Cúrsaidhe an tSaoghail
Tar Lear
Ar maidin Dia Sathairn seo ghabh tharainn bhuaileas
amach chum mo ghnotha agus cia bhuailfeadh umam ag cúinne
na sráide acht mo dhuine muinteardha Seághan Buidhe.
"Ghia, Dia agus Muire dhuit," arsa mesi, "an tusa tá ann?"
"Dia agus Críost duit," ar Seághan, mar is Sasanach is
eadh é. D'fhéachas air, is ar éigin d'aithnigheas é, mar
níor bhuail sé liom le rátha, bhí sé breágh, beathaighthe an
uair sin agus méadal air go leathfá do chosa uirthe laistíos
de bhéal a sgéithín; acht indiu ní raibh sgreatal de'n
bholg air, acht fá mar do bhaidh a mhinid ceangailte de
chlár a dhroma. "Arú cad' tá ag gabháil duit?" ar
mesi. "Ní fheadar an tsaoghal," ar seisean, "ní
chodlaim go maith, ní dóich liom go bhfuilim ar fóghnamh,
tá teinneas cínn agus míogarnach orm. Níor chodlas uair
an chloig a réir, mar b'éigean dom preabadh as mo
leabaidh ar uair mhairbh na hoidhche toisg go raibh madra
mór ag straca na sgórnuighe asam." "Ó, taidhbhreadh
is docha do bhís," ar mesi. "B'fhéidir é, acht dá
bhfeicfeá an ullphiast mhadra úd! Bhí a earball chómh
reamhar agus chómh hárd le bile coille, craos air do shlug-
fadh fiche fear, stranaidhe fiacal aige chómh fada le
buailteán súiste, lapaidhe cos air chómh leathan le bróin
mhuilinn, ingne ortha agus clúmh ortha, agus dhá shúil bhuile aige
ar lasadh de nós béil tein-aoile. Chuir sé abhastar as
do chuir an codladh grífín am' bhallaibh agus do stolfadh sé
na háedha asam muna mbiadh gur ritheas uaidh." "Ní
fuláir gurab é Pól é," arsa mesi. Tháinig creatha
fuachda ar Sheághan. "Bhí fear mór, féasógach, ós cionn
sé troighthe, ar gríosadh an mhadra allta úd, agus rinne an
taoiseach Buller, dar liomh, iarracht ar mo chosaint air
acht rug an fear mór, féasógach ar Bhuller agus chaith sé
'sa n-aér é fá mar do chaithfá punnann árbhair." "Tá
truagh agam duit," arsa mesi. "Ceapaim go bhfuil,"
ar seisean, "gidh go mbitheá ag magadh fúm, ar uairibh."
"Tá na pluic reamhra úd do bhí ort súighte isteach id'
choránaibh, agus sgéan id' shúilibh; is minic adubhart leat
leigean de na Bórachaibh." "Is fíor sain," ar seisean,
"acht mheall na páipéir mé. Ba mhaith liom cosg do
chur leis an gcogadh agus ba mhaith leis na saighdiúiribh bochta
leis é acht tá eagla roimh na daoine orm - iad so ag
baile atá ag déanamh an ghleóigh acht ná fuil fonn ortha
féin chum troda." "Is amhlaidh é," ar mesi, "bíonn na
madraí gearra ag glamhuígheal acht tá a bhfiacla maol.
Chonnarc scata acu lá ag abhastraigh ar bheithir -
"Uch na hinnis dom aon sgéal ar bheithir, ní maith liom
a leithéid sin d'ainmhidhe agus cuireann na madraí gearra
i gcuimhne dhom na gunnaí gearra, acht fóiríor ní fhuil
a bhfiacla súd maol. Nach mór an sgrios do rinneadar
ar Mhetuen ag Maghersfontein, agus ar Ghatacre ag Storm-
berg, agus ar Bhuller ag Colenso. Trí chath i n-aon
tseachtmhain amháin agus an buadh le Pól!" "A ndeireann
tú liom gur buadhadh ar Bhuller?" Chrom Seághan ar
ghol. "Ní fios dom fós cá mhéid fear do chaill
Buller, acht deir sé gur chuir Ioubert an rith air agus go
mb'éigean dó dhá ghunna mór déag d'fhágaint 'na
dhiaidh ar pháirc an bhualadh; acht cogar i leith is dóich
liom go raibh dhá ghunna fichead ann. Caithfeam mórán
do cheilt ar na daoinibh. Tugadh na gunnaí móra úd
as loing cogaidh. Bhí Buller ag feitheamh leo ar feadh
coicighthis, agus bhí fhios againn nách raibh aon ghunnaí móra
ag Ioubert do sheasóchadh 'na gcoinnibh. Bhíodar ag
stealladh sleagán buile ar na Bórachaibh ó mhaidean go
h-oidhche gan freagairt, mar bhí Buller cheithre mhíle
uatha. Nách mór an iongnadh gur mhair éinneach fá'n
gcioth úd!" "Ar marbhuigheadh na mílte acu?" ar
mesi. "Ní dóich liom é," ar Seághan, "mar rinneadar
claiseacha criadh agus gainimhe, agus d'fhanadar ann go dán.
