh do chur ar
bun. Támaoid-ne annso indiu ag tabhairt aighthe ar
an mbás chum an chreidimh do chosnamh. An dóich leat
ná go mbeidh lámh chómhachtach an tSlánuightheóra linn
'sa ghleó! An dóich leat ná go mbeidh meanma ó Dhia
indiu i gcroidhe gach fir a thabharfaidh aghaidh ar an
namhaidh sin. Beidh, agus má's annso atá fód ár mbáis,
tá bás an tSlánuightheóra féin mar urrudhas againn
air, go rachaidh ár n-anmanna saor ó'n bhfód so go
flaitheas na ngrást.



Gabaidh chúcha, a Chlann ó, i n-ainm Dé agus Mhuire,
tugaidh an faobhar dóibh, gabhaidh de chosaibh ionnta.
Ní hé an chéad uair agaibh é. Ná téidheadh aon mhac
máthar acu beó uaibh. Ná cuiridh suim 'na gcótaidhibh
iarainn. Cótaidhe troma is eadh iad. Tá aon mhaith
amháin ionnta, coimeádfaid siad na fir daoibhse chum
na gceann do bhaint díobh. Do thángadar chum fan-
mhainte. Fanaidís, i n-ainm Dé. Tá slíghe fé'n bhfód
sa chluain seo dhóibh. Tugtar dóibh é gan doicheall.



A Chlann ó! A óga mo chroidhe! A chineadh uasal!
Is maith is eol damhsa bhar ngníomh. Feiceam an gníomh
sain indiu, agus geallfad daoibh go mairfidh a thoradh agus a
chlú an fhaid a bheidh uisge ag ruith agus féar ag fás
i n-Éirinn.



Peadar Ua Laoghaire

19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Royal Irish Academy
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services