Historical Irish Corpus
1600 - 1926
Historical Dictionary of Irish
Search the corpus
Browse the Text Archive 1600-1926
Cúrsaidhe an tSaoghail
Title
Cúrsaidhe an tSaoghail
Author(s)
Conán Maol,
Pen Name
Conán Maol
Composition Date
1899
Publisher
An Claidheamh Soluis
Téacs
Comhad TEI
Gnáth-Théacs
Comhad ePub
Search Texts
Enter word/phrase
Search Type
Headword
Standardised
Exact match
Phrase
Word Type
All
Adjective
Noun
Preposition
Pronoun
Verb
Verbal Noun
Poetry/Prose
Both
Prose
Poetry
Set Dates
1600
1926
Cúrsaidhe an tSaoghail Tar Lear Ar maidin Dia Sathairn seo ghabh tharainn bhuaileas amach chum mo ghnotha agus cia bhuailfeadh umam ag cúinne na sráide acht mo dhuine muinteardha Seághan Buidhe. "Ghia, Dia agus Muire dhuit," arsa mesi, "an tusa tá ann?" "Dia agus Críost duit," ar Seághan, mar is Sasanach is eadh é. D'fhéachas air, is ar éigin d'aithnigheas é, mar níor bhuail sé liom le rátha, bhí sé breágh, beathaighthe an uair sin agus méadal air go leathfá do chosa uirthe laistíos de bhéal a sgéithín; acht indiu ní raibh sgreatal de'n bholg air, acht fá mar do bhaidh a mhinid ceangailte de chlár a dhroma. "Arú cad' tá ag gabháil duit?" ar mesi. "Ní fheadar an tsaoghal," ar seisean, "ní chodlaim go maith, ní dóich liom go bhfuilim ar fóghnamh, tá teinneas cínn agus míogarnach orm. Níor chodlas uair an chloig a réir, mar b'éigean dom preabadh as mo leabaidh ar uair mhairbh na hoidhche toisg go raibh madra mór ag straca na sgórnuighe asam." "Ó, taidhbhreadh is docha do bhís," ar mesi. "B'fhéidir é, acht dá bhfeicfeá an ullphiast mhadra úd! Bhí a earball chómh reamhar agus chómh hárd le bile coille, craos air do shlug- fadh fiche fear, stranaidhe fiacal aige chómh fada le buailteán súiste, lapaidhe cos air chómh leathan le bróin mhuilinn, ingne ortha agus clúmh ortha, agus dhá shúil bhuile aige ar lasadh de nós béil tein-aoile. Chuir sé abhastar as do chuir an codladh grífín am' bhallaibh agus do stolfadh sé na háedha asam muna mbiadh gur ritheas uaidh." "Ní fuláir gurab é Pól é," arsa mesi. Tháinig creatha fuachda ar Sheághan. "Bhí fear mór, féasógach, ós cionn sé troighthe, ar gríosadh an mhadra allta úd, agus rinne an taoiseach Buller, dar liomh, iarracht ar mo chosaint air acht rug an fear mór, féasógach ar Bhuller agus chaith sé 'sa n-aér é fá mar do chaithfá punnann árbhair." "Tá truagh agam duit," arsa mesi. "Ceapaim go bhfuil," ar seisean, "gidh go mbitheá ag magadh fúm, ar uairibh." "Tá na pluic reamhra úd do bhí ort súighte isteach id' choránaibh, agus sgéan id' shúilibh; is minic adubhart leat leigean de na Bórachaibh." "Is fíor sain," ar seisean, "acht mheall na páipéir mé. Ba mhaith liom cosg do chur leis an gcogadh agus ba mhaith leis na saighdiúiribh bochta leis é acht tá eagla roimh na daoine orm - iad so ag baile atá ag déanamh an ghleóigh acht ná fuil fonn ortha féin chum troda." "Is amhlaidh é," ar mesi, "bíonn na madraí gearra ag glamhuígheal acht tá a bhfiacla maol. Chonnarc scata acu lá ag abhastraigh ar bheithir - "Uch na hinnis dom aon sgéal ar bheithir, ní maith liom a leithéid sin d'ainmhidhe agus cuireann na madraí gearra i gcuimhne dhom na gunnaí gearra, acht fóiríor ní fhuil a bhfiacla súd maol. Nach mór an sgrios do rinneadar ar Mhetuen ag Maghersfontein, agus ar Ghatacre ag Storm- berg, agus ar Bhuller ag Colenso. Trí chath i n-aon tseachtmhain amháin agus an buadh le Pól!" "A ndeireann tú liom gur buadhadh ar Bhuller?" Chrom Seághan ar ghol. "Ní fios dom fós cá mhéid fear do chaill Buller, acht deir sé gur chuir Ioubert an rith air agus go mb'éigean dó dhá ghunna mór déag d'fhágaint 'na dhiaidh ar pháirc an bhualadh; acht cogar i leith is dóich liom go raibh dhá ghunna fichead ann. Caithfeam mórán do cheilt ar na daoinibh. Tugadh na gunnaí móra úd as loing cogaidh. Bhí Buller ag feitheamh leo ar feadh coicighthis, agus bhí fhios againn nách raibh aon ghunnaí móra ag Ioubert do sheasóchadh 'na gcoinnibh. Bhíodar ag stealladh sleagán buile ar na Bórachaibh ó mhaidean go h-oidhche gan freagairt, mar