Historical Irish Corpus
1600 - 1926

Cúrsaidhe an tSaoghail - Tar Lear

Title
Cúrsaidhe an tSaoghail - Tar Lear
Author(s)
Conán Maol,
Pen Name
Conán Maol
Composition Date
1899
Publisher
An Claidheamh Soluis

Search Texts

Poetry/Prose
1600 1926


Cúrsaidhe an tSaoghail



Tar Lear



Cloisimíd go bhfuil cipe Rúisíneach ag Coulin ins an
Afganistan tír atá air an thiar thuaidh de na hIndia-
chaibh thoir. Fanaidís ann, adéarfair, tá slighe a ndóthain
acu. Is fíor dhuit sin, acht tá an áit úd i ngearracht
aisdear chúig lá de bhealach réidh ar theórainn na nIndiacha.
Tá fhios ag an saoghal náchar mhaith le Seághan mar
chomursain annsúd an Rúsach acht is dócha ná déarfaidh
sé leis an Rúsach "cad do b'áil leat annsain?"
toisg an achrainn seo aige indiu leis an mBórach.
B'fhéidir ámh nach bhfuil pioc de'n fhírinne ins an sgéal.
Fá mar dubhart go minic cheana ní chóir creideamhain
do thabhairt do leath a chloisimíd. Tá an t-éitheach ar
siubhal i dtaobh na mBórach chómh tréan agus do bhí. Is
feárr é 'ná an fhírinne mar tugann sé meisneach do
na daoinibh agus is feárr leo é leis. Féach an gunna
gránna sain Tomás Fada do bhí ar feadh mí ag gabháil
do phríomh-loingphort Sheághan thall annsúd. Bhíodh sé
ar chnoc chúig mhíle ó bhaile agus d'fhosgladh sé a bhéal garbh-
ghlórach le héirghe an lae gach maidean sul a mbíodh a
n-aighthe nighte ag na saighdiúirí bochta. Briseadh 'na
bhrúsgar é fiche uair lem' chuimhne acht le cumhachta
míorbhúileacha cuireadh Pól le chéile é arís. Bhí sé
ciúin ámh aon mhaidean amháin agus nuair d'fhéach an fear
fhaire 'na threó bhí an gunna imthighthe. Tháinig an sgéala
chúgainn go raibh sé briste anois nó riamh acht i n-ionad
sain dhruid na Bóraigh é chum cnocáin eile agus tá sé i
ngearracht dhá mhíle go leith de'n longphort ag liúghraigh
níos tréine 'ná riamh. Tá beirt dearbhráthar aige anois.
Níor shíleas gur fear magaidh Pól acht deir na páipéir
go dáríribh gur bhaist sé féin an dá ghunna eile seo.
Guthuigheacht (voting powers) agus Buanacht (suzerainty)
do ghlaoidh sé ortha, agus deirthear gur míchuíbheasach, droch-
mhúinte na cómhursain an triúir úd. Mharbhamar
Ioubert leis dó nó trí d'uairibh ó shoin, thug fear
tuairisg dúinn go bhfeacaidh sé sgolb sleagáin dá
bhualadh 'sa cheann agus dubhairt fear eile go raibh sé 'na
shochraid. Do chreidfeadh éinneach a leithéid sin de
chúntus soiléir agus chrom na páipéir i Lúnduin ar mholadh
ar fhir mhairbh, a chródhacht, a cháiligheacht, agus a uaisleacht
agus níor leigeadar ortha go raibh áthas a bháis ortha. Rug
na Bóraigh ar fhear tighe ins an Natál go raibh amhras
air acu, acht leigeadar ar n-ais é i gcionn seachtmhaine.
Fiafruigheadh de an raibh Ioubert marbh. "Marbh i
n-eadh!" ars an fear, "tá baoghal mór air, tá sé thuas
ag Colenso go leathan láidir ag feitheamh libh." Bhí an
fhírinne ag an bhfear mar bhí Ioubert ar feadh coicthighis
ag cosgairt agus ag creachadh Natál agus d'fhill sé ar a chois
fá dhéin Cholenso. Shuidh sé tamall cois Estcourt agus
bhris ceannphort an daingin sin amach air ins an oidhche.
Níor éirigh leis mar chaill sé deich bhfeara agus cheithre fichid,
agus bhí a chuaird i n-aisdear. Tá an taoiseach Buller ag
faire air anois agus dá fhichead míle fear aige. Tá an
abha Tugéla idir an bheirt. Ní bhfuil ag Ioubert acht
chúig mhíle dhéag fear agus beidh an bhruighean is mó eatortha
do bhí riamh ins an Aifric. Má bheidheas an buadh le
Buller beidh an Fuíteach fuasgailte. Tá imnidhe agus
eagla ar Sheághan agus is beag an iongnadh é mar bhí sé go
péacógach go dtí so. Tá iongnadh ar an tsaoghal go
bhfuil lan doirn d'fheirmeóirí ag cur an reatha nó an
teicheadh air. Dá mhéid é fuadar an cheannphoirt
Metuen níor thug sé fóirithin fós ar Chimberlí. Do
fearadh trí chath idir é féin agus na Bóraigh agus do réir a
áireamh féin chaill sé míle fear. Fuair an fear bocht
piléar ins an taobh thíar shuas de'n cheathramhan 'sa chath
déidheanach ag an abhainn Modder. Bhí chúig chéad ar
lár aige annsúd agus d'fhán sé ann ó'n ochtmhadh lá fichead
de Shamhain ag tógaint a sgíth agus 'gá chneasúghadh féin.
Do bh'í siúd an bhruighean ba ghéire bhí aige fós mar bhuail
Cronghe leis agus bhíodar ag gabhail dá chéile ó mhaidean go
h-oidhche gan biadh gan deoch gur choisg an doircheacht iad.
Ní fios dúinn cá mhéid fear do bhí le Cronghe acht meas-
tar nách raibh aige acht cheithre mhíle gidh go ndeir
Metuen go rabhadar naoi míle. Ní raibh acu do réir a
tuairisge féin acht sé gunna mór agus bhí dhá gunna fichead
aige-sean. Dhruid na Bóraigh leo ins an oidhche go
chnócán eile agus táid suidhte annsud agus ullamh do arís.
Sin mar do ghnídh siad. Sin é a nós cogaidh. Rinne-
adar an rud céadna dhá lá roimis sin ag Graspans.
Thainig Metuen ortha agus ocht míle fear aige, do réir a
chúntuis féin bhí trí mhíle go leith ionnta, acht deir siad


