Historical Irish Corpus
1600 - 1926
Historical Dictionary of Irish
Search the corpus
Browse the Text Archive 1600-1926
Cúrsaidhe an tSaoghail - Tar Lear
Title
Cúrsaidhe an tSaoghail - Tar Lear
Author(s)
Conán Maol,
Pen Name
Conán Maol
Composition Date
1899
Publisher
An Claidheamh Soluis
Téacs
Comhad TEI
Gnáth-Théacs
Comhad ePub
Search Texts
Enter word/phrase
Search Type
Headword
Standardised
Exact match
Phrase
Word Type
All
Adjective
Noun
Preposition
Pronoun
Verb
Verbal Noun
Poetry/Prose
Both
Prose
Poetry
Set Dates
1600
1926
Cúrsaidhe an tSaoghail Tar Lear Cloisimíd go bhfuil cipe Rúisíneach ag Coulin ins an Afganistan tír atá air an thiar thuaidh de na hIndia- chaibh thoir. Fanaidís ann, adéarfair, tá slighe a ndóthain acu. Is fíor dhuit sin, acht tá an áit úd i ngearracht aisdear chúig lá de bhealach réidh ar theórainn na nIndiacha. Tá fhios ag an saoghal náchar mhaith le Seághan mar chomursain annsúd an Rúsach acht is dócha ná déarfaidh sé leis an Rúsach "cad do b'áil leat annsain?" toisg an achrainn seo aige indiu leis an mBórach. B'fhéidir ámh nach bhfuil pioc de'n fhírinne ins an sgéal. Fá mar dubhart go minic cheana ní chóir creideamhain do thabhairt do leath a chloisimíd. Tá an t-éitheach ar siubhal i dtaobh na mBórach chómh tréan agus do bhí. Is feárr é 'ná an fhírinne mar tugann sé meisneach do na daoinibh agus is feárr leo é leis. Féach an gunna gránna sain Tomás Fada do bhí ar feadh mí ag gabháil do phríomh-loingphort Sheághan thall annsúd. Bhíodh sé ar chnoc chúig mhíle ó bhaile agus d'fhosgladh sé a bhéal garbh- ghlórach le héirghe an lae gach maidean sul a mbíodh a n-aighthe nighte ag na saighdiúirí bochta. Briseadh 'na bhrúsgar é fiche uair lem' chuimhne acht le cumhachta míorbhúileacha cuireadh Pól le chéile é arís. Bhí sé ciúin ámh aon mhaidean amháin agus nuair d'fhéach an fear fhaire 'na threó bhí an gunna imthighthe. Tháinig an sgéala chúgainn go raibh sé briste anois nó riamh acht i n-ionad sain dhruid na Bóraigh é chum cnocáin eile agus tá sé i ngearracht dhá mhíle go leith de'n longphort ag liúghraigh níos tréine 'ná riamh. Tá beirt dearbhráthar aige anois. Níor shíleas gur fear magaidh Pól acht deir na páipéir go dáríribh gur bhaist sé féin an dá ghunna eile seo. Guthuigheacht (voting powers) agus Buanacht (suzerainty) do ghlaoidh sé ortha, agus deirthear gur míchuíbheasach, droch- mhúinte na cómhursain an triúir úd. Mharbhamar Ioubert leis dó nó trí d'uairibh ó shoin, thug fear tuairisg dúinn go bhfeacaidh sé sgolb sleagáin dá bhualadh 'sa cheann agus dubhairt fear eile go raibh sé 'na shochraid. Do chreidfeadh éinneach a leithéid sin de chúntus soiléir agus chrom na páipéir i Lúnduin ar mholadh ar fhir mhairbh, a chródhacht, a cháiligheacht, agus a uaisleacht agus níor leigeadar ortha go raibh áthas a bháis ortha. Rug na Bóraigh ar fhear tighe ins an Natál go raibh amhras air acu, acht leigeadar ar n-ais é i gcionn seachtmhaine. Fiafruigheadh de an raibh Ioubert marbh. "Marbh i n-eadh!" ars an fear, "tá baoghal mór air, tá sé thuas ag Colenso go leathan láidir ag feitheamh libh." Bhí an fhírinne ag an bhfear mar bhí Ioubert ar feadh coicthighis ag cosgairt agus ag creachadh Natál agus d'fhill sé ar a chois fá dhéin Cholenso. Shuidh sé tamall cois Estcourt agus bhris ceannphort an daingin sin amach air ins an oidhche. Níor éirigh leis mar chaill sé deich bhfeara agus cheithre