bhí Buller cheithre mhíle uatha. Nách mór an iongnadh gur mhair éinneach fá'n gcioth úd!" "Ar marbhuigheadh na mílte acu?" ar mesi. "Ní dóich liom é," ar Seághan, "mar rinneadar claiseacha criadh agus gainimhe, agus d'fhanadar ann go dán. Ná bac an páipéar, mar is éitheach a furmhór, acht léig an sgríbhinn sin dom mar tá cnap am' sgórnaigh." Léigheas do gur dhruid Buller suas fá dhéin Cholenso agus gur rinne sé trí ronna dá arm, roinn díobh ar tí gabháil tarsna an átha dhá mhíle dia thíos de Cholenso agus roinn eile an inntinn chéadna ag an áth thuas. Dúisigh a Ioubert, tá sé ar uair a ceathair ar maidin, meastar go bhfuil Pól Kruger led' chois. Dúisigh a Phóil, tá Buller agus a shluaighte líonmhara ar tí thu mheilt. Labhair leó a sheanduine má tá gíog ionnat, beidh sgeana na
Sasanach id' bhrághaid láithreach. Bhris búithre gunna móir ar chiúineas na maidne, agus lúigh caor teinnteach thríd an aer, labhair dhá ghunna dhéag i n-éinfheacht mar fháilte do Bhuller, agus d'fhreagair seisean le toirn-chleas do dhúisigh gach duine i ngearracht fiche míle dhóibh. Sceinn deich mhíle Sasanach chum an átha thíos le fuin- neamh agus teine piléar ag brúchtadh ó arm gach fear acu. Nuair do thangadar i ngearracht sé chéad slat de phort na habhann thuit cioth iarainn agus luaidh ortha ó ghunnaí geárra na mBórach suídhte annsúd, agus deirtheas gur marbhuigheadh an chuid is mó de chipe calma ó Chonnacht do bhí ar tosach na Sasanach, agus do bhiadh an sluagh ar fad ar lár muna mbiadh gur tharraing Buller leis iad as an dteine. Bhí an t-ár céadna ar an áth shuas agus tháinig an ceannport Long chum fóirithinn ortha le trí cheap gunnaí móra. Níor éirigh leis, mhairbh na Bóraigh a chuid capall, rinne sé féin agus a bhuidhean gunnóirí iarracht air na gunnaibh do tharraing leo ar gcúl acht bhí piléir na mBórach chómh tiugh le cloichshneachta, thuit fir chómh tiugh agus thuiteas féar an mhóinfhéir roimh an speil, agus fá dheireadh fágadh na gunnaí móra ag na Bóraigh. Briseadh ar Bhuller abhus agus tall, rinne na Bóraigh bhuadhthacha árd-iarracht ar chliathán deas an Airm do chlaoidh ar fad acht d'fhuasgail an eachraidh iad so uatha agus tiomáineadh an tArm breágh úd Bhuller ar gcúl go brúite, brisde. Bhí muinighin mhór asda leis agus is beag an iongnadh go bhfuil sgannradh ar Sheághan bhocht. Bhris Cronghe ar Mhetuen leis an ag abhainn Modder. Bhí catha fuilteach acu ar feadh chúig n-uaire déag an chloig. Marbhuigheadh agus gonadh suas le míle Sasanach ann agus cheithre fichid oifigeach. Is clos dúinn go bhfuil na Bóraigh timcheall air de nós faolchoin agus íosfaid siad suas é féin agus a dhá mhíle dhéag fear muna gcuirthear congnamh chuige. Marbhuigheadh annsúd an dream Albanach, ba chródha ins an Arm, na Fairirí Dúbha do ghairmthear ortha. Mheas an ceannphort Gatacre éadódh ar na Bóraigh ag Stormberg. Bhí cheithre mhíle fear aige agus dubhairt sé féin go raibh dhá mhíle go leith de na Bórachaibh ann. Chuir na páipéir thall mar ba ghnáthach maol ar an sgéal agus dubhradar go raibh sé mhíle Bórach ann, agus bhiadh an t-uimhir ag dul i méid agus i n-at muna mbiadh gur tháinig tuairisg inchreidte chúgainn nách raibh ionnta acht ocht gcéad fear. Acht chuir Gatacre an butún ar féin. Bhíodar dhá mhíle dheág uaidh agus thug sé turus chúca ins an oidhche agus d'umhlaigh dhóibh ar ceathair a chlog ar maidin. Acht mó dhá léir ba mhaith an mhaise do na Bórachaibh é, phléasgadar Gatacre, deir sé gur throid sé leó ar feadh trí h-uaire, agus d'fhág sé ar láimh acu seacht gcéad fear agus trí gunna mór, agus mharbuigheadar agus ghoineadar dhá chéad eile. Tá trí mhíle Sasanach ar láimh ag Pól. Íosfaidh siad as tigh agus teallach an tUachdaran má bheidheas puínn eile acu aige i gcómhair na Nodlag. Is mairg na leigfidhe do na Bóraigh bhochta. Is gránna, bréan an ghnó é le haghaidh Oidhche Chinn Bhliadhna. Siúd oraibh a léightheóirí Gaedhealacha. Má chuireas fearg ar aon agaibh maithidh dhom é. Conán Maol
19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services