L. 626


féin nách raibh acu acht cheithre chéad déag fear agus dhá
ghunna mór. Mar sin féin do thugadar cath fuilteach dó
ar feadh sé huaire an chloig agus annsain dar leis
d'ealuigheadar leo. Steall sé sleagáinn bhuile ar an
gcnocán úd ar feadh uaire eile i gcás dá mbiadh an
Bhórach na luighe ann go gcuirfidhe an rith air. "Táid
siad sgaipighthe," ar Metuen, "ar aghaidh libh mo laoch-
radh!" agus seo chum siubhail na saighdiúirí calma le liúgh.
Do shroiseadar bun an chnocán, nuair do sgread na
piléir ortha le h-aon bhúithre amháin fá mar d'fhosglóchadh
an talamh - dubhairt tuarasgóir páipéir go rabhadar
chómh tiugh le cioth gainimhe - agus do thuit trí chéad Sasanach
ar an láthair sin idir oifigeach agus saighdiúir. Rith an
chuid eile míle ar gcúl acht chasadar arís ar an
gcnocán go dán ag snámhadh ar scáth túrtóga. Thuga-
dar fogha eile fá'n gcnocán agus phreabadar tar mullach
acht ní raibh na Bóraigh ann, bhíodar ag druidim ar gcúl
go cóirighth, ceartuighthe. Madraí fola is eadh na
Bóraigh seo agus go mór mhór nuair do bhíd ag druidim ar
gcúl. Thug cor capall fogha fútha annsúd agus sgaoileadh
piléir ortha chómh dian sin gur chuir na capaill sranna
asta agus sceinneadar ar gcúl go tapaidh. Chuir Metuen
sé chéad marcach ar chros bhóthair dhá mhíle laistiar de
na Bóraigh i gcás tuisleadh do bhaint asta nuair do
bheidís ag dul ar gcúl. Ní fhuil fhios againn ar fhill
an cath capall úd mar níor thug seisean cuntus cruinn
uaidh ortha. Beidh sé féin agus Cronghe ar ceasaibh a chéile
arís agus is iomdha fear bréagh do bheidh ar lár agus croidhe
buaidheartha agus súil dheórach i ndiaidh an chatha.



Conán Maol

19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Royal Irish Academy
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services