Ná bac an páipéar, mar is éitheach a furmhór, acht léig
an sgríbhinn sin dom mar tá cnap am' sgórnaigh."
Léigheas do gur dhruid Buller suas fá dhéin Cholenso agus
gur rinne sé trí ronna dá arm, roinn díobh ar tí gabháil
tarsna an átha dhá mhíle dia thíos de Cholenso agus roinn
eile an inntinn chéadna ag an áth thuas. Dúisigh a
Ioubert, tá sé ar uair a ceathair ar maidin, meastar
go bhfuil Pól Kruger led' chois. Dúisigh a Phóil, tá
Buller agus a shluaighte líonmhara ar tí thu mheilt. Labhair
leó a sheanduine má tá gíog ionnat, beidh sgeana na
Sasanach id' bhrághaid láithreach. Bhris búithre gunna
móir ar chiúineas na maidne, agus lúigh caor teinnteach
thríd an aer, labhair dhá ghunna dhéag i n-éinfheacht mar
fháilte do Bhuller, agus d'fhreagair seisean le toirn-chleas
do dhúisigh gach duine i ngearracht fiche míle dhóibh.
Sceinn deich mhíle Sasanach chum an átha thíos le fuin-
neamh agus teine piléar ag brúchtadh ó arm gach fear acu.
Nuair do thangadar i ngearracht sé chéad slat de phort
na habhann thuit cioth iarainn agus luaidh ortha ó ghunnaí
geárra na mBórach suídhte annsúd, agus deirtheas gur
marbhuigheadh an chuid is mó de chipe calma ó Chonnacht
do bhí ar tosach na Sasanach, agus do bhiadh an sluagh ar fad
ar lár muna mbiadh gur tharraing Buller leis iad as
an dteine. Bhí an t-ár céadna ar an áth shuas agus tháinig
an ceannport Long chum fóirithinn ortha le trí cheap
gunnaí móra. Níor éirigh leis, mhairbh na Bóraigh a
chuid capall, rinne sé féin agus a bhuidhean gunnóirí
iarracht air na gunnaibh do tharraing leo ar gcúl acht
bhí piléir na mBórach chómh tiugh le cloichshneachta, thuit
fir chómh tiugh agus thuiteas féar an mhóinfhéir roimh an
speil, agus fá dheireadh fágadh na gunnaí móra ag na
Bóraigh. Briseadh ar Bhuller abhus agus tall, rinne na
Bóraigh bhuadhthacha árd-iarracht ar chliathán deas an
Airm do chlaoidh ar fad acht d'fhuasgail an eachraidh
iad so uatha agus tiomáineadh an tArm breágh úd Bhuller
ar gcúl go brúite, brisde. Bhí muinighin mhór asda
leis agus is beag an iongnadh go bhfuil sgannradh ar Sheághan
bhocht. Bhris Cronghe ar Mhetuen leis an ag abhainn
Modder. Bhí catha fuilteach acu ar feadh chúig n-uaire
déag an chloig. Marbhuigheadh agus gonadh suas le míle
Sasanach ann agus cheithre fichid oifigeach. Is clos dúinn
go bhfuil na Bóraigh timcheall air de nós faolchoin agus
íosfaid siad suas é féin agus a dhá mhíle dhéag fear muna
gcuirthear congnamh chuige. Marbhuigheadh annsúd an
dream Albanach, ba chródha ins an Arm, na Fairirí
Dúbha do ghairmthear ortha. Mheas an ceannphort
Gatacre éadódh ar na Bóraigh ag Stormberg. Bhí
cheithre mhíle fear aige agus dubhairt sé féin go raibh dhá
mhíle go leith de na Bórachaibh ann. Chuir na páipéir
thall mar ba ghnáthach maol ar an sgéal agus dubhradar go
raibh sé mhíle Bórach ann, agus bhiadh an t-uimhir ag dul
i méid agus i n-at muna mbiadh gur tháinig tuairisg
inchreidte chúgainn nách raibh ionnta acht ocht gcéad
fear. Acht chuir Gatacre an butún ar féin. Bhíodar
dhá mhíle dheág uaidh agus thug sé turus chúca ins an oidhche
agus d'umhlaigh dhóibh ar ceathair a chlog ar maidin. Acht
mó dhá léir ba mhaith an mhaise do na Bórachaibh é,
phléasgadar Gatacre, deir sé gur throid sé leó ar
feadh trí h-uaire, agus d'fhág sé ar láimh acu seacht gcéad
fear agus trí gunna mór, agus mharbuigheadar agus ghoineadar
dhá chéad eile. Tá trí mhíle Sasanach ar láimh ag Pól.
Íosfaidh siad as tigh agus teallach an tUachdaran má
bheidheas puínn eile acu aige i gcómhair na Nodlag.
Is mairg na leigfidhe do na Bóraigh bhochta. Is gránna,
bréan an ghnó é le haghaidh Oidhche Chinn Bhliadhna. Siúd
oraibh a léightheóirí Gaedhealacha. Má chuireas fearg
ar aon agaibh maithidh dhom é.
Conán Maol