fichid, agus bhí a chuaird i n-aisdear. Tá an taoiseach Buller ag faire air anois agus dá fhichead míle fear aige. Tá an abha Tugéla idir an bheirt. Ní bhfuil ag Ioubert acht chúig mhíle dhéag fear agus beidh an bhruighean is mó eatortha do bhí riamh ins an Aifric. Má bheidheas an buadh le Buller beidh an Fuíteach fuasgailte. Tá imnidhe agus eagla ar Sheághan agus is beag an iongnadh é mar bhí sé go péacógach go dtí so. Tá iongnadh ar an tsaoghal go bhfuil lan doirn d'fheirmeóirí ag cur an reatha nó an teicheadh air. Dá mhéid é fuadar an cheannphoirt Metuen níor thug sé fóirithin fós ar Chimberlí. Do fearadh trí chath idir é féin agus na Bóraigh agus do réir a áireamh féin chaill sé míle fear. Fuair an fear bocht piléar ins an taobh thíar shuas de'n cheathramhan 'sa chath déidheanach ag an abhainn Modder. Bhí chúig chéad ar lár aige annsúd agus d'fhán sé ann ó'n ochtmhadh lá fichead de Shamhain ag tógaint a sgíth agus 'gá chneasúghadh féin. Do bh'í siúd an bhruighean ba ghéire bhí aige fós mar bhuail Cronghe leis agus bhíodar ag gabhail dá chéile ó mhaidean go h-oidhche gan biadh gan deoch gur choisg an doircheacht iad. Ní fios dúinn cá mhéid fear do bhí le Cronghe acht meas- tar nách raibh aige acht cheithre mhíle gidh go ndeir Metuen go rabhadar naoi míle. Ní raibh acu do réir a tuairisge féin acht sé gunna mór agus bhí dhá gunna fichead aige-sean. Dhruid na Bóraigh leo ins an oidhche go chnócán eile agus táid suidhte annsud agus ullamh do arís. Sin mar do ghnídh siad. Sin é a nós cogaidh. Rinne- adar an rud céadna dhá lá roimis sin ag Graspans. Thainig Metuen ortha agus ocht míle fear aige, do réir a chúntuis féin bhí trí mhíle go leith ionnta, acht deir siad
féin nách raibh acu acht cheithre chéad déag fear agus dhá ghunna mór. Mar sin féin do thugadar cath fuilteach dó ar feadh sé huaire an chloig agus annsain dar leis d'ealuigheadar leo. Steall sé sleagáinn bhuile ar an gcnocán úd ar feadh uaire eile i gcás dá mbiadh an Bhórach na luighe ann go gcuirfidhe an rith air. "Táid siad sgaipighthe," ar Metuen, "ar aghaidh libh mo laoch- radh!" agus seo chum siubhail na saighdiúirí calma le liúgh. Do shroiseadar bun an chnocán, nuair do sgread na piléir ortha le h-aon bhúithre amháin fá mar d'fhosglóchadh an talamh - dubhairt tuarasgóir páipéir go rabhadar chómh tiugh le cioth gainimhe - agus do thuit trí chéad Sasanach ar an láthair sin idir oifigeach agus saighdiúir. Rith an chuid eile míle ar gcúl acht chasadar arís ar an gcnocán go dán ag snámhadh ar scáth túrtóga. Thuga- dar fogha eile fá'n gcnocán agus phreabadar tar mullach acht ní raibh na Bóraigh ann, bhíodar ag druidim ar gcúl go cóirighth, ceartuighthe. Madraí fola is eadh na Bóraigh seo agus go mór mhór nuair do bhíd ag druidim ar gcúl. Thug cor capall fogha fútha annsúd agus sgaoileadh piléir ortha chómh dian sin gur chuir na capaill sranna asta agus sceinneadar ar gcúl go tapaidh. Chuir Metuen sé chéad marcach ar chros bhóthair dhá mhíle laistiar de na Bóraigh i gcás tuisleadh do bhaint asta nuair do bheidís ag dul ar gcúl. Ní fhuil fhios againn ar fhill an cath capall úd mar níor thug seisean cuntus cruinn uaidh ortha. Beidh sé féin agus Cronghe ar ceasaibh a chéile arís agus is iomdha fear bréagh do bheidh ar lár agus croidhe buaidheartha agus súil dheórach i ndiaidh an chatha. Conán Maol
19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services